Leithdháileann an tAire O’Gorman maoiniú breise chun tacú le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar réamhscoil Státmhaoinithe.
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go gcuirfidh sé maoiniú breise ar fáil chun tacú le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an gclár um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE) atá maoinithe ag an Stát.
Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 14% ar chaipitíocht bhreise a chuirtear ar fáil tríd an tSamhail Rochtana agus Ionchuimsitheachta (AIM) chun cóimheas níos ísle idir daoine fásta agus leanaí a chumasú, ó Mheán Fómhair 2022, ag ardú ó €210 in aghaidh na seachtaine go €240 in aghaidh na seachtaine. Soláthraíonn AIM raon tacaíochtaí spriocdhírithe agus uilíocha, le cur ar chumas leanaí faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach ar bhealach fóinteach sa chlár ECCE.
Mar gheall ar an méadú ar chaipitíocht beifear in ann ailíniu leanúnach a dhéanamh idir maoiniú AIM agus maoiniú níos leithne don chlár ECCE, a mbeidh scéim maoinithe nua mar fhorlíonadh leis – Croímhaoiniú – ó Mheán Fómhair 2022 ar aghaidh freisin.
Ó seoladh AIM i 2016, tá níos mó ná 19,000 leanbh tar éis breis agus 42,000 tacaíocht spriocdhírithe a fháil i mbreis agus 3,916 suíomh go náisiúnta agus tá níos mó ná 15,000 leanbh tar éis leas a bhaint as cóimheasa níos ísle idir daoine fásta agus leanaí.
D’fháiltigh an tAire O’Gorman roimh an méadú ar an maoiniú á rá
“Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach leanbh ar luathfhoghlaim agus cúram ardchaighdeáin. Tríd an tSamhail Rochtana agus Ionchuimsitheachta a bhfuil duaiseanna buaite aici, is féidir linn tacú le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar réamhscoileanna príomhshrutha agus cabhrú le réamhscoileanna foireann cháilithe a earcú agus a choinneáil chun tacú le hionchuimsiú. Is comhartha soiléir an méadú seo ar mhaoiniú ar thiomantas mo Roinne leanúint de chultúr ionchuimsitheach a chothú, cultúr ina dtugtar tacaíocht do gach leanbh chun leas a bhaint as an luathfhoghlaim agus as an gcúram.”
Íocfar an chaipitíocht bhreise le soláthraithe ECCE atá ceadaithe do thacaíocht cúnaimh bhreise AIM ó Mheán Fómhair 2022, i gcomhthráth le tabhairt isteach an Chroímhaoinithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tSamhail Rochtana agus Ionchuimsitheachta, AIM, féach www.aim.gov.ie
CRÍOCH