Ceaptar Cathaoirleach Nua ar Fháilte Éireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh Ruth Andrews mar Chathaoirleach nua an Údaráis Náisiúnta um Fhorbairt na Turasóireachta (Fáilte Éireann).
Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Martin:
“Déanaim comhghairdeas le Ruth agus guím gach rath uirthi le linn a téarma sna blianta atá romhainn. Aithníonn gach duine laistigh den earnáil a tiomantas do thurasóireacht na hÉireann agus creidim go dtabharfaidh sí ceannaireacht do Bhord Fháilte Éireann sna blianta ríthábhachtacha seo le teacht ar mhaithe le téarnamh agus forbairt inbhuanaithe thurasóireacht na hÉireann.
Tuigeann Ruth go rímhaith na dúshláin atá roimh na hearnálacha is tábhachtaí seo. Táim ag tnúth lena bheith ag obair le Ruth agus le Fáilte Éireann i dtabhairt chun críche agus feidhmiú polasaí turasóireachta náisiúnta nua ina ndíreofar ar fhorbairt inbhuanaithe comhshaoil, eacnamaíoch agus shochaíoch thurasóireacht na hÉireann.”
Chuir Príomhfheidhmeannach Fháilte Éireann Paul Kelly fáilte inniu roimh cheapachán Ruth Andrews.
“Cuirim fáilte mhór roimh cheapachán Ruth Andrews don phost mar Chathaoirleach ar Fháilte Éireann ag an Aire Martin. Tá clú teiste ag Ruth maidir le ceannaireacht láidir agus saineolas i dtionscal na turasóireachta thar 35 bliana. Beidh a taithí earnála ollmhór thar a bheith luachmhar don Údarás agus d’Fhoireann Feidhmiúcháin Fháilte Éireann. Dírítear inár gcuid oibre ar ról eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil na turasóireachta ar fud na hÉireann a bharrfheabhsú agus táim ag tnúth le hoibriú go dlúth le Ruth agus leis an Údarás agus muid ag tacú le gnólachtaí ar an talamh chun cabhrú le fás a spreagadh go hinbhuanaithe.”
Tagann an ceapachán tar éis glao poiblí ar iarratais ar láithreán gréasáin na mBoird Stáit agus próiseas measúnaithe a bhainistigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Beathaisnéis — Ruth Andrews
Chuir Ruth Andrews tús lena gairm bheatha in earnáil na n-óstán i lár na 80idí ag obair mar ghairmí margaíochta/díolacháin i gcuid de na sraitheanna óstán ba mhó in Éirinn ag an am – Doyle Hotel agus Great Southern Hotel Groups. Bhunaigh sí a seirbhís chomhairleach margaíochta/díolacháin féin go déanach sna 90idí, ag cur cumarsáid mhargaíochta, cóitseáil & meantóireacht agus saineolas forbartha gnó ar fáil do raon leathan de ghnóthaí thionscal turasóireachta na hÉireann in earnálacha éagsúla. Mar Phríomhfheidhmeannach an Chumainn Oibritheoirí Thuras Isteach - Éire, post atá aici ó 2006, oibríonn sí freisin le Cumann Eispéiris Cuairteoirí, mar chomhairleoir speisialta don Bhord. In 2019 ghlac sí le téarma dhá bhliain mar Chathaoirleach Chónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann, a cuireadh síneadh bliana leis chun cabhrú leis an tionscal trí phaindéim COVID-19. Bhí baint lárnach aici leis an tionscal a threorú le linn na tréimhse deacra seo mar Chathaoirleach ar an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta. Bhí Ruth ar go leor boird tionscail agus comhairleacha.