Luann an tAire Donohoe gur aisíocadh iasacht dhéthaobhach na Riochta Aontaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta tar éis íocaíocht deiridh an iasachta dhéthaobhach ar fhuair í Éire ón RA a íoc inniu (26.3.2021)
Mar chuid den gclár cúnaimh airgeadais de chuid an AE/CAI, fuair Éire £3.23 billiún ar iasacht faoi chomhaontú iasachta déthaobhach a rinneadh. Eisíocadh an iasacht in ocht n-aisíocaíochtaí cothroma de £403 mhilliún idir Deireadh Fómhair 2011 agus Meán Fómhair 2013. Bhí gach íocaíocht inaisíoctha seacht mbliana go leith i ndiaidh an iasacht a fháil agus aisíocadh an íocaíocht deiridh inniu.
Agus é ag caint faoi aisíocaíocht an iasachta, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal lDonohoe T.D.:
"Fáiltím gur aisíocadh iasacht dhéthaobhach na Riochta Aontaithe inniu. Léiríonn an aisíocaíocht seo go bhfuil céim eile críochnaithe againn ó d'fhágamar clár cúnaimh airgeadais de chuid an AE-CAI i Nollaig 2013.
Aisíocadh go hiomlán ceithre as sé iasachtóirí a bhí i gceist. Rinne Éire aisíocaíochtaí luatha de thart ar €18 billiún don CAI idir an tréimhse Nollaig 2014 agus Márta 2015. Aisíocadh fuílleach an iasachta CAI de thart ar €4.5 billiún go luath, i Nollaig 2017. Thairis sin, rinne Éire aisíocaíochtaí luatha d'iasachtaí a fuarthas ón tSualainn (€0.6 billiún) agus ón Danmhairg (€0.4 billiún) i Nollaig 2017.
Níor iarr Éire go n-aisíocfaí iasacht dhéthaobhach an RA go luath. De bharr gurbh iasacht ráta úis seasta í, bhí costais ag baint lena haisíoc go luath, mar sin níor leas an gheilleagair Éireannaigh é sin a dhéanamh.
Is é an t-iarmhéid neamhaisíoctha do chlár maoiniúcháin na hÉireann €18.4 billiún agus €22.5 billiún faoi seach. Tá dhá fhoinse maoinithe i gceist- an EFSF agus an EFSM.