Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 16 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 18 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 17 de na básanna seo i Márta agus 1 bhás i bhFeabhra.
Ba é 78 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 55 agus 102 bliain.
Tá 4,552 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Luain, an 15 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 349 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 227,663* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 355 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 88 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 36 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 13 Márta, tugadh 615,934 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Contae | Cásanna an lae inniu** (go dtí meán oíche an 15Már2021) | Meán Gluaisteach 5 Lá na gCásanna Nua | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 15Már2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an 15Már2021) | |
Éire | 349 | 499 | 148.1 | 7,052 | |
Uíbh Fhailí | <5 | 21 | 347.6271 | ||
An Longfort | <5 | 5 | 345 | 141 | |
Cill Dara | 14 | 45 | 227 | 505 | |
Baile Átha Cliath | 156 | 202 | 223.3 | 3,008 | |
An Mhí | 23 | 31 | 215.3 | 420 | |
Lú | 15 | 13 | 155.2 | 200 | |
Dún na nGall | 19 | 21 | 152 | 242 | |
An Iarmhí | 11 | 11 | 147.6 | 131 | |
Luimneach | 5 | 13 | 133.4 | 260 | |
Ceatharlach | <5 | 7 | 130 | 74 | |
Tiobraid Árann | 7 | 15 | 117.2 | 187 | |
Gaillimh | 14 | 27 | 113.2 | 292 | |
Ros Comáin | <5 | 7 | 105.4 | 68 | |
Port Láirge | 8 | 9 | 103.3 | 120 | |
Maigh Eo | <5 | 7 | 102.7 | 134 | |
Cill Mhantáin | 14 | 10 | 99.7 | 142 | |
Loch Garman | 11 | 12 | 86.8 | 130 | |
Laois | <5 | 3 | 86.2 | 73 | |
Muineachán | <5 | 3 | 83.1 | 51 | |
Sligeach | <5 | 3 | 80.9 | 53 | |
An Clár | <5 | 5 | 69.9 | 83 | |
An Cabhán | 7 | 3 | 67 | 51 | |
Ciarraí | 5 | 5 | 53.5 | 79 | |
Corcaigh | 14 | 19 | 51.8 | 281 | |
Cill Chainnigh | <5 | 2 | 45.3 | 45 | |
Liatroim | <5 | 1 | 34.3 | 11 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.