Ceapachán ar ‘Choiste um Dheonú Conarthaí’ Údarás Craolacháin na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., faomhadh an rialtais maidir le ceapachán Helen Shaw ar Choiste um Dheonú Conarthaí Údarás Craolacháin na hÉireann inniu.
Déanfaidh sí seirbhís ar feadh téarma trí bliana. Rinneadh an ceapachán tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe. Oibríonn Helen Shaw sna meáin chumarsáide agus tá taithí 30 bliain aici mar chleachtóir agus bainisteoir sinsiearach le cúlra agus taithí shinsireach i rialú.
Agus í ag labhairt faoin gceapachán,
Dúirt an tAire Martin: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Helen Shaw agus gach rath a ghuí uirthi le linn a téarma ar Choiste um Dheonú Údarás Craolacháin na hÉireann, tá a fhios agam go bhfuil taithí fhairsing ag Helen agus go ndéanfaidh sí obair mhór sa ról”.
Críoch
Nótaí don Eagarthóir
Beathaisnéis Helen Shaw
Oibríonn Helen Shaw sna meáin chumarsáide agus tá taithí 30 bliain aici mar chleachtóir agus bainisteoir sinsearach le cúlra agus taithí shinsireach i rialú.
Bhí Helen Shaw i gceannas ar Raidió RTÉ mar Cheann Raidió ar feadh cúig bliana (1997-2002) agus sheol sí RTÉ Lyric FM, an cúigiú seirbhís raidió FM iomlán ar speictream na hÉireann in 1999.
Bhunaigh Helen Shaw Meáin Athena mar chomhlacht ábhar digiteach agus comhairleachta i mí Mheán Fómhair 2003 agus d’oibrigh sí mar chomhairleoir idirnáisiúnta ar roinnt mór-thionscadal, mar shampla, bhí sí ina príomhthaighdeoir agus scríbhneoir ar Thuairisc OX ar Cheadúnú Raidió (2004).
Trína cuid oibre raidió agus teilifíse, bhuaigh sí gradaim éagsúla, mar shampla, bhuaigh sí ‘Gold’ ag Féile Raidió Nua-Eabhrac 2020 i gcomhair an tionscadail Mother’s Blood, Sister. Óna cuid oibre mar thaighdeoir agus scríbhneoir leis an tionscadal Eorpach DRACE (Digital Radio Cultures in Europe), chabhraigh sí le foilsiú an leabhair Digital Radio in Europe (Intellect, 2010). Mar chomhairleoir thodhchaí dhigiteach, d’oibrigh sí leis an EBU agus rinne sí cur i láthair ag imeachtaí agus comhdhálacha EBU mar aon lena bheith ag obair laistigh de mhargadh meán na hÉireann le príomhchomhlachtaí meán cosúil leis an Irish Times.
Tá cúlra agus taithí shinsearach ag Helen Shaw i rialú. D’oibrigh sí ar feadh tréimhse ghearr le Comreg ar rialú in earnáil chraoltóireachta na hÉireann, tá sí ina comhalta boird de Chomhairle Ealaíon na hÉireann ó Eanáir 2017 i leith agus tá sí ina ball de choistí éagsúla a bhaineann le polasaí & stráitéis, gnó & airgeadas. Níl aon chonradh nó tionscadal reatha ag Meáin Athena le hÚdarás Craolacháin na hÉireann agus níl aon choimhlint leasa ag Meáin Athena le comhpháirtithe eile sna meáin a thagann faoi chonarthaí Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le ceadúnú.