Molann an tAire McConalogue d’fheirmeoirí a bhfuil suim acu i dTráinse 2 de ACRES tús a chur leis na hullmhúcháin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Córas ACRES oscailte anois le haghaidh léirithe spéise do Thráinse 2 le 4,000 áit ar fáil
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu go mbeidh Tráinse 2 den Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) ag oscailt le haghaidh iarratas go luath i mí na Samhna.
Ag cur lena fhógra ACRES maidir le buiséad 2024, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá méadú €40m tugtha agam ar an leithdháileadh do ACRES, rud a mhéadaigh an leithdháileadh iomlán don scéim go €200 milliún – is méadú suntasach de €160 milliún é sin ar bhuiséad 2023. Le maoiniú breise a chur ar fáil beimid in ann gealltanas an Rialtais 50,000 feirmeoir a bheith rannpháirteach in ACRES, ár bpríomhchlár comhshaoil faoi Phlean CBT na hÉireann 2023-2027, a chomhlíonadh. Bhí éileamh gan fasach ar áiteanna i dTráinse 1 agus tar éis a chinntiú go bhféadfadh gach 46,000 feirmeoir a bheith rannpháirteach sa Tráinse sin, táim ar bís Tráinse 2 a oscailt anois do 4,000 feirmeoir eile.”
Is féidir le feirmeoirí a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh ar Thráinse 2 seiceáil anois ar AgFood chun oibriú amach cén cur chuige ACRES - ACRES Ginearálta nó Comhoibriú ACRES - a bhfuil siad incháilithe dó, toisc go gcuirfidh sé seo lena gcinneadh iarratas a dhéanamh, agus ar cén sruth.
Ag tabhairt faoi deara go mbeidh trí chéim arís sa phróiseas iarratais ACRES, mar a bhí i gceist le hiarratais ar Thráinse 1 na Scéime, thug an Roinn Talmhaíochta le fios, cé go mbeidh an córas ACRES ag oscailt go luath an mhí seo chugainn, gur cheart d'fheirmeoirí agus a gcomhairleoirí ACRES tús a chur le cuid den obair ullmhúcháin a bhaineann leis chomh luath agus is féidir. Tá áis an Chomhaontaithe Rochtana le haghaidh Tráinse 2, an chéad chéim sa phróiseas, oscailte anois. Is é seo an áis ar líne inar féidir le comhairleoirí ACRES Léiriú Spéise a chur isteach le haghaidh Tráinse 2 de ACRES. Ní mór do chomhairleoirí é a chomhlánú maidir le gach ceann dá gcliaint ar mian leo cur isteach ar ACRES, sula n-ullmhaítear an Plean Inbhuanaitheachta Feirme (FSP) riachtanach. Osclóidh Córas Bainistíochta Talún Cineálach (GLAM) na Roinne ansin sna chéad chúpla seachtain atá romhainn chun Pleananna Inbhuanaitheachta Feirme a ullmhú. Ar deireadh, osclófar an Córas ACRES chun na hiarratais a chur isteach go foirmiúil go luath i mí na Samhna. Tugann rolladh amach céimnithe an phróisis iarratais tréimhse níos faide do chomhairleoirí ACRES chun a n-athbhreithniú tosaigh a dhéanamh, chun cuairt a thabhairt ar fheirmeacha agus chun dul i gcomhairle le cliaint sula gcuireann siad iarratas ACRES isteach.
Sa chás go bhfaightear líon níos airde iarratas, cuirfear próiseas rangaithe agus roghnúcháin i bhfeidhm bunaithe ar mhéid an tsochair comhshaoil a bheidh le soláthar.
Tá réamhíocaíochtaí dóibh siúd atá i dTráinse 1 de ACRES faoi láthair á bpróiseáil ag an Roinn agus tá sé beartaithe go dtosóidh na híocaíochtaí i dtreo dheireadh mhí na Samhna.
Mar fhocal scoir, ghlac an tAire buíochas le feirmeoirí atá páirteach as a rannpháirtíocht ghníomhach leis an gclár agus le comhairleoirí ACRES as a n-iarrachtaí ollmhóra le míonna beaga anuas chun measúnú a dhéanamh ar thailte.
Tá eolas cuimsitheach maidir le ACRES ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag gov.ie - Sceim Timpeallachta Agra-Aeraide Tuaithe (ACRES) (www.gov.ie)
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
• Is í an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) an beart agra-chomhshaoil-aeráide faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
• Tá an Scéim á cómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag an státchiste náisiúnta.
• Tá dhá chur chuige laistigh den Scéim:
1. ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta de réir mar atá sainmhínithe do chur chuige Comhoibriú ACRES thíos), a thairgeann raon beart (treoir agus bunaithe ar thorthaí araon); agus
2. Comhoibriú ACRES, atá ar fáil d'fheirmeoirí i limistéir shainithe geografacha ardtosaíochta. Taispeánann an léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha ACRES do Thráinse 1 na 8 gcrios de Thionscadal Comhair ACRES (‘CP’).
• Ní féidir le feirmeoir ach conradh a dhéanamh le haghaidh cur chuige amháin de na cineálacha cur chuige agus ní féidir leis/léi páirt a ghlacadh in ACRES Ginearálta agus i gComhoibriú ACRES araon. Tá scrúdú laistigh de AgFood inar féidir le feirmeoir a fháil amach cén cur chuige a bhfuil sé/sí incháilithe dó.
Tráinsí
• Déantar an iontráil isteach sa Scéim de réir a chéile, ina dtráinsí, chun an t-ualach oibre ar chomhairleoirí a leathadh agus chun a chur ar a gcumas dóthain ama a leithdháileadh chun iarratais a ullmhú, agus chun an Plean Inbhuanaitheachta Feirme (FSP) a chríochnú agus chun na gníomhartha cuí a roghnú.
• Bhí Tráinse 1 oscailte d’iarratais ón 17 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 7 Nollaig 2022, an 7 Nollaig san áireamh, agus tá páirt á glacadh ag thart ar 46,000 feirmeoir sa Scéim faoi láthair.
• Tá sé beartaithe Tráinse 2 den Scéim a oscailt go foirmiúil chun iarratais a chur isteach go luath i mí na Samhna - dáta le deimhniú go luath.
• Ní mór do chomhairleoir faofa ACRES iarratas ar ACRES a chur isteach thar ceann an fheirmeora.
• Chun iarratas a chur isteach thar ceann a gcliant feirmeoirí, ní mór do chomhairleoir faofa ACRES an méid seo a leanas a dhéanamh, maidir le gach duine dá gcliaint:
1. Léiriú Spéise/Comhaontú Rochtana a chur isteach;
2. Plean Inbhuanaitheachta Feirme (FSP) a ullmhú agus a chur isteach ar chóras Bainistíochta Talún Cineálach (GLAM) na Roinne, agus
3. An t-iarratas a chomhlánú agus a chur isteach chun uaslódálacha ábhartha a chur san áireamh.
• Ní mór na 3 chéim ar fad a chomhlánú sula measfar gur cuireadh na hiarratais isteach go foirmiúil.
• Mar a d’fhógair an tAire, tá áis ar fáil anois do chomhairleoirí chun tús a chur leis an bpróiseas iarratais ar Thráinse 2 de ACRES, trí Léiriú Spéise a chur isteach.
NPIanna
• Foilsíodh le déanaí freisin liosta na nInfheistíochtaí Neamhtháirgiúla (NPInna) atá beartaithe ar féidir le rannpháirtithe sa chur chuige Comhoibriú ACRES cur isteach air.