Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí- 27 Feabhra 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi chás dóchúil COVID-19 (Coróinvíreas) i dTuaisceart Éireann.
Tá an t-othar lena mbaineann á c(h)oimeád ar leithlis i dTuaisceart Éireann agus tá sé/sí ag fáil cóireála.
Chuir údaráis Sláinte Poiblí prótacail um rianú teagmhála i ngníomh.
Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte:
“Ós rud é go mbíonn an staid ag athrú, bhíothas ag súil leis an gcéad chás seo de ghalar COVID-19. Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag ullmhú dó ó mhí Eanáir amach.”
“Ba cheart don phobal i gcoitinne cloí go fóill leis na prótacail sláinte poiblí ar eisigh an Roinn Sláinte iad.”
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dea-ullmhaithe agus tá sí ag féachaint anois le fógra a thabhairt d’aon daoine a raibh an t-othar i dteagmháil leo ar mhaithe le tarchur a chosc.”
.>“Leatar COVID-19 trí dhlúth-theagmháil leis na sreabháin choirp ó dhuine ionfhabhtaithe (e.g. braonáin ó chasacht nó sraoth a dhéanamh) nó trí dhromchlaí a ndearna duine ionfhabhtaithe casacht nó sraoth orthu a thadhall.
“Is é atá i gceist le dlúth-theagmháil ná teagmháil aghaidh ar aghaidh le duine ionfhabhtaithe nó níos mó ná 15 nóiméad a chaitheamh laistigh de dhá mhéadar ó dhuine ionfhabhtaithe. Tá ísealriosca ann go dtarchuirfear an víreas trí theagmháil fhánach.”
Tá prótacail Sláinte Poiblí i bhfeidhm ó mhí Eanáir amach. Tá na prótacail sin ag oibriú go héifeachtach agus tá siad cosúil leis na cinn a úsáideadh chun freagairt do theagmhais roimhe seo amhail fliú paindéimeach, géarshiondróm trom riospráide (SARS) agus siondróm riospráide an Mheánoirthir (MERS).
Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun a sláinte féin a chosaint.
Aon duine a bhfuil imní air/uirthi go bhfuil siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú ó dhaoine eile agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach.
CRÍOCH
Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) le brath. Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
Is féidir le COVID-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar COVID-19 (Coróinvíreas):
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe: