Fógraíonn an tAire Sláinte faomhadh an Rialtais do Chlár Vacsaínithe Treo-Aimsitheora nua don Víreas Sincítiach Riospráide (RSV)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire Sláinte faomhadh an Rialtais inniu do Chlár Vacsaínithe Treo-Aimsitheora don Víreas Sincítiach Riospráide (RSV) i measc leanaí.
Tá sé mar aidhm ag an gclár, a bheidh ar siúl idir Mheán Fómhair 2024 agus Fheabhra 2025, an t-ualach a chuireann RSV ar an tseirbhís cúraim sláinte a mhaolú trí líon na dtinneas agus na n-ospidéal i measc leanaí óga a laghdú.
Tagann sé sna sála ar chomhairle ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) ag moladh go n-úsáidfí imdhíonadh antasubstaintí monaclónacha don téarma 2024/2025. Tairgfear an vacsaín do thart ar 28,000 naíonán le linn na tréimhse sin.
Bunaithe ar fhianaise ó chlár den chineál céanna a cuireadh i bhfeidhm sa Spáinn, meastar go laghdóidh an clár RSV do naíonáin in Éirinn líon iomlán na ndaoine in ospidéal faoi 453, chomh maith le suas le 48 san ICU.
Dúirt an tAire Donnelly:
“An geimhreadh seo caite, chonaiceamar an tionchar suntasach a bhí ag RSV ar ár seirbhís sláinte, go háirithe in ospidéil phéidiatraiceacha. Chonaiceamar an líon is mó riamh leanaí san ospidéal de thoradh RSV, agus is iad leanaí faoi bhun bliana amháin is mó a bhíonn buailte.
"Tá an-áthas orm faomhadh an Rialtais a fháil inniu don chlár seo a théann go díreach agus go tapa i ngleic leis an bhfadhb seo agus tá súil agam go mbeidh tionchar láithreach aige ar thinneas a laghdú agus an t-ualach ar ár n-acmhainní cúraim sláinte a íoslaghdú i rith an gheimhridh.
"Cuideoidh an clár Treo-Aimsitheora seo freisin le bonn eolais a chur faoi fhorbairt clár RSV amach anseo atá dírithe ar mhinicíochtaí tinnis i measc an phobail agus an méid daoine in ospidéil a laghdú."
Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Colette Bonner:
“Cuideoidh an clár treo-aimsitheora seo le leanaí óga a chosaint ó RSV agus le hacmhainn na seirbhíse sláinte a chosaint le linn an gheimhridh seo chugainn. Mholfainn do thuismitheoirí do naíonáin atá incháilithe an deis a thapú chun a leanbh a chosaint ó RSV agus leas a bhaint as an imdhíonadh de réir mar a bheidh sé ar fáil."
Tá an clár Treo-Aimsitheora á chur i bhfeidhm ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar bheart sealadach do shéasúr RSV 2024/2025 agus féadfar é a athrú sna sála ar na torthaí dena Measúnuithe Teicneolaíochta Sláinte (HTAnna) ar imdhíonadh RSV atá á dhéanamh faoi láthair ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA).