Ráiteas ón Aire Stáit Frank Feighan ar bhás Ronnie Fay Uasal
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an tAire Stáit le Freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD;
“Is mian liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach Ronnie Fay agus a comhghleacaithe i Pavee Point ag an am an-brónach seo.
“Ba thacadóir láidir í Ronnie do riachtanais sláinte an Lucht Siúil agus ní fhéadfainn moladh a dhóthain a thabhairt don méid a chuir sí le feabhas a chur ar shláinte an Lucht Siúil. Bhí sí ríthábhachtach i bhforbairt an staidéir uile-Éireann ar Shláinte an Lucht Siúil, in éineacht leis na Ranna Sláinte in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Bhí sí ina príomhcheannródaí do Shláinte na Romach, agus ba thacadóir láidir í do shamhail na ndeitéarmanant sóisialta.
“Bhí Ronnie ina comhordaitheoir ar an Aonad Sláinte don Lucht Siúil in Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail 6, 7 agus 9. Chabhraigh sí leis an Tionscadal um Chúram Sláinte Príomhúil don Lucht Siúil (PHCTP) a fhorbairt. Ba é seo an chéad uair a bhí an Lucht Siúil ar thús cadhnaíochta maidir le riachtanais sláinte poiblí bhaill a bpobail féin a shainaithint.
“Le linn Covid-19, thacaigh Ronnie go láidir le freagairt shláinte an phobail don Lucht Siúil. Bhí tionchar dearfach aici agus spreag sí an Lucht Siúil maidir le cloí le comhairle sláinte poiblí agus maidir le glacadh le cláir vacsaínithe Covid-19.
"Suaimhneas síoraí dá hanam."
CRÍOCH