Foilsíonn an tAire Martin athbhreithnithe ag éirí as an mionscrúdú neamhspleách ar RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá dhá athbhreithniú foilsithe inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., a coimisiúnadh i ndiaidh chinnidh an Rialtais mionscrúdú neamhspleách, cuimsitheach a thosú ar Raidió Teilifís Éireann (RTÉ):
• Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr réitithe ag Coiste Comhairleach Saineolaithe faoi chathaoirleacht an Oll. Niamh Brennan; agus
• Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheora, Acmhainní Daonna (AD) agus Nithe Eile réitithe ag Coiste Comhairleach Saineolaithe faoi chathaoirleacht Brendan McGinty.
Tá na hathbhreithnithe cuimsitheach agus leathan agus idir an dá cheann acu tá 116 moladh, ina measc:
• an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a cheapadh mar iniúchóir ar RTÉ;
• an reachtaíocht a dhéanann rialachas ar ról Bhoird RTÉ a thabhairt suas chun dáta;
• feidhmeanna fiontair agus comhlíonta RTÉ a fheabhsú agus acmhainní a chur ar fáil dóibh;
• iachall a chur ar RTÉ uasmhéid a chur ar aon scéim fágála amach anseo;
• athchóiriú a dhéanamh ar an gcur chuige um láithreoirí a earcú agus a íoc.
• feidhmíocht Bhoird RTÉ agus a gcoistí a fheabhsú;
• cinntiú go bhfuil trédhearcacht ar phá ardfheidhmeannach na heagraíochta;
• freagracht an Ardstiúrthóra don Bhord a fheabhsú;
• cur i bhfeidhm pholasaithe inscne, comhionnanais, ilchineálachais agus ionchuimsitheachta a neartú in RTÉ; agus
• cinntiú go bhfuil éifeacht, trédhearcacht agus comhairliúchán le fostaithe bainteach leis an athbhreithniú ar rólanna agus gráid atá le teacht in RTÉ.
Tá 90 moladh san Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr chun athchóiriú a dhéanamh ar chreatlach rialachais chorparáideach RTÉ agus ar chultúr agus modh gnó na heagraíochta. Agus í ag fáiltiú roimh fhoilsiú na n-athbhreithnithe, dúirt Cathaoirleach an Choiste Comhairleach Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr, an tOll. Niamh Brennan:
“I bhfianaise a róil tábhachtaigh sa tsochaí Éireannach agus mar chomhlacht Stáit, tá sé riachtanach go mbeadh córas éifeachtach rialachais ag RTÉ. Aithníonn ár dTuarascáil gnéithe de rialachas RTÉ ina bhfuil feabhas ag teastáil. Tá sraith moltaí chuimsitheach tugtha againn anseo chun athchóiriú a dhéanamh ar rialachas RTÉ agus chun féidirtheachtaí a laghdú go dtarlóidh na fadhbanna a tháinig chun cinn arís.”
Rinne an t-Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheora, AD agus nithe eile 26 moladh mionsonraithe chun feabhas a chur ar mhaoirseacht agus ar chórais RTÉ ó thaobh chonraitheoirí agus láithreoirí a earcú agus a íoc, úsáid chonarthaí fostaíochta gearrthéarmacha, agus téarmaí agus coiníollacha oibre in RTÉ. Ag labhairt dó faoi thionchar an athbhreithnithe, dúirt Cathaoirleach an Choiste Comhairleach Saineolaithe ar Tháillí Conraitheora, AD agus Nithe Eile, Brendan McGinty:
“Cé go bhfuil iomaí dúshlán straitéiseach agus gníomhach os comhair RTÉ go fóill, cuirfidh ár moltaí ar chumas RTÉ níos mó idirghnímh ionchuimsithigh, trédhearchachta agus freagrachta a bhunú ar fud na heagraíochta. Tá sé mar aidhm soiléir againn má ghlactar leis agus má chuirtear i bhfeidhm na moltaí, agus RTÉ ag cruthú todhchaí inbhuanaithe le tacaíocht agus muinín an mheithil oibre, go bhfeicfear na hardchaighdeáin rialachais, cheannasaíochta agus chleachtais bhainistíochta atáthar ag súil leo ó RTÉ agus go n-athtógfar na caighdéain sin agus muinín an phobail.”
Inniu, ghlac an Rialtas i bprionsabal leis na moltaí uile, 116 cinn acu in iomlán, a rinne na Coistí Comhairleacha Saineolaithe. Beidh iachall ar RTÉ plean a chruthú taobh istigh de sé sheachtain a leagfaidh amach na gníomharthaí agus amlínte bainteach le cur i bhfeidhm na moltaí. Beidh maoirseacht ar phlean RTÉ ag Grúpa Monatóireachta, a chuimseoidh Roinn an Aire agus ionadaíocht sinsear ó NewERA.
A labhairt i ndiaidh chruinnithe an Rialtais, dúirt an tAire Martin:
“Inniu, d’fhoilsigh mé dhá athbhreithniú cinniúnacha ar RTÉ. Tá suntas ag baint leis na tuarascáileacha seo os rud é gur iad na chéad tuarascáileacha, ó thosaigh an ghéarchéim in RTÉ, le moltaí iontu. Sna 116 moladh a rinne na Coistí Comhairleacha Saineolaithe tá plean d’athchóiriú RTÉ amach anseo. Má chuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad, feabhsófar rialachas RTÉ, laistigh agus lasmuigh; cinnteofar go léiríonn cultúr RTÉ na luachanna seirbhíse poiblí atá ag an meitheal oibre; agus feabhsófar caidreamh tionsclaíoch mar aon le próisis agus nósanna acmhainní daonna. Taispeánann na hathbhreithnithe an bealach chun RTÉ níos ionchuimsithí, níos trédhearcaí agus níos freagraí a bhaint amach, eagraíocht a léiríonn caractar seirbhíse poiblí."
"Ba mhian liom mo bhuíochas a ghabháil le comhaltaí na gCoistí Comhairleacha Saineolaithe as a gcuid ama agus saineolais a thabhairt do na hathbhreithnithe seo."
"Tosóidh mise ar an obair láithreach chun na moltaí a bhaineann le mo Roinnse a chur i bhfeidhm. Mar chuid de seo, tá rún agam moltaí a réiteach agus a cur faoi bhráid an Rialtais chun an reachtaíocht maidir le RTÉ a athchóiriú, ina measc an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a cheapadh mar iniúchóir ar RTÉ.”
D’fhoilsigh an tAire Martin freisin tuarascáil deiridh an chuntasóra foiréinsigh, Mazars, a ceapadh chun mionscrúdú a dhéanamh ar an gcuntas malartáin agus aon chuntas eile nach raibh ar chlár comhardaithe RTÉ a lorg, faoi alt 109(7) d’Acht Craoltóireachta 2009. Sa tuarascáil:
• cinntítear go bhfuil taifead cruinn i ráitis airgeadais RTÉ anois ar an gcuntas malartáin agus ar fhrithidirbheartaíochtaí
• aithnítear go foirmeálta roinnt idirbheart malartáin nach raibh bunús cuí leo; agus
• tuigtear nach raibh tuairisciú cruinn ceart á dhéanamh d’Airí ag RTÉ ar chaiteachas ar fháilteachas nó ar thaistil agus cothú a chuaigh tríd an gcuntas malartáin sa tréimhse 2017 - 2022.
Agus an tuarascáil foilsithe, scríobhfaidh an tAire Martin chuig Cathaoirleach Bhord RTÉ ag lorg soiléirithe chinnte agus gealltanais maidir le rialachas agus feidhmíocht chuntas malartáin RTÉ agus a gcuid frithidirbheartaíochtaí sa tréimhse 2017 – 2022 agus sa tréimhse tuairiscíochta amach romhainn (2023).
Tá na tuarascáileacha ar fail anseo .
CRÍOCH
Cúlra
Ar 4 Iúil 2023, le toil an Rialtais, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., bunú athbhreithniú neamhspleách, cuimsitheach ar RTÉ, a chuimsigh dhá athbhreithniú éagsúla agus comhthreomhara ag Coistí Comhairleacha Saineolaithe:
• Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr; agus
• Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheora, Acmhainní Daonna (AD) agus Nithe Eile.
Fuair na Coistí Comhairleacha Saineolaithe tacaíocht ina gcuid oibre ó na sainchomhairleoirí, Crowe Advisory Ireland, óna gcomhairleoirí dlí, McCann Fitzgerald, agus ó rúnaíochta d’oifigigh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
I ndiaidh chomórtais soláthair, ar 12 Iúil 2023, d’fheidhmigh an tAire a cuid cumhachtaí faoi alt 109(7) d’Acht Craoltóireachta 2009 agus cheap sí cuntasóirí foiréinseacha, Mazars, chun mion scrúdú a dhéanamh ar chuntas malartáin agus aon chuntas eile nach raibh ar chlár comhardaithe RTÉ a lorg.
Ar 25 Lúnasa 2023, d’fhoilsigh an tAire tuairisc eatramhach Mazars ar an gcuntas malartáin.
Ballraíocht na gCoistí Comhairleacha Saineolaithe
B’iad na comhaltaí ar an gCoiste Comhairleach Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr ná:
• An tOll. Niamh Brennan (Cathaoirleach);
• Dr Margaret Cullen;
• Stephen Smith.
B’iad na comhaltaí ar an gCoiste Comhairleach Saineolaithe ar Tháillí Conraitheora, AD agus Nithe Eile ná:
• Brendan McGinty;
• Patricia King;
• Liam Kelly.
Tá eolas beatháisnéiseach ar na comhaltaí ar fáil anseo .
Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr
Bhí ar an gCoiste Comhairleach Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr tabhairt le fios an raibh creatlach riachalais chorparáideach RTÉ ag teacht leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú agus reachtaíocht chuí, agus an raibh córas láidir rialachais inmheánach i bhfeidhm. Bhí ar an gCoiste freisin measúnú a dhéanamh ar thréithe chultúir RTÉ agus a modh gnó a dhéanamh, agus moltaí a dhéanamh ar an méid uile thuas.
Tá téarmaí tagartha iomlána don Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr ar fáil anseo .
Rinne an Coiste Comhairleach Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr 90 moladh:
• • dul i ngleic leis an ailtireacht rialachais seachtrach a bhaineann le RTÉ (Moltaí 2.1 – 2.4);
• freagracht fheidhmeannaigh RTÉ a fheabhsú, go sonrach idir an Ardstiúrthóir agus Bord RTÉ (Moltaí 4.1 – 4.6);
• rólanna, dualgais agus eagraíocht Bhord RTÉ a neartú, ina measc cumas an Bhoird a shoiléiriú agus a fheabhsú i leith a gcuid dualgas agus freagrachtaí a fheidhmiú, feidhmíocht choistí Boird a fheabhsú, agus cinntiú go bhfuil na scileanna cuí ar an mBord (Moltaí 5.1 – 5.33);
• córas inmheánach rialachais RTÉ a fheabhsú, le béim ar fhiontar, comhlíontacht agus iniúchadh inmheánach, agus go sonrach an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a cheapadh mar iniúchóir ar RTÉ agus cinntiú gur féidir le RTÉ comhlíontacht a léiriú don reachtaíocht chuí agus don Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (Moltaí 6.1 – 6.41); agus
• cinntiú go léiríonn cultúr RTÉ a gcuid luachanna, trí chultúr freagrachta a thabhairt isteach agus creatlach cultúrtha a chruthú (Moltaí 7.1 – 7.6).
Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheora, AD agus Nithe Eile
B’é freagracht an Choiste Comhairleach Saineolaithe ar Tháillí Conraitheora, AD agus Nithe Eile athbhreithniú a dhéanamh ar an maoirseacht agus na córais trína earcaíonn RTÉ conraitheoirí agus láithreoirí, úsáid chonarthaí gearrthéarmacha agus ar théarmaí agus coiníollacha oibre in RTÉ, agus chun moltaí a dhéanamh air sin uile.
Tá téarmaí tagartha iomlána an Athbhreithnithe ar ar Tháillí Conraitheora, AD agus Nithe Eile ar fáil anseo .
Rinne an Coiste Comhairleach Saineolaithe ar Tháillí Conraitheora, AD agus Nithe Eile 26 moladh ar mhaithe le:
•• níos mó athchóiriú ar an bpróiseas íocaíochta agus ceapacháin láithreoirí agus aghaidh a thabhairt ar ról na ngníomhairí (Moltaí 5 – 10);
• cinntiú go mbeidh Scéimeanna Scaoilíocaíochta agus imeacht lucht oibre cothrom amach anseo (Moladh 2);
• soileíriú a thabhairt ar uasphá RTÉ agus trédhearcacht ar ardphá a fheabhsú (Moltaí 16 agus 17);
• aghaidh a thabhairt ar ról chonraitheoirí, fostaithe ar chonarthaí gearrthéarmacha agus rangú oibrithe/conraitheoirí mar fhostaithe/oibrithe féinfhostaithe (Moltaí 5 agus 12);
• caidreamh tionsclaíoch in RTÉ a athnuachan chun caighdeán na ngaolta oibre a fheabhsú (Moltaí 3 agus 4);
• cinntiú go bhfuil an t-athbhreithniú atá ar siúl maidir le rólanna agus gráid (Moladh 15) agus an t-athbhreithniú atá le teacht ar liúntais (Moladh 18) éifeachtach, trédhearcach agus déanta i gcomhairle le fostaithe;
• cleachtais nua AD a spreagadh chun feabhas a chur ar fhoghlaim agus forbairt; inscne, comhionnanas, ilchineálachas agus ionchuimsitheacht (GDEI); glór an fhostaí; freagracht na bainistíochta agus role na feidhme AD (Moltaí 7, 13, 14, 19, 20, 21, 22, 23, 25, & 26);
• caighdeáin fostaíochta a chinntiú i léiriúcháin coimisiúnaithe (Moladh 11);
• aghaidh a thabhairt ar oidhreacht na sadhlann eagraíochtúla (Moladh 24).
