Amuigh Os Ard (Live Out Loud): Daoine Óga LGBTI+ á gCeiliúradh| Feachtas Náisiúnta Ar Líne fógartha ar an Lá Teacht Amach
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheiliúir an tAire O’Gorman an Lá Náisiúnta Teacht Amach, ar an Domhnach, an 11 Deireadh Fómhair, ag Seirbhís Óige Fhoróige Bhaile Bhlainséir trí fhógairt Amuigh Os Ard (Live Out Loud) : Daoine Óga LGBTI+ a Cheiliúradh - feachtas náisiúnta ar líne a bhfuil sé mar aidhm leis daoine óga LGBTI+ a cheiliúradh agus léargas a thabhairt ar a sofheictheacht, luach, agus lánpháirtiú.
Le linn dó an ghairm ar aighneachtaí a fhógairt, chuir an tAire in iúl gur ceiliúradh ar dhaoine óga LGBTI+ é an feachtas seo. Mar chuid den fheachtas táthar ag iarraidh scéalta a insint a thugann onóir dó agus a cheiliúrann daoine óga, daoine fásta, agus grúpaí a thacaíonn le agus a chuireann ar bhealach dearfach le saol agus eispéireas laethúil daoine óga ar cuid den phobal daoine óga LGBTI+ iad.
Is mian le Amuigh Os Ard (Live Out Loud) go roinnfidh daoine óga LGBTI+, a gcairde, agus na daoine atá ag obair leo, a gcuid scéalta féin ar líne chun aird a tharraingt ar na bealaí dearfacha, cruthaitheacha agus nuálacha a bhfuil meas á léiriú do na daoine óga seo, a bhfuil siad sofheicthe agus a bhfuil siad á gcur san áireamh ar bhealach fiúntach ina bpobail féin, agus na bealaí sin a cheiliúradh. Is féidir na scéalta a chur ar fáil i bhfoirm scríofa, i ngrianghraif, nó fiú i bhfíseán - tapaigh an deis féith na cruthaitheachta a aclú!
Mar chuid den fheachtas seo tá cuireadh á thabhairt do scoileanna, coláistí, clubanna spóirt, eagraíochtaí ealaíne agus cultúir, agus grúpaí óige a bheith páirteach agus ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine óga LGBTI+ agus a lucht tacaíochta. Is é an aidhm atá ann léargas a thabhairt ar gach earnáil den tsochaí a bhfuil a saol á caitheamh agus á comhlíonadh acu trí Straitéis Náisiúnta Óige LGBTI+ chun timpeallacht shábháilte, thacúil agus ionchuimsitheach a chruthú do dhaoine óga LGBTI+ in Éirinn sa lá inniu ann agus amach anseo.
Baileoidh agus léireoidh Amuigh Os Ard (Live Out Loud) scéalta dearfacha a cheiliúrann daoine óga LGBTI+ agus ba bhreá le lucht an fheachtais scéalta mar seo a leanas a chloisteáil:
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Gorman faoin bhfeachtas:
“Cúis áthais dom feachtas dearfach cosúil leis an gceann seo a fhógairt - tá sofheictheacht fíorthábhachtach i ndáil lena chinntiú go mothaíonn daoine óga LGBTI+ go bhfuil luach leis an saol atá á chaitheamh acu in Éirinn. Táim ag súil le scéalta na ndaoine agus na n-áiteanna iontacha a bhfuil tionchar acu ar, a bhfuil oideachas á chur acu ar, agus a bhfuil gach earnáil dár sochaí á spreagadh acu ar mhaithe le daoine óga LGBTI+ ar fud na tíre. Táim ag súil go mór leis na haighneachtaí a fheiceáil."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag daoine óga i Seirbhís Óige Fhoróige Bhaile Bhlainséir:
"Mar dhuine aiteach de bhunadh na Polainne atá ag maireachtáil in Éirinn le tamall anuas, tá an oiread sin áiteanna in Éirinn agus gnéithe de shaol na tíre seo a chiallaíonn go bhfuil mé ar mo chompord agus gur dóigh liom go bhfuil luach le mo shaol agus go bhfuil glacadh liom mar dhuine. Beart nár lig mé i ndearmad go héasca mar shampla, ba ea go raibh na 'naisc' a bunaíodh idir Mainistir Fhear Maí i gCorcaigh agus Nowa Deba sa Pholainn á gcur ar fionraí i ndiaidh do Nowa Deba a fhógairt gur 'crios saor ó LGBT’ a bhí ann. Baineann tábhacht ollmhór le Teachtaí Dála agus le pearsana poiblí atá aerach a bheith le feiceáil i saol daoine a bhfuil taithí acu ar a saol a chaitheamh i bpobal nach nglacann leo agus a bhfuil siad dofheicthe ann. Tá an difríocht sa bhealach a gcaitear le daoine LGBTI+ anseo in Éirinn, i scoileanna, sna meáin, sa Rialtas, agus an bealach a gcaitear leo i mo thír dhúchais tar éis dul i bhfeidhm go mór orm. Sílim féin go pearsanta go dtacóidh an feachtas Amuigh Os Ard (Live Out Loud) le hathrú agus leis an nglacadh a bheidh le daoine LGBT+ agus go gcabhróidh sé linn a mhothú go bhfuilimid sábháilte agus go bhfuilimid mar dhaoine óga LGBTI+ á gcur san áireamh."
