Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh dhul chun cinn ar thionscadail i bPáirc an Fhionnuisce
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an gCéadaoin 26 Bealtaine 2021 thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, cuairt ar Pháirc an Fhionnuisce chun tionscadail reatha a fheiceáil – athchóiriú ar gheataí stairiúla ar bhealach isteach na Páirce, boscaí nua bruscair á suíomh agus an obair a críochnaíodh ar an mBóthar Thuaidh. Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm gur críochnaíodh na hoibreacha ar an mBóthar Thuaidh roimh an spriocam agus go bhfuil athchóiriú na ngeataí agus na mbealaí isteach nach mór críochnaithe. Tá an-tóir ar Pháirc an Fhionnuisce; tá OPW ag freagairt don éileamh sin le cúpla mí anuas agus isteach sa Samhradh le boscaí nua bruscair, tuilleadh binsí agus seastáin rothar sa pháirc. Táim cinnte go mbainfidh cuairteoirí leas as ha háiseanna seo”.
Athosclaíodh An Bóthar Thuaidh inniu i ndiaidh oibreacha riachtanacha deisithe ar an mbóthar agus ar na cosáin taobh leis. Baineadh amach an seandromchla bóthair agus leagadh síos dromchla nua; tógadh suas na colbhaí eibhir um ghlanadh agus athleagan, agus leagadh síos cosáin nua. Cuireadh rampaí um cheansú tráchta feadh an bhóthair atá 2.5 ciliméadar ar fhad. Bhí an bóthar dúnta ón Luan 12 Aibreán agus tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an bóthar a athoscailt roimh an spriocdháta (18 Meitheamh). Chosain an tionscadal thart faoi €700,000 gan CBL a áireamh. Tá obair fós ar siúl ag Geata na Cabraí – na geataí athchóirithe a athchrocadh agus dromchla nua ar an mbóthar agus ar na cosáin taobh leo. Beidh an geata seo dúnta ar feadh seachtaine nó dhó eile.
Tá obair fós ar siúl ar na geataí agus ar na bealaí isteach. Táthar ag súil go mbeidh an obair athchóirithe ar na seacht mbealach isteach críochnaithe roimh dheireadh mhí Iúil. Idir 1833 agus 1906 a tógadh na bealaí isteach; is í seo an chéad uair iad a chaomhnú agus a athchóiriú. Tá an obair athchóirithe críochnaithe ar na geataí ag Cnoc Mhaolruain agus an Cuarbhóthar Thuaidh. Críochnófar an obair ar na geataí ag Cabrach agus Gráinseach Ghormáin (Ascaill an Chiardhuibh) laistigh de choicís eile.
Chuir OPW tús inniu le tástáil bliana ar Bhoscaí Dlúthóra Grianchumhachta i bPáirc an Fhionnuisce, le 40 bosca in áiteanna éagsúla ar fud na Páirce. Féadfaidh na boscaí seo a chúig oiread bruscair a ghlacadh ná na boscaí a bhí ann cheana – iomlan 20,000 lítear in aonturas thar na boscaí ar fad. Is boscaí séalaithe iad seo agus ní féidir le héin ná le hainmhithe bruscair a bhaint astu. Tosófar go luath ar thástail eile dá leithéid i bhFaiche Stiabhna.
Fuair OPW iarratais um breis suíocháin sa Pháirc le roinnt mí anuas agus mar sin tá binsí breise á suíomh ar fud na Páirce. Tá dearadh na mbinsí seo ag teacht le leagan amach stairiúil na Páirce agus cuirfidh siad leis na háiseanna scíthe le haghaidh cuairteoirí.
Chomh maith leis sin cuirfear seastáin breise rothar ar fáil ins na míonna atá romhainn agus cuirfear fáilte roimh mholtaí maidir leis na suíomhanna ina bhfuil siad seo de dhíth. Ba cheart moltaí a sheoladh trí ríomhphost chuig superintendent.park@opw.ie agus breathnófar gach iarratas a fhaightear.
-Críoch-
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Tírdhreach stairiúil a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis is ea Páirc an Fhionnuisce agus ceann de na tírdhreacha deartha is mó dá bhfuil i gcathair ar bith san Eoraip. Ar dtús ceapadh an pháirc mar fhialann Ríoga breis agus 350 bliain ó shin; is iad a saintréithe ná leanúnachas stairiúil, scála abhalmhór, suíomh cathrach agus suaimhneas. Inniu, clúdaíonn an Pháirc breis agus 700 heicteár - tírdhreach nádúrtha agus cultúrtha ar leithigh, páirc stairiúil agus páirc chathrach, suíomh le haghaidh réimse leathan imeachtaí agus áiseanna agus áit ina bhfuil institiúidí agus foirgnimh phoiblí tábhachtacha.
Áit chasta is ea an Pháirc freisin a bhfuil éagsúlacht feidhmeanna ag baint léi. Úsáideann na sluaite daoine í agus is bealach tromthráchta í freisin idir lár na cathrach agus na bruachbhailte mórthimpeall. Le blianta anuas d’imir fás na cathrach tionchar suntasach ar staid agus úsáid na páirce agus ar a ról agus a hacmhainn.
Sa Pháirc tá breis agus 25 chiliméadar bóthar, 17 gciliméadar buanraon rothar, 27 gciliméadar cosán faoi dhromchla, 11 chiliméadar balla teorainn, ocht ngeata feithicle, sé gheata coisithe agus breis agus 2,000 spás carrpháirceála.
Is acmhainn suntasach bithéagsúlachta í an Pháirc do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, a chuimsíonn 24 ghnáthóg éagsúil, breis agus 550 fia, breis agus 220 heicteár coillearnaí agus crann, 380 heicteár tailte féir chathrach; faightear ann 50% de na speicis mamacha atá in Éirinn agus 35% de na speicis éin.
Chun do chuairt a phleanáil nó um breis eolais féach phoenixpark.ie .