Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh sheoladh aipeanna rianaithe teagmhálacha i Nua Eabhrac agus i New Jersey bunaithe ar Aip Rianaithe Teagmhálacha na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh sheoladh aipeanna rianaithe Covid-19 i Nua Eabhrac agus i New Jersey bunaithe ar theicneolaíocht na hÉireann. Tá Aip Rianaithe Covid na hÉireann ar cheann de na cinn is rathúla ar domhan, agus inné sheol Nua Eabhrac agus New Jersey a gcuid aipeanna bunaithe ar chód foinseach Aip Rianaithe Covid na hÉireann.
Sna Stáit Aontaithe, bhí úsáid an aip Éireannaigh, darb ainm “Covid Green”, ina chrann taca lárnach de sheoladh na n-aipeanna i Pennsylvania agus Delaware. Anois tá sé curtha i bhfeidhm i Nua Eabhrac agus i New Jersey. Chomh maith le stáit na SA, sheol Tuaisceart Éireann, Albain, Giobráltar agus Geirsí aipeanna bunaithe ar an ‘Covid Green’.
Tá an aip íoslódáilte ag beagnach 2 mhilliún duine in Éirinn ó seoladh é, le bunachar úsáideoirí gníomhach de 1.3 milliún. Is ionann é seo agus 34 faoin gcéad de dhaoine fásta (16+) in Éirinn.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
>“Mar Aire Sláinte, táim thar a bheith bródúil as stáit agus tíortha eile a fheiceáil ag seoladh aipeanna bunaithe ar theicneolaíocht na hÉireann. Tá Éire chun tosaigh i bhforbairt na teicneolaíochta nuálach seo. Is é ról chóras sláinte na hÉireann i ndul chun cinn tapa na teicneolaíochta i ndlúthchomhar le Apple agus Google agus lenár gcomhpháirtí teicniúil Nearform atá lonnaithe i bPort Láirge is cúis leis seo."
Is é croífheidhm an aip teagmháil dhigiteach a dhéanamh le dlúth-theagmhálacha cásanna deimhnithe de Covid-19 trí eochracha anaithnide a mhalartú tríd an gcur chuige díláraithe. Ar an mbealach seo ceadaíonn an aip gar-theagmhálacha nach eol dúinn a aithint.
Go dtí seo, tá 1,618 úsáideoir an Aip Rianaithe Covid in Éirinn a rinne tástáil dhearfach tar éis a n-aitheantas randamach a uaslódáil. Tá foláirimh dlúth-theagmhálacha faighte ag thart ar 3,206 úsáideoir nach bhféadfaí a aithint murach sin.
Dúirt an tAire Donnelly:
>“Agus muid ag athoscailt codanna dár sochaí, tá ról uathúil ag aipeanna rianaithe teagmhálacha maidir leis an víreas a chur faoi chois tríd an bpróiseas rianaithe teagmhálacha a bhrostú agus ligean do dhlúth-theagmhálacha nach eol dúinn a aithint. Is féidir leis an Aip Rianaithe Covid na dlúth-theagmhálacha a shainaithint nuair a bhíonn siad ina suí in aice lena chéile ar bhus, i líne sa siopa, ag ócáid spóirt, nó ag ithe i mbialann, nach mbeadh ar eolas againn murach sin.
“Tá rath an aip bunaithe ar dhlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann agus é mar aidhm againn scaipeadh Covid-19 a chur faoi chois. Is léiriú é seo ar iarrachtaí phobal na hÉireann. Tá bunchloch dhochreidte againn le tógáil uirthi. Mar sin, táim ag éileamh arís ar thacaíocht mhuintir na hÉireann Aip Rianaithe Covid a íoslódáil. Dá mhéad daoine a íoslódálfaidh an aip is amhlaidh is éifeachtaí a bheidh an aip. Chomh maith le do lámha a ní, scaradh fisiceach, dea-bhéasaíocht casachta agus sraothartaí, agus masc aghaidh a chaitheamh, is bealach simplí é an aip a íoslódáil chun tú féin, do theaghlach agus do phobal a choinneáil slán."
CRÍOCH