Tá suas le 250 ball foirne á n-earcú ag Oifig na nOibreacha Poiblí sa bhliain atá romhainn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sa bhliain atá romhainn beidh suas le 250 ball foirne á n-earcú ag Oifig na nOibreacha Poiblí; ina measc beidh róil ardluacha innealtóireachta sibhialta agus struchtúrtha. Éiríonn an feachtas earcaíochta seo as maoiniú breise atá faighte ag OPW faoin Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) 2021 – 2030.
Faoin PFN, tá €2.457 billiún cionroinnte ar OPW, €99m ón AE faoin Phlean Náisiúnta um Théarnamh agus Díonacht (PNTD). Chomh maith leis sin, déanfaidh OPW bainistiú ar réimse leathan tionscadal thar ceann Ranna agus gníomhaireachtaí eile Stáit dar luach suas le €1.6 billiún; mar sin, beidh OPW freagrach as tionscadail dar luach iomlán breis agus €4 billiún.
Ar na tionscadail lárnacha a chríochnófar mar chuid den infheistíocht seo, áirítear mórthionscadal bonneagair ag Eorafort Ros Láir, an tSaotharlann Fóiréinseolaíochta nua ag Campas Bhacastúin i gContae Chill Dara, agus líon suntasach tionscadail faoi chláir eile um infheistíocht chaipitiúil, ina measc Clár Caipitiúil an Gharda Síochána agus an clár infheistíochta um Bainistiú Priacal Tuile.
Ag fáiltiú dó roimh an bhfeachtas earcaíochta, dúirt an tAire um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD:
“Leis an infheistíocht shuntasach in institiúidí móra cultúrtha, mórthionscadail bhonneagair um Priacal Tuile agus Bainistiú Eastáit, agus athchóiriú agus cothabháil ar láithreacha oidhreachta, agus an líon breise tionscadail agus clár faoi stiúir OPW, tá áthas orainn an réimse leathan deiseanna fostaíochta seo a thairiscint. Tugann na róil seo deiseanna um shaol níos fearr a sholáthar dóibh siúd a ghlacann leo agus don phobal ar fad, trí oibriú le ceann de na heagrais Stáit is faide saoil agus is ilchineálaí in Éirinn. Is soláthraí fíor-riachtanach seirbhíse é OPW don Rialtas agus don phobal; is neart bunúsach é an lucht oibre ann agus na scileanna speisialta nuálacha atá acu.”
Tá infheistíocht ins na suímh oidhreachta comhaoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin trí Fáilte Ireland; tá OPW ag earcú le haghaidh breis agus 100 post a bhaineann le cúrsaí oidhreachta. Tabharfaidh na poist oibríochta, státseirbhíse agus printíseachta réimse deiseanna atá spéisiúil agus éagsúil, bunaithe ar réimse leathan cúlraí agus scileanna. Tabharfaidh na poist mar threoraithe oidhreachta deis do na hiarratasóirí ról lárnach a imirt maidir leis na suímh oidhreachta is tábhachtaí in Éirinn a chaomhnú agus a chur i láthair do chuairteoirí, ar bhealach atá sábháilte agus taitneamhach araon.
Beidh seastán OPW ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta (20-22 Meán Fómhair). Ansin is féidir léargas a fháil ar an réimse deiseanna atá ar fáil. Féadfar labhairt le hailtirí, le hinnealtóirí agus le treoraithe oidhreachta. Beidh taispeántais freisin ar athchóiriú troscáin agus ar shaothar cloiche.
Fógraítear poist ar www.gov.ie/opwjobs agus ar mheáin shóisialta OPW. Tá eolas faoi phrintíseachtaí ar fáil ag www.apprenticeship.ie . Féadfaidh daoine a bhfuil spéis acu i bpoist Ginearálta, Gairmiúla agus Teicniúla Státseirbhíse clárú um fhógraí agus iarratais a dhéanamh ar líne ag www.publicjobs.ie
Um breis eolais nó íomhánna déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works