Léirithe spéise á lorg i dtaobh ballraíocht sa Choiste Logainmneacha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá léirithe spéise á lorg ó iarratasóirí oiriúnacha chun ballraíocht a ghlacadh sa Choiste Logainmneacha nua atá le ceapadh go luath ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan. Tá an Coiste Logainmneacha le bunú ar bhonn reachtúil faoi alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
Is é is príomhchúram don Choiste Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá comhairle seo an Choiste bunaithe ar scrúdú a dhéanamh ar thaighde an Bhrainse Logainmneacha – rannóg de chuid na Roinne. Chuige seo bíonn cruinniú amháin ag an gCoiste in aghaidh na ráithe agus pléitear fianaise go rialta ar líne trí chóras eislín.
Dúirt an tAire Catherine Martin faoin gcur chuige nua seo:
"Tá an-áthas orm go bhfuil próiseas oscailte curtha ar bun ag mo Roinn chun gur féidir le daoine i measc an phobail iad féin a chur chun cinn agus a bheith rannpháirteach san obair thábhachtach a bhaineann le logainmneacha Gaeilge na tíre. Is den tábhacht é go mbeidh Coiste Logainmneacha láidir ag feidhmiú sa tréimhse seo romhainn agus táim ag súil go gcuirfidh daoine ó chúlraí éagsúla a bhfuil saineolas agus spéis acu i réimse na logainmneacha iad féin chun tosaigh."
Agus é ag trácht ar an bpróiseas léirithe spéise, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan:
"Is cuid thar a bheith luachmhar dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre, agus a bhformhór mór fréamhaithe go domhain i ndúchas na Gaeilge. Tá ról ríthábhachtach le bheith ag an gCoiste Logainmneacha nua, atá le bunú go reachtúil go luath faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ó thaobh comhairle a chur orm i dtaobh na leaganacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit. Is céim dhearfach é go bhfuil an deis á tabhairt anois dóibh siúd a bhfuil saineolas agus spéis acu i réimse na logainmneacha a spéis a léiriú san obair atá le déanamh ag an gCoiste sna blianta beaga seo romhainn."
Tréimhse trí bliana a bheidh ag an gCoiste Logainmneacha. Feidhmíonn baill an Choiste Logainmneacha go deonach/ar bhonn pro bono. Tá tuilleadh faisnéise faoin gCoiste agus faoin bpróiseas léirithe spéise le fáil sa leabhrán faisnéise seo
Ba chóir léirithe spéise a sheoladh chuig personnel@tcagsm.gov.ie roimh 12.00pm meán lae, Dé Luain, 15 Bealtaine 2023.