Preasráitis
Cead chun Barra na Sinsear bronnta ag an Rialtas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá deonú Paitinní Tosaíochta agus an teideal Abhcóide Sinsearach ceadaithe ag an rialtas maidir leis na habhcóidí agus na haturnaetha seo a leanas.
Deonaíonn an Rialtas Paitinní Tosaíochta faoi théarmaí an Achta um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015, ar chomhairle an Choiste Chomhairligh maidir le deonú Paitinní Tosaíochta. Tá an Coiste Comhairleach comhdhéanta den Phríomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, An tArd-Aighne, Cathaoirleach na Comhairle Barra, Uachtarán an Dlí-Chumainn agus ball tuata an Údaráis Rialála Seirbhísí Dlí a d’ainmnigh an tAire Dlí agus Cirt.