CUIREANN AN T-AIRE O’BRIEN FÁILTE ROIMH FHOILSIÚ TUARAISCE AR BHOCHTAINEACHT BIA - CLÁIR, SCÉIMEANNA AGUS TACAÍOCHTAÍ RIALTAIS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Stáit le freagracht as cuimsiú sóisialta sa Roinn Coimirce Sóisialaí Joe O’Brien, T.D., & Cathaoirleach an Ghrúpa Oibre um Bhochtaineacht Bia inniu (Dé Luain 18 Iúil) fáilte roimh fhoilsiú tuaraisce ar chláir, scéimeanna agus tacaíochtaí rialtais a thugann aghaidh ar bhochtaineacht bia in Éirinn.
Is é an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020 – 2025, a foilsíodh i mí Eanáir 2020, an straitéis náisiúnta um laghdú na bochtaineachta agus cuimsiú sóisialta feabhsaithe. Tá sé mar aidhm ag an Treochlár an céatadán den daonra atá i mbochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú faoi 2025 agus an t-eisiamh sóisialta in Éirinn a laghdú go suntasach.
Bhunaigh an tAire O’Brien, T.D., an Meitheal um Bhochtaineacht Bia anuraidh chun dul chun cinn a dhéanamh ar ghealltanas faoin Treochlár chun ‘’Clár cuimsitheach oibre a fhorbairt chun tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar na cúiseanna a bhíonn taobh thair de bhochtaineacht bia agus chun gníomhartha len-é a mhaolú a aithint’’.
Cuimsíonn an grúpa oibre oifigigh ó raon de ranna rialtais mar aon le hionadaithe ó Chumann Naomh Uinseann de Pól, Crosscare agus an Children’s Rights Alliance.
Ag labhairt faoin bhfoilseachán, dúirt an tAire O’Brien:
“Tá an tuaraisc seo mar thoradh ar chleachtadh mapála a rinne an Grúpa Oibre um Bhochtaineacht Bia. Mar Aire Stáit le freagracht as cuimsiú sóisialta sa Roinn Coimirce Sóisialaí, tá suim láidir agam aghaidh a thabhairt ar gach cineál bochtaineachta agus tuigim go géar go bhfuil go leor teaghlach ag streachailt faoi láthair i bhfianaise an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála. Tá an bhochtaineacht iltoiseach agus ní mór aghaidh a thabhairt uirthi ar roinnt bealaí. Is ceist chasta í bochtaineacht bia, go háirithe, ach ní mór dúinn dul i ngleic léi agus is é sin an fáth ar bhunaigh mé an Grúpa Oibre.’’
“Is léir go mbaineann an cheist seo le roinnt Ranna atá ag gabháil do chláir, scéimeanna agus tacaíochtaí a bhfuil baint acu, go díreach nó go hindíreach, le ceist na bochtaineachta bia.’’
“Léiríonn an tuairisc seo an réimse oibre atá ar bun ag Ranna, gníomhaireachtaí, scoileanna, agus an earnáil phobail agus dheonach, iad ar fad maoinithe ag an Rialtas in 2021 - gach rud - ó oideachas ar bhia sláintiúil, go Béilí Te Scoile, go Béilí ar Rothaí.
“Deimhníonn an tuairisc anois go bhfuil ról ag Ranna éagsúla rialtais maidir le dul i ngleic le bochtaineacht bia. Roimh Bhuiséad 2023 beidh mé i dteagmháil leis na hAirí ábhartha ag iarraidh orthu a gcuid ról a fhorbairt tuilleadh maidir le dul i ngleic le bochtaineacht bia.”
Is toradh í an tuairisc seo ar chleachtadh mapála ardleibhéil a rinne an Grúpa Oibre um Bhochtaineacht Bhia atá ceaptha chun fairsinge na gclár, na scéimeanna agus na dtacaíochtaí atá i bhfeidhm ar fud an Rialtais chun dul i ngleic le bochtaineacht bia a léiriú. Tá dhá chatagóir sna scéimeanna: iad siúd atá dírithe go díreach ar dhul i ngleic le bochtaineacht bia agus iad siúd ina dtugtar aghaidh ar bhochtaineacht bia mar chuid de thacaíochtaí níos leithne.
Ba é an caiteachas in 2021 ar scéimeanna a thug aghaidh go díreach ar bhochtaineacht bia ná €89,001,076
Ba é an caiteachas in 2021 ar scéimeanna níos leithne a chuimsíonn gné na bochtaineachta bia ná €399,232,000
Níl aon táscaire oifigiúil bochtaineachta bia in Éirinn. In 2012, áfach, d’fhorbair an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) beart a shainigh bochtaineacht bia mar an neamhábaltacht chun aiste bia leordhóthanach agus cothaitheach a bheith agat de bharr fadhbanna inacmhainneachta nó inrochtaineachta. Tá an beart seo deartha ag baint úsáide as sonraí a bailíodh mar chuid den Suirbhé bliantúil ar Ioncam agus Cúinsí Maireachtála (SILC). Don bhliain 2020, ba é an méid sampla a baineadh amach do SILC ná 4,243 teaghlach agus 10,683 duine aonair.
Ag baint úsáide as an gcur chuige seo, déantar bochtaineacht bia a thomhas de réir an chéatadáin daoine aonair a bhfuil taithí acu ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
1. Ní féidir béile le feoil nó a choibhéis veigeatórach a fháil gach dara lá. Tugann an táscaire seo le tuiscint díothacht mhór bia, agus tá sé ar cheann de na 11 mhír díothachta a úsáidtear don bheart bochtaineachta comhsheasmhach.
2. Ní féidir dinnéar rósta seachtainiúil (nó a choibhéis veigeatórach) a fháil. Tagraíonn an táscaire seo d'inacmhainneacht bia, agus ina theannta sin, inacmhainneacht noirm chultúrtha. Cé go bhfuil cuma as dáta ar an tagairt do rósta seachtainiúil, tagraíonn an táscaire dóibh siúd nach bhfuil an acmhainn acu é seo a dhéanamh. Tá an mhír seo ar cheann de na 11 mhír díothachta a úsáidtear don bheart comhsheasmhach bochtaineachta.
3. Béile substaintiúil amháin ar iarraidh le coicís anuas mar gheall ar easpa airgid. Tagraíonn an mhír seo, a thagraíonn d’inacmhainneacht bia, ach ní do cháilíocht ná do leordhóthanacht an bhia, do mhórdhíothacht bia. Níl an mhír seo ar cheann de na 11 mhír díothachta a úsáidtear don bheart comhsheasmhach bochtaineachta. Ina theannta sin, fiafraítear de na freagróirí go léir atá os cionn 16 bliana d’aois agus iarrtar na míreanna díothachta eile ag leibhéal an teaghlaigh.
Leagtar na figiúirí is déanaí, bunaithe ar an mbeart seo, amach thíos:
Céatadán den daonra atá thíos le bochtaineacht bia:
Ráta bochtaineachta bia | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | 2021 |
(%) | 13.1 | 12.2 | 9.8 | 8.7 | 7.0 | 7.4 | 12.0 | 8.9 |