Marty Pawlak, 17 mbliana d’aois.
“Ciallaíonn homafóibe go bhfuil sé deacair glacadh liom féin mar dhuine agus a bheith bródúil asam féin. In Foróige, mothaím go bhfuil gach duine sofheicthe agus go bhfuil glacadh le gach duine agus gur féidir liom a bheith ag magadh agus ag gáire, agus ag gearán faoin homafóibe a bhraithim i mo thimpeall, i dteannta le baill de Foróige atá díreach cosúil liom féin.”
Rhian Boyle, 15 bhliain d’aois.
Cuirfear críoch le feachtas Amuigh Os Ard (Live Out Loud) in Eanáir 2021 tráth a ndéanfar ceiliúradh ar na haighneachtaí, an obair agus na scéalta dearfacha a cheiliúrann daoine óga LGBTI+ a bheith sofheicthe, meas a bheith orthu agus a bheith páirteach sa tsochaí i measc pobal, eagraíochtaí, agus gach earnáil den tsochaí ar fud na tíre.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi conas is féidir leat a bheith páirteach san fheachtas (agus chun teacht ar ábhar machnaimh le haghaidh aighneachtaí!) cliceáil anseo.
CRÍOCH
Conas a bheith páirteach:
Seol físeáin, íomhánna nó téacs ar aghaidh trí leathanach gréasáin an fheachtais chun léargas a thabhairt ar conas a chabhraíonn scoileanna, coláistí, clubanna spóirt, grúpaí ealaíne nó pobail le daoine LGBTI+ a bheith sábháilte, a bheith ag fáil tacaíochta agus a bheith á gcur san áireamh. Is féidir leat cineálacha éagsúla meáin a chur ar fáil: físeán, íomhá agus téacs.
Oideachas - Timpeallacht níos tacúla agus níos ionchuimsithí a chruthú do dhaoine óga LGBTI+ i suíomhanna oideachais fhoirmiúil
Seirbhísí don Aos Óg - A chinntiú go bhfuil breis iarrachta á déanamh ag gach seirbhís don aos óg daoine óga LGBTI+ a chur san áireamh agus rochtain ar sheirbhísí do dhaoine óga LGBTI+ a chur ar fáil ar fud na tíre
Fostaíocht - Comhdheiseanna a chinntiú agus timpeallacht oibre ionchuimsitheach do dhaoine óga LGBTI+
Cultúr agus Spórt - Timpeallacht thacúil agus ionchuimsitheach a sholáthar a spreagann ionadaíocht agus rannpháirtíocht dhearfach LGBTI+ i gcultúr, sa tsochaí agus i spórt, agus a laghdaíonn stiogma LGBTI+
Tacaíocht do Thuismitheoirí agus do Theaghlaigh - Tacaíochtaí do thuismitheoirí agus do theaghlaigh daoine óga LGBTI+ a leathnú agus a fhorbairt
Tionscnaimh Dea-Chleachtais agus Oiliúna - Bearta i measc soláthraithe seirbhíse chun a dtuiscint ar, agus a gcumas rannpháirtíocht a dhéanamh le daoine óga LGBTI+ a fheabhsú
Daoine Óga Trasinscne - Timpeallacht fhisiciúil ionchuimsitheach a sholáthar do dhaoine óga trasinscne agus idirghnéasacha
Grúpaí Mionlaigh Daoine Óga LGBTI+ - Timpeallacht ionchuimsitheach a sholáthar do dhaoine óga LGBTI+ a bhaineann le mionlaigh eitneacha agus daoine óga a bhfuil leithcheal trasnach á dhéanamh orthu
Straitéis Náisiúnta Óige LBGTI+:
Sprioc 1 den Straitéis Náisiúnta Óige LGBTI+ : Timpeallacht Shábháilte, Thacúil agus Ionchuimsitheach a chruthú do Dhaoine Óga LGBTI+. Tá sé mar aidhm le Cuspóir 5 faoin Sprioc seo ‘timpeallacht níos tacúla agus níos ionchuimsithí a sholáthar a spreagann ionadaíocht agus rannpháirtíocht dhearfach LGBTI+ i gcultúr, sa tsochaí agus i spórt, agus a laghdaíonn stiogma LGBTI+’. Tá sé mar aidhm leis an ngníomh gaolmhar (5(e)) imeacht náisiúnta débhliantúil a fhorbairt chun ceiliúradh poiblí a dhéanamh ar dhaoine óga agus ceannairí óga LGBTI+. Léireoidh taispeántas