Faigheann an tAire Rabbitte maoiniú Rialtais chun borradh a chur faoi thionscnamh um liosta feithimh maidir le Measúnú ar Riachtanais (MR)
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Míchumais, Anne Rabbitte, fáilte inniu roimh chinneadh an Rialtais airgead a chur ar fáil do thionscnamh um liosta feithimh maidir le Measúnú ar Riachtanais (MR), a gcuirfear tús leis sna laethanta amach romhainn, trí mheasúnuithe príobháideacha a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag fanacht le measúnuithe le fada. Cuirfidh an maoiniú de €6.89 milliún ar chumas an FSS suas le 2,500 MR breise a sholáthar, agus díreofar ar sheachadadh thar na 6 mhí atá romhainn. Is maoiniú breise é an maoiniú seo ar an mbunmhaoiniú de €5m atá ag an FSS cheana féin, arna leithdháileadh chun measúnuithe príobháideacha a sholáthar agus atá dírithe ar 1,800 MR a chríochnú in 2024.
Leis an tionscnamh um liosta feithimh, díreofar ar na teaghlaigh atá ar an liosta feithimh le haghaidh MRanna le fada agus aisíocfaidh an FSS le cliniceoirí go díreach trí acmhainní a sholáthar ó sholáthraithe príobháideacha ceadaithe. Déanfar an clár seo a chur chun cinn leis an gcreat soláthraithe a sholáthair an FSS cheana féin agus leanfaidh an FSS leis an gcreat a leathnú chun soláthar príobháideach nua ar bith a chur san áireamh. Leis an bplean seo, cinnteofar cur chuige níos cothroime, seachas aisíocaíocht dhíreach a dhéanamh le tuismitheoirí a fhostaíonn soláthraithe príobháideacha. Déanfaidh an FSS an tionscnamh um liosta feithimh a bhainistiú de réir oibleagáidí reachtúla.
Agus í ag cur fáilte roimh an maoiniú, dúirt an tAire Rabbitte:
“Tá mé ar bís go bhfuil an Rialtas in ann glacadh le maoiniú breise ar an tionscnamh ríthábhachtach seo. Tá an t-éileamh ar mheasúnuithe ar riachtanais (MRanna) ag dul i méid, le méadú 25% ar líon na n-iarratas MR a fuarthas in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Chun dul i ngleic leis an dúshlán MR, tá géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tsamhail atá i bhfeidhm faoi láthair agus tá mé tar éis iarraidh ar oifigigh i mo Roinn féachaint ar na roghanna ar fad. Is é fógra an lae inniu an chéad tionscnamh agus muid ag féachaint le liostaí feithimh a laghdú ar fud na tíre agus tá sé ar scór togra a thug mé os comhair an Choiste Comh-Aireachta um Leanaí, Oideachas agus Míchumas an tseachtain seo caite. “
Agus é ag caint faoin bhfógra, dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus
Óige, Roderic O’Gorman:
“Aithníonn an Rialtas gur fachtóir iontach suntasach é an riachtanas do mheasúnuithe tríd an bpróiseas MR maidir le liostaí feithimh do sheirbhísí míchumais leanaí. Faoi na struchtúir don treochlár um Sheirbhísí do Dhaoine Faoi Mhíchumas a Chur Chun Cinn, tá grúpa oibre ag scrúdú amanna feithimh le haghaidh idirghabhálacha agus le haghaidh Measúnuithe ar Riachtanais. Cuirtear fáilte mhór roimh fhógra an lae inniu, agus beidh an tionscnamh seo mar chuid de chur chuige foriomlán ag mo Roinn agus ag an FSS chun dul i ngleic le liostaí feithimh agus chun fíor-réitigh inláimhsithe a sheachadadh a chuirfidh le seirbhísí chun tacú níos fearr le riachtanais leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu in Éirinn.”
Anuas air sin, comhaontaíodh mar bheart chun soláthair measúnuithe príobháideacha a éascú, go ndéanfaidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige scrúdú ar cé chomh hindéanta is a bheadh sé an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) a chur san áireamh mar iarracht acmhainneacht an chórais a uasmhéadú agus chun rochtain ar mheasúnuithe a chinntiú. Cuirfidh RLCMIÓ agus páirtithe leasmhara ábhartha eile tús leis an bpróiseas rannpháirtíochta gan mhoill chun na céimeanna riachtanacha a bheadh ag teastáil chun leas a bhaint as seirbhísí CNCC a oibriú amach.
CRÍOCH