Spreagann an tAire McConalogue iascairí chun rochtain a fháil ar scéimeanna maoinithe a osclaíodh le déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá iarrtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD ar iascairí agus ar phróiseálaithe bia na mara teagmháil dhíreach a dhéanamh le Bord Iascaigh Mhara (BIM) maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar conas a d'fhéadfaidís úsáid a bhaint as na ceithre scéim infheistíochta a d'oscail sé Dé Máirt, an 23 Meitheamh.
Dúirt an tAire McConalogue
“Tá luach suntasach eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha ag baint le hearnáil bia na mara dár bpobail chósta tuaithe. Cuirim maoiniú suntasach ar fáil do BIM chun tacú le forbairt na hearnála agus dhearbhaigh BIM dom go mbeidh comhairle agus tacaíocht ar fáil do na hiascairí agus do na próiseálaithe aonair sin ar mian leo iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi na scéimeanna sin. Molaim go láidir dóibh siúd ar spéis leo teagmháil a dhéanamh le BIM nó ríomhphost a sheoladh chuig grantshelpdesk@bim.ie
Tharraing an tAire McConalogue aird ar leith ar shonraí na gceithre scéim infheistíochta atá oscailte anois ar shuíomh gréasáin BIM ag www.bim.ie
1 : Cuireann an Scéim Iascaigh Cois Cladaigh tacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil do na soithí iascaireachta cósta beaga, ar soithí iascaireachta cláraithe iad atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe. Tá rátaí déine deontais feabhsaithe idir 80% agus 100% ag an scéim sin chun tacú le hinfheistíocht ar bord agus ar tír araon, agus rannpháirteachas i mbearta caomhnaithe. Tá an scéim sin deartha mar ‘ionad ilfhreastail’ d'Iascairí Cósta ar Mhionscála (SSCF), á céadú infheistíochtaí ar tír agus ar bord ag úinéirí soithí SSCF, agus na cuspóirí seo a leanas acu:
• Iascaireacht Roghnach: Infheistíocht i dtrealamh chun méid nó roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta a fheabhsú chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 1380/2013.
• Éifeachtúlacht Fuinnimh: Infheistíochtaí i dtrealamh atá dírithe ar astú truailleán nó gás ceaptha teasa a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh soithí iascaireachta, agus oibríochtaí ar tír a mhéadú. Iniúchtaí éifeachtúlachta fuinnimh.
• Sláinteachas, Sláinte agus Sábháilteacht: Infheistíochtaí ar bord a fheabhsaíonn sláinteachas, sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre atá á gcur ar fáil agus a sháraíonn riachtanais reachtacha.
• Caighdeán: Infheistíochtaí nuálacha a fheabhsaíonn caighdeán na dtáirgí iascaigh nó a chuireann luach le táirgí iascaigh, trí ligean d'iascairí próiseáil na ngabhálacha sin a dhéanamh.
• Inrianaitheacht: Na costais a bhaineann le ceannach agus suiteáil na gcomhpháirteanna ar bord, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí ríomhaireachta, atá riachtanach chun inrianaitheacht táirgí iascaigh a chinntiú.
2 : Leanann an Scéim V-eangúcháin ghliomaigh ar aghaidh leis an dea-obair a rinneadh faoi scéimeanna V-eangúcháin roimhe seo chun inbhuanaitheacht an iascaigh seo a fheabhsú. Tá tábhacht shuntasach ag baint leis an scéim sin do go leor san earnáil cois cladaigh. Is é an ráta tacaíochta faoin scéim sin ná 100% do shoithí Iascaireachta Cósta ar Mhionscála (SSCF), agus 50% do shoithí eile.
3 : Cuireann an Scéim Iascaigh Inbhuanaithe tacaíocht ar fáil do gach soitheach iascaireachta cláraithe (seachas na soithí iascaireachta cósta beaga) le haghaidh infheistíochta ar bord ar mhaithe le:
• Caighdeán a fheabhsú: Infheistíochtaí nuálacha ar bord a fheabhsaíonn caighdeán na dtáirgí iascaigh nó a chuireann luach le táirgí iascaigh, trí ligean d'iascairí próiseáil na ngabhálacha sin a dhéanamh.
• Láimhseáil gabhálacha a fheabhsú,
• Inrianaitheacht a fheabhsú: Na costais a bhaineann le ceannach agus suiteáil na gcomhpháirteanna ar bord, lena n-áirítear bogearraí ríomhaireachta, atá riachtanach chun inrianaitheacht táirgí iascaigh a chinntiú.
• Sláinteachas, sláinte agus sábháilteacht a fheabhsú Infheistíochtaí ar bord a sháraíonn riachtanais reachtacha chun feabhas a chur ar shláinteachas, sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre atá á gcur ar fáil,
• Éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú: Infheistíochtaí i dtrealamh atá dírithe ar astú truailleán nó gás ceaptha teasa a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh soithí iascaireachta a mhéadú. Iniúchtaí éifeachtúlachta fuinnimh ar bord.
• Is é 50% an ráta tacaíochta faoin scéim sin.
Tacaíonn an Scéim Iascaigh Cladaigh agus an Scéim Iascaigh Inbhuanaithe araon le hinfheistíocht ó shoithí iascaireachta i dtrealamh níos roghnaithí a laghdaíonn gabhálacha speiceas óg agus/nó speiceas thar an cuóta, agus é mar aidhm dheiridh acu inbhuanaitheacht an iascaigh a fheabhsú.
4 : Soláthraíonn an Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara tacaíocht tábhachtach d'infheistíocht chaipitil san earnáil próiseála bia na mara agus tá sé mar aidhm aici leanúint ar aghaidh agus tógáil ar na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil don earnáil i rith 2022 agus 2023 faoin Scéim Tacaíochta Caipitil Próiseála Brexit. Is iad cuspóirí na Scéime Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara ná;
• A bheith ag tacú le forbairt na hearnála próiseála trí luach a chur le hamhábhar, agus an t-amhábhar a úsáid go hiomlán,
• A bheith ag tacú le forbairt bharrfheabhsú oibríochtúil in earnáil na próiseála,
• Éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, astaíochtaí carbóin a laghdú.
Is iad seo a leanas na rátaí tacaíochta faoin scéim sin:
• 50% le haghaidh infheistíochtaí chun luach a chur le hamhábhar nó chun úsáid iomlán a bhaint as amhábhar,
• 30% le haghaidh infheistíochtaí chun oibríochtaí a bharrfheabhsú.
Ag labhairt dó ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i Lucsamburg le déanaí léirigh an tAire McConalogue a thiomantas tacú le hearnáil bia na mara trí mheastóireacht ar an gComhbheartas Iascaigh a chur chun cinn a thugann aird ar leith ar an tionchar ar dheiseanna iascaireachta an AE agus na mBallstát mar thoradh ar na haistrithe cuótaí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair agus ar an tionchar a bhíonn ag gníomhartha aontaobhacha Tríú Tíortha laistigh de chreat na Stát Cósta chomh maith le roghanna a bhreithniú chun an nasc eacnamaíoch idir cabhlach an AE agus próiseálaithe an AE a neartú d'fhonn athléimneacht a chothú don slabhra soláthair iomlán.
I measc na scéimeanna atá le hoscailt amach anseo tá:
• An Scéim Infheistíochta Caipitil um Dobharshaothrú
• An Scéim Oiliúna Bia na Mara
• Scéim na nIascairí Óga
Déanfar tuilleadh scéimeanna a fhorbairt agus a oscailt thar shaolré an chláir, lena n-áirítear scéim chun tacú leis na hEagraíochtaí Táirgeoirí agus na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG).
DEIREADH