Mionscrúdú ar chuntas malartáin RTÉ agus cuntais eile nach bhfuil ar chlár comhardaithe RTÉ
De réir téarmaí tagartha an mhionscrúdaithe a rinne Mazars, séard a bhí ag teastáil ná:
• • sainaithint aon chuntais nach raibh ar chlár comhardaithe RTÉ le linn an tréimhse 2017 – 2022;
• mionscrúdú ar an uile idirbheartaíocht a déanadh tríd an gcuntas malartáin agus aon chuntas eile nach bhfuil ar an gclár comhardaithe;
• sainaithint an raibh taifead cruinn ar na hidirbheartaíochtaí seo i ráitis airgeadais RTÉ;
• athbhreithniú ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le bunú an chuntais malartáin sa bhliain 2012; agus
• athbhreithniú ar cheisteanna, más ann dóibh, ar chur an fheidhm iniúchadh inmheánaigh agus na hiniúchóirí seachtracha maidir leis an gcuntas malartáin.
Tá téarmaí tagartha an mhionscrúdaithe ar fáil anseo .
Is iad príomhthorthaí an mhionscrúdaithe:
• • ní raibh rialachas sásúil ar an gcuntas malartáin, lena n-áirítear nach raibh polasaí nó próiseas doiciméidithe, nach raibh taifead sásúil á choimeád, agus go raibh próiseas faomhadh neamhfhoirmeálta i bhfeidhm;
• níor tugadh an cuntas malartáin ar an gclár comhardaithe go hiomlán go dtí 2022, le ceannach trí chuntas malartáin RTÉ taifeadta i ráitis airgeadais RTÉ ó 2019 ar aghaidh, agus creidmheasa neamhúsáidte maidir leis an gcuntas malartáin i ráitis airgeadais RTÉ ó 2022;
• cosúil le heagraíochtaí eile sna meáin, glacann RTÉ páirt i bhfrithidirbheartaíochtaí, agus ní cuntais nach bhfuil ar an gclár comhardaithe iad seo;
• idir 2017 – 2022, ní raibh polasaí frithidirbhearthaíochta foirmeálta ag RTÉ agus ní raibh taifead sásúil maidir le cineálacha éagsúla frithidirbheartaíochta idir 2017 – 2019;
• i ndiaidh mhionscrúdú a dhéanamh ar €1.21m de cheannach malartáin, agus na taifid a ndeachaigh leo, sa tréimhse 2017 – 2022:
o Tá Mazars sásta nach raibh aon leas pearsanta á bhaint ó cheannach malartáin ag meitheal RTÉ;
o D’aithin Mazars roinnt indirbheartaíocht gan bunús bailí, nó nach raibh bunús na faofa agus an leas trachtúil soiléir.
• níor tuairiscíodh tromlach na gceannach malartáin faoi na cinnteidil fáiltíochta agus taistil agus cothú i dtuairisc bhliaintiúil chuimsitheach an Chathaoirligh don Aire sa tréimhse 2017 – 2022, rud atá ag teastáil faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú;
• maidir le bunú an chuntais malartáin sa bhliain 2012, níor tháinig Mazars ar thaifead faofa ar bith ag leibhéal an Fheidhmeannaigh nó ag leibhéal an Bhoird, ná taifead ar bith maidir le dearadh nó próiseis feidhmíochta;
• is cosúil nár nochtadh don bhfeidhm iniúchadh inmheánach in RTÉ go raibh ann don gcuntas malartáin;
• bhí cur chuige an iniúchóra seachtraigh maidir leis an gcuntas malartáin cuí i gcomhthéacs chaighdeáin chuntasaíochtas agus tuairisciú na n-iniúchóirí ar ráitis airgeadais RTÉ sa tréimh faoi athbhreithniú.