Ráiteas ón Aire Ryan faoi spriocanna nua AE um laghdú astaíochtaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D., roimh ghealltanas Uachtarán Choimisiún an AE an sprioc astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú ar fud an AE a ardú go 55% ar a laghad faoi 2030. Fáiltíonn an Rialtas roimh an mborradh agus roimh an bhfócas méadaithe ag leibhéal an AE maidir le gníomhú aeráide, lena n-áirítear an fhís atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas, a foilsíodh i mí na Nollag 2019, bheith neodrach ó thaobh astaíochtaí de gháis cheaptha teasa ag leibhéal an AE faoi 2050.
Tá gealltanas Rialtais leagtha amach sa Chlár Rialtais astaíochtaí de gháis cheaptha teasa a laghdú 7% in aghaidh na bliana ar an meán idir 2021 agus 2030 (is é sin laghdú 51% san iomlán sa tréimhse deich mbliana) agus a bheith neodrach ó thaobh astaíochtaí de faoi 2050. Tá dréachtú an Bhille um Ghníomhú Aeráide (Leasú) ina thosaíocht. Tá an obair dréachtaithe idir lámha faoi láthair agus táthar ag súil go bhfoilseofar go luath é. Neartóidh an Bille an creat reachtaíochta maidir le rialú an dúshláin aeráide in Éirinn go suntasach. Chomh maith leis sin, bunófar sprioc 2050 sa dlí agus cuirfear ceangal dlíthiúil ar an Rialtas sraith de thrí bhuiséad carbóin a ghlacadh i ngach gné den gheilleagar. Beidh ceangal dlí orthu freisin réimsí dícharbónaithe a ghlacadh maidir le gach earnáil chuí. Trína bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis an AE, is féidir linn an t-athrú radacach a theastaíonn ar fud an gheilleagair agus na sochaí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann leis an athrú ar an aeráid.
CRÍOCH