na samplaí dearfacha de na bealaí a bhfuil daoine óga LGBTI+ sofheicthe, a bhfuil luach ag baint leo agus a bhfuil siad á gcur san áireamh ina scoileanna, coláistí, grúpaí óige, clubanna spóirt agus comhlachtaí ealaíne nó cultúrtha, conas is féidir gníomhaíochtaí simplí a chur i gcrích chun daoine óga LGBTI+ a chur san áireamh. Léireoidh na samplaí seo an obair luachmhar a dhéanann daoine óga LGBTI+ ar fud na sochaí. Léireoidh an feachtas seo dlúthpháirtíocht le grúpaí óige idirnáisiúnta LGBTI+ agus fáiltítear roimh aighneachtaí ó rannpháirtíocht na hÉireann le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha agus le heagraíochtaí Eorpacha eile LGBTI+.
Tá an feachtas seo á threorú ag daoine óga; ba é Fóram na nDaoine Óga LGBTI+ a phleanáil é, grúpa daoine óga LGBTI+ a bhfuil sé de chúram orthu tacú le cur chun feidhme Straitéis Náisiúnta Óige LGBTI+, agus breis forbairt a dhéanamh ar an Straitéis chun saol daoine óga i ré Covid a chur san áireamh. Tá a chuntas Instagram féin ag Fóram na nDaoine Óga LGBTI+, trínar féidir leo an obair atá á déanamh acu i ndáil le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Óige LGBTI+ a roinnt.
An Lá Náisiúnta Teacht Amach : Is é an 11 Deireadh Fómhair, lá feasachta bliantúla LGBT, a seoladh sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1988 ar dtús, an lá a thacaíonn le domhan sábháilte do dhaoine LGBT a saol a chaitheamh go hionraic agus go hoscailte. Is é an aidhm atá leis an lá tacú le daoine agus le pobail LGBTI+ trí cheiliúradh a dhéanamh ar dhaoine atá leispiach, aerach, déghnéasach nó trasinscne. Déantar ceiliúradh i roinnt tíortha ar fud an domhain ar an Lá Náisiúnta Teacht Amach chun aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le teacht amach mar bhealach chun homafóibe a chomhrac agus ceiliúradh a dhéanamh ar an aistear teacht amach mar dheasghnáth tábhachtach aistrithe saoil do dhaoine LGBTI+.
Bunaíodh Seirbhís Óige Fhoróige Bhaile Bhlainséir sa bhliain 1982. Inniu oibríonn an tSeirbhís le beagnach 1,000 duine óg idir 10-24 bhliain d’aois trí chláir óige éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath 15. Áirítear ina measc; cláir shamhraidh, clubanna Foróige atá á stiúradh ag oibrithe deonacha, clár teicneolaíochta Clubhouse, Tionscadail Athstiúrtha an Gharda Síochána, Clár um Chosc agus Oideachas maidir le Drugaí, Caiféanna don Aos Óg, Tionscadail Phobalbhunaithe don Óige, Clár Big Brother Big Sister, clár Luathfhágálaithe Scoile. Oibrímid go sonrach le daoine óga ar leith, lena n-áirítear; LGBTI+, an Lucht Siúil, Daoine nach bhfuil i mbun Oideachais, Fostaíochta nó Oiliúna, máithreacha óga agus daoine óga agus teaghlaigh a dteastaíonn breis tacaíochta uathu. Cruthaíonn Foróige deiseanna do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gcláir atá dírithe ar réimsí cosúil le fiontraíocht, sláinte agus folláine, saoránacht, STEAM, oideachas maidir le drugaí agus rannpháirtíocht na n-óg.
Is ábhar bróid do Foróige a bheith páirteach san fheachtas Amuigh Os Ard (Live Out Loud) - feachtas a cheiliúrann daoine óga LGBTI+ agus a thugann léargas ar a sofheictheacht, a luach, agus a gcuimsiú. Tá na daoine óga atá páirteach san fheachtas seo ag glacadh páirte i roinnt clár Foróige ar fud Bhaile Átha Cliath 15.