Searmanas Gradaim Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus an Iarthair Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, 2022
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bronnadh an Ghradaim Bhailte Slachtmhara SuperValu, 2022 do réigiún an Iarthuaiscirt agus an Iarthair inniu, Dé Céadaoin, an 5 Aibreán 2023, ag searmanas bronnta i gCaisleán Chill Rónáin i gCo. Ros Comáin. Bhronn an tUasal Frank Feighan T.D. na gradaim ar gach duine de na buaiteoirí thar ceann an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus Richard Lennon, Bainisteoir Réigiúnach le SuperValu.
Ag an searmanas, rinne an Teachta Feighan comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir agus rinne sé tagairt do sheoladh chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, 2023 le déanaí, ar comórtas é atá ann le 65 bliain anuas ag cur tionscnaimh chomhshaoil agus phobail chun cinn.
Dúirt an Teachta Feighan:
“Tá lúcháir orm a bheith in ann freastal ar an searmanas gradam thar ceann an Aire Humphreys agus molaim do choistí leas a bhaint as an maoiniú deontais de €1.4 milliún a d’fhógair an tAire Humphreys nuair a fógraíodh torthaí chomórtais 2022 i mí Dheireadh Fómhair, an bhliain seo caite. Is éard is cuspóir leis an maoiniú sin ná chun cabhrú le coistí a ullmhú do chomórtas na bliana 2023. Tá foirm iarratais don deontas faighte ag gach coiste incháilithe le déanaí agus ba chóir í a chur ar ais isteach chomh luath agus is féidir chun leas iomlán a bhaint as an maoiniú. Ó 2017 i leith, tá breis is €8 milliún curtha ar fáil ag Roinn an Aire Humphreys do ghrúpaí um na Bailte Slachtmhara mar mhaoiniú díreach. Ba cheart do ghrúpaí nár chuir a bhfoirm iarratais ar ais go fóill é sin a dhéanamh chun leas a bhaint as na cistí seo.”
Lean an Teachta Feighan leis, ag rá:
“Le blianta beaga anuas, tá na mílte duine tar éis obair dheonach a dhéanamh le grúpaí um na Bailte Slachtmhara agus is tír í ar féidir linn a bheith bródúil aisti dá bharr. Tá an-mheas agam ar na hoibrithe deonacha ó na hocht gcontae i réigiún an Iarthuaiscirt agus an Iarthuaiscirt agus ar na hoibrithe deonacha go léir a luigh isteach san obair i rith an 65 bliain atá imithe thart chun ár bpobail a dhéanamh níos tarraingtí, níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe do chách."
Tá SuperValu ag ceiliúradh 32 bliain d’urraíocht ar chomórtas na mBailte Slachtmhara i mbliana. Mhol an Teachta Feighan an tacaíocht a thaispeánann SuperValu ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon agus na tionscnaimh atá déanta acu le blianta beaga anuas i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, ag cuidiú lena chinntiú go mbíonn rath ar an gcomórtas agus go leanann sé de bheith ag imirt fíorthionchar ar phobail i ngach cearn den tír.
Tá méadú ag teacht ar an spéis i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu ó tharla an phaindéim, agus bhí 882 iontráil ar an gcomórtas in 2022.
Dúirt Richard Lennon, Bainisteoir Réigiúnach le SuperValu:
“Tabharfar comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu ar ais don 32ú bliain sa bhliain 2023, comórtas a leanann de bheith ag fás ó bhliain go chéile. Ní hamháin go dtugann an comórtas pobail áitiúla le chéile, ach cuireann sé ar a gcumas oibriú le chéile ar mhaithe le leas an phobail – trí fheabhas a chur ar inbhuanaitheacht, bithéagsúlacht agus tionscnaimh chaomhnaithe laistigh de bhailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí a rinne gach coiste Bailte Slachtmhara i rith na bliana, a chuireann a rannpháirtíocht pobail chun cinn, ag cothú mórtas áite. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do gach duine a bhí páirteach as a dtacaíocht agus a dtiomantas leanúnach do chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu.”
Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus tá sé á riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Tá an comórtas urraithe ag SuperValu ó 1992 i leith. Bhuaigh Céideadh i gCo. Ros Comáin an teideal réigiúnach agus tá liosta iomlán de bhuaiteoirí dhuaiseanna an lae inniu thíos.
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí:
Tabhair do d’aire
Tá comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu á riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus tá sé á urrú ag SuperValu. Tá cearta ainmniúcháin tugtha do SuperValu mar chuid den chomhaontú urraíochta seo. Maidir le haon tagairt chomórtas a dhéantar i gcineál meáin ar bith, ba cheart go luafar teideal iomlán an chomórtais ann mar Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu.