Lá Náisiúnta Gan Tobac: Molann na hAirí Sláinte líon na ndaoine a roghnaíonn éirí as
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Hildegarde Naughton ag comóradh Lá Náisiúnta Gan Tobac (Céadaoin an Luaithrigh, 14 Feabhra 2024) trí iarrachtaí os cionn 19,000 duine a mholadh as dul i dteagmháil le Clár Quit Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) anuraidh.
Tagann sé sna sála ar infheistíocht shuntasach tríd an gClár Sláintecare Healthy Communities agus tríd an gClár Feabhsaithe um Ghalair Ainsealacha Cúraim Phobail , rud a chuir go mór leis an bhfáil atá ar sheirbhísí le héirí as caitheamh tobac ar fud na bpobal in Éirinn.
Tá cógais cosúil le Teiripe Athsholáthair Nicitín (NRT) ar fáil saor in aisce anois agus tá cruthúnas ann go gcabhraíonn siad go mór le daoine atá ag iarraidh éirí as ó foilsíodh na Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta um Éirí as Caitheamh Tobac in 2022 , agus méadú beagnach 10% tagtha ar úsáid táirgí NRT taobh istigh de cheithre bliana.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cothaíonn táirgí tobac andúil an-chumhachtach. Faraor, faigheann beagnach 100 duine bás gach seachtain in Éirinn agus cuirtear 1,000 duine san ospidéal mar gheall ar an dochar inchoiscthe a dhéanann caitheamh tobac, agus caithfidh sé sin athrú. Is é an dea-scéal ná go bhfuil líon na ndaoine atá ag lorg tacaíochta chun stop a chur le caitheamh tobac ag an líon is airde riamh i stair na seirbhíse sláinte.
“Léiríonn sé seo fíor-mhian ó dhaoine éirí as an nós go buan. Bíonn misneach agus tiomantas ag teastáil chun stop a chur le caitheamh tobac agus déanaim comhghairdeas le gach duine a chaitheann tobac a thugann aghaidh ar an gcéad chéim eile i dtreo saoil níos sláintiúla."
Dúirt an tAire Naughton:
"Tá dul chun cinn mór déanta agus an céatadán den daonra a chaitheann tobac ag titim ó 23% in 2015 go dtí 18% in 2022.
“I mbliana táthar ag súil go rachaidh thart ar 22,000 duine i dteagmháil le Seirbhísí um Éirí as Caitheamh Tobac de Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus beidh idirghabháil agus tacaíochtaí leighis ag teastáil ón gceathrú cuid acu sin. Bhí áthas orm €1.82m a fháil chun cabhrú le daoine éirí as an nós i mbliana.
“Táimid dóchasach go leanfaidh an treocht de laghduithe ar aghaidh, i dtreo sochaí saor ó thobac le cabhair ó chógais cosúil le Teiripe Athsholáthair Nicitín (NRT) atá ar fáil saor in aisce anois. Mholfainn d'aon duine a chaitheann tobac teagmháil a dhéanamh le Clár Quit FSS agus éirí as caitheamh tobac le haghaidh saoil níos sona agus níos sláintiúla."
Aithníonn an Clár Quit FSS gur andúil í caitheamh tobac, agus soláthraíonn sé cóireálacha agus tacaíochtaí atá molta go cliniciúil chun an deis is fearr a thabhairt do dhaoine éirí as an nós go buan.
Tá seirbhísí Quit FSS saor in aisce agus ar fáil ó cheann ceann na bliana. Soláthraíonn an tseirbhís Quit pleananna pearsantaithe, fianaise-bhunaithe, atá curtha in oiriúint do riachtanais gach duine, ag baint úsáide as meascán de na roghanna tacaíochta:
1. Ná dean i d’aonar é. Tá FSS Quit ann chun cabhrú leat an chéim seo a ghlacadh le cabhair shimplí, phraiticiúil agus éifeachtach, rud a thugann seans maith duit éirí as go deo. Cuirfidh an fhoireann tacaíocht agus spreagadh neamhbhreithiúnach ar fáil.
2. Dírigh ar an sprioc fanacht saor ó thobac ar feadh lá amháin ag an am go dtí 28 lá. Chomh luath agus a bhaineann daoine an sprioc sin amach, tá a cúig oiread níos mó seans ann éirí as caitheamh tobac go deo
3. Bain úsáid as leigheas chun stop a cur le caitheamh tobac, cosúil le NRT. Is bealach sábháilte agus éifeachtach é seo chun dul tríd an gcéad 28 lá agus chun dul i ngleic le dúil mhallaithe.
Urlabhraí Quit ar fáil ar iarratas:
Chun NRT a fháil saor in aisce, déan teagmháil le:
Tá roinnt cásanna ann nuair nach bhféadfadh sé a bheith go maith NRT a úsáid. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
Tuilleadh eolais: