An Chéad Spléachadh ar Aerloingeas Nua Gharda Cósta na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá foilsithe ag Garda Cósta na hÉireann an chéad spléachadh ar an libhré nua le haghaidh na n-aerárthaí den chéad ghlúin eile atá le cur ar fáil dó faoi chonradh nua aersheirbhísí. Bhronn an Roinn Iompair an conradh nua 10 mbliana ar Bristow Éireann Teoranta (BIL) i mí Lúnasa 2023 agus déantar foráil ann do sheirbhísí cuardaigh agus tarrthála i héileacaptar de lá is d’oíche ó cheann ceann na bliana. Bainfear úsáid as sé héileacaptar AW189, iad cumraithe i gcomhair oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála (SAR), a bheidh bunaithe i mBaile Átha Cliath, i Sionainn, i Sligeach agus i bPort Láirge.
Beidh eitleán sciathán dobhogtha ag Garda Cósta na hÉireann den chéad uair riamh chomh maith, seirbhís a chuirfidh 2EXCEL Éireann (2EI) ar fáil ó Aerfort na Sionainne. Cuirfidh an t-eitleán sciathán dobhogtha sin le cumas an Gharda Cósta misin chuardaigh agus tarrthála a chomhordú agus monatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí comhshaoil agus ar dhaoine gortuithe ar longa taobh istigh de Limistéar Eisiach Eacnamaíoch na hÉireann, limistéar a bhfuil a achar thart ar 132,000 míle cearnach.
Ag labhairt dó faoin gconradh nua, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Iompair ar a bhfuil freagracht as Garda Cósta na hÉireann, Jack Chambers:
“Seirbhís riachtanach stáit é Garda Cósta na hÉireann, agus is léiriú é an conradh nua seo nach fada linn tréimhse spreagúil nua don eagraíocht. Tá an tseirbhís nua le tabhairt isteach de réir a chéile agus caithfear an-dúthracht lena chinntiú go rachaidh an t-athrú ón oibritheoir reatha chuig Bristow Éireann Teoranta ar aghaidh go binn. Níl i seoladh an libhré nua seo inniu le haghaidh na sain-aerárthaí nua atá le teacht in ionad na n-aerárthaí reatha ach céim eile chun cinn ar an aistear leis an nGarda Cósta a aistriú chuig an soláthar nua seirbhíse seo.
Dúirt Neil Ebberson, an Stiúrthóir Seirbhísí Rialtais le Bristow:
“Tá Bristow Éireann bródúil go bhfuilimid ag obair le Garda Cósta na hÉireann le haersheirbhís nua cuardaigh agus tarrthála a chur ar fáil don tír.
Beidh an libhré uathúil seo le feiceáil ar gach ceann de na héileacaptair nua, chomh maith leis an eitleán sciathán dobhogtha a bheidh ár gcomhpháirtí 2EI a oibriú, agus muid ag tosú ar an aistriú chuig an tseirbhís nua go déanach in 2024.”
Bhronn Údarás Eitlíochta na hÉireann Teastas Aeroibritheora (AOC) ar Bristow ag tús na míosa, rud a bhí ina chéim shuntasach chun cinn san aistriú chuig an gconradh nua. Bronnadh ar an gcomhlacht é tar éis dó próiseas fada iarratais agus measúnaithe, arna reáchtáil ag Údarás Eitlíochta na hÉireann, a chur i gcrích go rathúil agus cinntíonn sé go bhfuil na caighdeáin is airde ó thaobh gairmiúlachta agus sábháilteachta de á gcomhlíonadh ag oibritheoir Aersheirbhís an Gharda Cósta.