Síníonn an tAire na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta 2024
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta 2024 sa dlí.
Is é aidhm na Rialachán aghaidh a thabhairt ar an dúshlán suntasach a bhaineann le One Health (Sláinte, Leas trí chéile) maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus fhrithsheadánacha agus a chinntiú go leanfar de bhealaí soláthair reatha na gcógas tréidliachta.
Foráiltear leis na rialacháin go mbeidh rialuithe níos déine ann maidir le húsáid stuama cógas frithsheadánach. Áirítear leis seo ábhair fhrithsheadánacha ar fad a uasrialáil chuig stádas cógas ar oideas amháin (POM). Ós rud é nach féidir ábhair fhrithsheadánacha a fháil anois ach amháin de bhun oideas tréidliachta arna eisiúint ag cleachtóir tréidliachta, treiseofar ról lárnach na comhairle tréidliachta gairmiúla maidir le riachtanas agus oiriúnacht táirgí frithsheadánacha a chinneadh.
Dúirt an tAire McConalogue go raibh sé ag díriú ar úsáid chuí agus stuama cógas tréidliachta frithmhiocróbach agus frithsheadánach a chinntiú ach, gan an bonn a bhaint de na bealaí soláthair atá ann d'fheirmeoirí trí mhiondíoltóirí, lena n-áirítear ceannaithe ceadúnaithe agus comharchumainn. Éascófar an méid sin trí “Phrótacal um Measúnacht Chuí” a thabhairt isteach maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta frithsheadánacha a oideasú. D'admhaigh sé, in ainneoin an phróisis shuntasaigh comhairliúcháin le blianta beaga anuas, go raibh raon ábhar imní agus peirspictíochtaí ag páirtithe leasmhara maidir leis na hathruithe atá á dtabhairt chun cinn.
Ag labhairt dó ar na rialacháin, dúirt an tAire:
“Ar thabhairt i gcrích na rialachán seo, d'fhéach mé le cothromaíocht réasúnta a bhaint amach idir dearcthaí éagsúla na bpáirtithe leasmhara, gan cur isteach ar an gcuspóir foriomlán. Bhí rannpháirtíocht fhairsing ann, rud a bhí tábhachtach, ach tá sé tábhachtach freisin soiléireacht a thabhairt do cheisteanna a bhfuil machnamh á dhéanamh orthu le tamall anuas. Tá sé ríthábhachtach leas a bhaint as saineolas tréidliachta iomchuí maidir le cógais a oideasú, ach chomh maith leis sin go mbeidh rochtain ag feirmeoirí ar na cógais sin ó bhealaí soláthair éagsúla ar chostas réasúnta. Táim sásta go mbaineann na rialacháin seo na cuspóirí sin amach.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Tugadh an tAcht um Rialáil Táirgí Íocshláinte Tréidliachta, Beatha Íocleasaithe agus Leasachán isteach i mí Iúil 2023. Tugann an tAcht cumhachtaí don Aire Rialacháin a dhéanamh maidir le réimsí de Rialacháin an AE a fhéadfar a chinneadh de réir an dlí náisiúnta. Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus fhrithsheadánacha trí úsáid stuama táirgí íocshláinte tréidliachta a chinntiú agus déanfar foráil leo maidir leis an méid seo a leanas:
• Díolacháin mhiondíola agus idirlín de tháirgí íocshláinte tréidliachta (VMPanna) a rialáil
• Sealbhú, riarachán agus stóráil VMPanna agus beatha íocleasaithe
• Allmhairiú VMPanna áirithe agus beatha íocleasaithe a cheadúnú
• Rialacha a bhaineann le Cógais ar Oideas Amháin (POM) a oideasú, lena n-áirítear ábhair fhrithsheadánacha
• Córas éigeantach oideas tréidliachta náisiúnta leictreonach (NVPS) a thabhairt isteach a bheidh ag teastáil ó gach dáileoir POManna, lena n-áirítear duine freagrach ag miondíoltóir ceadúnaithe ar nós comharchumainn.
(Curtha leis ar an 13 Meán Fómhair 2024)
Céard é cuspóir na Rialachán seo?
Clúdaíonn na Rialacháin seo, a thugtar isteach faoin Acht um Rialáil Táirgí Íocshláinte Tréidliachta, Beatha Íocleasaithe agus Leasachán, réimse cúrsaí, lena n-áirítear miondíol, láimhseáil agus stóráil agus soláthar na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, chomh maith le hoideasú agus dáileadh na dtáirgí seo.
Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin sláinte agus leas ainmhithe a chosaint, agus an tsláinte phoiblí a chosaint trí aghaidh a thabhairt ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus fhrithsheadánacha agus úsáid stuama na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a chur chun cinn.
Cén chaoi a dtéann na Rialacháin seo i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha?
Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha trí úsáid stuama na bhfrithmhiocróbán a chur chun cinn.
Is ionann na Rialacháin seo agus buntreoir do chóras éigeantach oideas tréidliachta náisiúnta leictreonach (NVPS). Cuirfidh an NVPS léargas ginearálta níos fearr ar fáil de tháirgí íocshláinte tréidliachta agus frithmhiocróbáin ar leith. Ceadóidh an léargas ginearálta seo gníomhartha reatha a mheas níos fearr chun srian a chur ar fhorbairt agus scaipeadh na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, a dtugtar mioneolas faoi inár ndara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta One Health chun dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha – iNAP 2.
Cén uair a bheidh sé riachtanach an Córas Náisiúnta Oideas Tréidliachta a úsáid?
Dréachtófar ordú um thosach feidhme don NVPS in am trátha. Tá sé beartaithe go mbeadh úsáid NVPS riachtanach ó lár mhí Eanáir 2025. Ón dáta seo ar aghaidh, caithfear gach táirge íocshláinte tréidliachta (seachas táirgí frithsheadánacha) a oideasú agus a dháileadh amach ag baint úsáid as NVPS.
Cén uair a bheidh sé riachtanach oideas tréidliachta a bheith agat chun táirgí frithsheadánacha a fháil?
Beidh sé riachtanach oideas a bheith agat chun táirgí frithsheadánacha a fháil i mí an Mheithimh 2025 agus ina dhiaidh sin ní mór gach rud a oideasú ag baint úsáid as NVPS.
Cén chaoi a dtéann na Rialacháin seo i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithsheadánacha?
Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithsheadánacha trí úsáid stuama táirgí íocshláinte tréidliachta a chinntiú. Áirítear leis seo:
• ábhair fhrithsheadánacha ar fad a uasrialáil chuig stádas cógas ar oideas amháin (POM), agus ní fhéadfar iad a cheannach ná a sholáthar ach mar thoradh ar oideas tréidliachta
• laghdú ar thréimhse bailíochta oidis d’ábhair fhrithsheadánacha go 6 mhí
Cén fáth a dteastaíonn oideas chun ábhair fhrithsheadánacha a fháil nuair a bhí fáil orthu thar an gcuntar go dtí seo?
Go dtí seo, bhain Éire úsáid as maolú ionas go mbeadh cead formhór na dtáirgí frithsheadánacha a sholáthar thar an gcuntar gan oideas. Uasrialaíodh ábhair fhrithsheadánacha chuig stádas cógas ar oideas amháin (POM) d’ainmhithe a tháirgeann bia mar gheall ar chinneadh a rinne an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) in 2019, nár chomhlíon Éire an critéar níos mó chun leas a bhaint as an maolú bunaithe ar fhadhb na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithsheadánacha, fadhb atá ag dul i méid agus an baol go dtruailleofar an timpeallacht.
Cuireann an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithsheadánacha inbhuanaitheacht an mhúnla táirgthe fhéaraigh atá bunaithe ar fhéar in Éirinn i mbaol, toisc gur dúshlán mór é galar seadánach do shláinte agus leas ainmhithe agus imríonn sé tionchar ar tháirgiúlacht na feirme, brabúsacht na feirme agus ar shlándáil an tsoláthair bia.
Cuireann an t-athrú seo Éire ar aon dul leis an gcuid eile den Aontas Eorpach maidir le soláthar na dtáirgí frithsheadánacha d’ainmhithe a tháirgeann bia.
Cén fáth nach bhfuil vacsaíní POM(e) ar fáil do mhiondíoltóirí, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí?
Ní raibh aon athrú ar an mbealach soláthair do leigheas cógas ar oideas amháin (díolmhaithe) vacsaíní (POM(e) Ní féidir ach le tréidlianna nó cógaiseoirí na vacsaíní seo a sholáthar agus ní raibh cead ag miondíoltóirí iad a sholáthar riamh.
Shocraigh an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte go n-úsáidtear na vacsaíní seo do ghalair chasta, agus dá bharr sin tá gá le comhairle díolphointe ó ghairmí a fháil maidir le húsáid éifeachtach, baol sábháilteachta a bhaineann lena n-úsáid, agus diúscairt vacsaín nár úsáideadh nó choimeádáin an vacsaín.
Cén tionchar a bheidh ag na Rialacháin ar chleachtóirí tréidliachta?
Ó lár mhí Eanáir 2025 beidh ar gach cleachtóir tréidliachta úsáid a bhaint as an gCóras Náisiúnta Oideas Tréidliachta (NVPS) agus oideas á eisiúint acu.
Ó mhí an Mheithimh 2025, beidh gá le hoideas tréidliachta a bheith agat chun aon ábhar frithsheadánach a cheannach.
Agus ábhar frithsheadánach á oideasú ag cleachtóir tréidliachta, ní mór dó prótacal ceart measúnaithe a dhéanamh mura bhfuil sé ag cur seirbhísí leanúnacha tréidliachta ar fáil don fheirmeoir, lena n-áirítear teagmháil leis na hainmhithe sa chlinic.
Ó thaobh taifead a choinneáil de, caithfidh tréidlianna ráiteas a choinneáil a thugann údar leis an gcinneadh ábhar frithsheadánach a oideasú, go háirithe más úsáid choisctheach nó cóir leighis do ghrúpa atá i gceist.
Cén tionchar a bheidh ag na Rialacháin ar fheirmeoirí?
Ó lár mhí Eanáir gheobhaidh feirmeoirí oidis leictreonacha ón tréidlia in áit na n-oideas páipéir. Beidh níos mó rogha ag an bhfeirmeoir maidir le cén áit a gceannaíonn sé an leigheas mar thoradh ar thabhairt isteach an Chórais Náisiúnta Oideas Tréidliachta (NVPS), toisc go n-eiseofar an t-oideas ar ríomhphost agus ar theachtaireacht téacs chuig an bhfeirmeoir.
Beidh feirmeoirí ábalta rochtain a fháil ar leighis thréidliachta trí na bealaí céanna soláthair mar a bhíodh go dtí seo. Nuair a thugtar isteach an riachtanas oideas a bheith agat chun ábhair fhrithsheadánacha a fháil i mí an Mheithimh 2025, déanfaidh an Prótacal Ceart Measúnaithe éascaíocht ar an rochtain ar ábhair fhrithsheadánacha trí Mhiondíoltóirí Ceadúnaithe agus Comhpháirtíochtaí.
Cinnteoidh an riachtanas oideas a bheith agat chun ábhair fhrithsheadánacha a fháil go ndéantar oidis amach go cúramach agus cuirfear feabhas ar shláinte ainmhithe agus ar éifeachtúlachtaí ag leibhéal feirme dá bharr sin.
Cén tionchar a bheidh ag na Rialacháin ar mhiondíoltóirí?
Ó lár mhí Eanáir 2025 beidh ar mhiondíoltóirí NVPS a úsáid agus iad ag dáileadh leighis ar oideas amháin.
Ó mhí an Mheithimh 2025, beidh ar mhiondíoltóirí oideas tréidliachta a bheith acu chun ábhair fhrithsheadánacha a sholáthar.
Cén tionchar a bheidh ag na Rialacháin ar chógaiseoirí?
Ó lár mhí Eanáir 2025 beidh ar gach cógaiseoir úsáid a bhaint as an gCóras Náisiúnta Oideas Tréidliachta (NVPS) agus leigheas ar oideas amháin á dháileadh acu.
Ó mhí an Mheithimh 2025, beidh ar chógaiseoirí oideas tréidliachta a bheith acu chun ábhair fhrithsheadánacha a sholáthar.