Cuireann an tAire O’Brien Fóram um an Ionchuimsiú Sóisialta bliantúil na Roinne Coimirce Sóisialaí ar siúl
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Fóram um an Ionchuimsiú Sóisialta bliantúil á chur ar siúl inniu, Dé Céadaoin, an 22 Meitheamh, ag Óstán an Bracken Court, Baile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath. Tugann an t-imeacht seo an lucht déanta beartas, soláthraithe seirbhíse agus úsáideoirí seirbhíse ó áiteanna ar fud Ranna Rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí pobail agus earnála deonaí agus ionadaithe daoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus/nó eisiamh sóisialta le chéile, chun plé agus díospóireacht a dhéanamh ar bheartas náisiúnta ar laghdú na bochtaineachta agus ionchuimsiú sóisialta.
Dírítear Fóram na bliana seo ar Threochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2020-2025 de chuid an Rialtais. Áirítear leis an bhFóram ceithre cheardlann ar phríomhthéamaí an Treochláir – leordhóthanacht ioncaim, ionchuimsiú sóisialta agus leanaí, ionchuimsiú sóisialta agus daoine faoi mhíchumas, agus tacú le pobail – agus beidh éascaitheoirí ón earnáil phobail agus dheonach, agus cuir i láthair ó chleachtóirí saineolacha ann.
Beidh an t-imeacht á chur ar siúl ag Joe O’Brien, T.D., an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Ionchuimsiú Sóisialta sa Roinn Coimirce Sóisialaí.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Mar Aire ar a bhfuil freagracht as an Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta, tá áthas orm an deis a bheith agam idirchaidreamh a dhéanamh le gach duine inniu, iad siúd atá ag freastal ar i bpearsan agus iad siúd atá ag freastal go fíorúil araon. Ceadaíonn an Fóram um an Ionchuimsiú Sóisialta idirchaidreamh cuiditheach a dhéanamh idir Ranna Rialtais, daoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta, agus na grúpaí earnála pobail agus deonaí a dhéanann ionadaíocht dóibh. Is rídheas liom a thabhairt faoi deara go bhfuil páirt ghníomhach á glacadh ag gach duine atá i láthair, agus go bhfuil an deis agam éisteacht leis na ceardlanna éagsúla agus páirt a ghlacadh i bplé an phainéil. Cuireann Fóram an lae inniu meán ar fáil don Rialtas éisteacht leis an taithí saoil atá mar bhunús leis na staitisticí.
“Tá spriocanna uaillmhianacha maidir le laghdú bochtaineachta sa Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta agus nuair a chuirtear na brúnna reatha atá ar theaghlaigh, ní mór dúinn tús áite a thabhairt dó go ndúnann Buiséad 2023 an bhearna neamhionannais. Creidim, i bhfírinne, go mbeidh dlúthpháirtíocht láidir phoiblí ann le buiséad a chinntíonn ní hamháin nach mbeidh daoine thíos leis an mbochtaineacht ach go mbaineann sé daoine go gníomhach den bhochtaineacht agus ina ndírítear go sonrach ar leanaí a chosaint ó na drochthionchair a imríonn bochtaineacht ar feadh an tsaoil.”
Foilseofar tuarascáil ar an bhFóram agus cuirfear ar fáil í ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí gov.ie/dsp