Fógraíonn an tAire O’Brien €100m breise do Scéim an Chéad Bhaile
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Bhí an-tóir ar an scéim maidir le húinéireacht tí a fhíorú agus faomhadh 5,400 ceannaitheoir ó seoladh an scéim
D’fhógair an tAire Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Darragh O’Brien inniu go bhfuil €100m breise geallta ag an Rialtas do Scéim an Chéad Bhaile.
Bunaíodh Scéim an Chéad Bhaile chun cabhrú le ceannaitheoirí céaduaire an bhearna idir a morgáiste, a n-éarlais agus an praghas tí nua a líonadh. Ó seoladh é breis is dhá bhliain ó shin, tá an-tóir ar an scéim agus tá 5,400 ceannaitheoir faofa. Go suntasach, leanann líon na n-iarratas de bheith ag ardú agus bhí líon na n-iarratasóirí nua sna chéad sé mhí de 2024 43% ní b’airde ná an tréimhse chéanna anuraidh.
Dúirt an tAire O’Brien:
“D’éirigh go hiontach le Scéim an Chéad Bhaile maidir le húinéireacht tí a fhíorú do dhaoine nach mbeadh in ann an bhearna inacmhainneachta idir a morgáiste, a n-éarlais agus an praghas tí nua a líonadh murach sin. Le fógra an lae inniu faoi mhaoiniú méadaithe, leathnófar raon feidhme na scéime, rud a fhágfaidh go mbeidh uaillmhian chun a bheith ina n-úinéir ar theach á fíorú ag níos mó daoine.
“Cinntíonn fógra an lae inniu faoi mhaoiniú méadaithe go bhfuil go leor acmhainní ag an scéim, rud a réitíonn an bealach do cheannaitheoirí céaduaire, do thógálaithe tithe nua, agus dóibh siúd atá ag tosú ar ré nua ina saol le bheith ina n-úinéirí tí. I bhfianaise rath na scéime go dtí seo, tá obair ar siúl chun an scéim a leathnú thar 2026..”
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Alan Dillion:
“Is dea-scéala breise é fógra an lae inniu dóibh siúd atá ag ceannach nó ag tógáil teach nua den chéad uair nó dóibh siúd atá ag cur tús as an nua. Tá sé feicthe agam ar fud na tíre, an dóigh ar réitigh an tionscnamh seo an bealach do dhaoine chun teach a cheannach nó chun céim shuntasach a ghlacadh i dtreo úinéireacht tí. Tá a rath leanúnach ag fíorú uaillmhian na húinéireachta tí do go leor teaghlach agus daoine aonair.”
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan:
“Fáiltím roimh an maoiniú feabhsaithe seo do Scéim an Chéad Bhaile. Ní hamháin go bhfuil gealltanas airgeadais a tugadh inniu mar bhonn faoi ghlacadh láidir na scéime atá ann cheana féin, ciallaíonn sé freisin go mbeidh muinín acu siúd atá ag smaoineamh ar an scéim a úsáid sa todhchaí go mbeidh sí ina rogha acu. Tá an Rialtas seo tiomanta do chabhrú le daoine teacht ar a dtithe féin ar go leor bealaí éagsúla agus tá an Chéad Bhaile mar chuid ríthábhachtach dár raon tacaíochtaí spriocdhírithe chun é sin a dhéanamh.”
CRÍOCH