Fógraíonn an tAire Sláinte fobairt ar an gCreat Náisiúnta Inmheatróise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go bhfuil forbairt á déanamh ar an gCreat Náisiúnta Inmheatróise a leagann amach den chéad uair módúlacht cúraim chliniciúil do mhná a bhfuil inmheatróis acu.
Is é an Clár Sláinte Náisiúnta do Mhná agus do Naonáin de chuid na FSS atá i mbun forbairt a dhéanamh ar an gCreat agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn céimnithe, ag tosú i mbliana.
Tá sé bunaithe ar an bprionsabal, “an cúram ceart, san áit cheart, ag an am ceart”, agus sa mhúnla cúráim seo moltar go gcaitear le mná a bhfuil siomptóim inmheatróise acu amhail is dá mbeadh diagnóis faighte acu cheana féin.
Is forbairt shuntasach í seo sa chur chuige atá ann don chúram inmheatróise, mar cintíonn sé go bhfaighidh mná cóireáil éifeachtúil, go tráthúil, agus an leibhéal cuí.
Is féidir formhór mór na gcásanna a bhainistiú go maith sa chúram príomhúil le cuidiú ó dhochtúirí ginearálta. Beidh tacaíocht bhreise ildhisciplíneach ag teastáil ó roinnt othar. Eascófar é seo anois tríd na cúig fhoireann ildhisciplíneach atá á mbunú i ngach ceann de na líonraí máthreachais chun tacú le cóireáil iomlánaíoch don inmheatróis.
Beidh sainchóireáil ag teastáil ó líon beag ban a bhfuil a gcás níos casta. Cuirfear é seo ar fáil in dhá ionad speisialaithe inmheatróise for-réigiúnacha. Tá na hionaid seo á bhforbairt faoi láthair.
Is céim shuntasach é an fógra seo inniu, i Seachtain na Sláinte Ban, a rachaidh i ngleic le réimse i sláinte na mban nach bhfuil aitheantas tugtha dó go stairiúil.
Dúirt an tAire Donnelly:
“An tseachtain seo, Seachtain na Sláinte Ban, tá áthas orm go bhfuil módúlacht shoiléir á soláthar do mhná in Éirinn chun an inmheatróis a bhainistiú.
“Leis an Múnla Cúraim ina dhéantar talamh slán de go bhfuil diagnóis ann, cuirtear riachtanais na ban chun tosaigh, rud a chintíonn go bhfuil cóireáil thráthúil, éifeachtach á fáil acu a d’fhéadfadh tionchar claochlaitheach a bheith aige ar shaol ban.
“Ó 2019, tá fianaise cloiste ag an Tascfhórsa um Shláinte Ban a bhfuil inmheatróis acu. Tá cur síos déanta acu ar an ngalar agus úsáideadh na focail seo – ‘pianmhar, scoite amach, uaigneach, diagnóis mícheart’ i measc cinn eile.
“Is céim thábhachtach é an Creat seo, mar aon leis an infheistíocht i bhfoirne cóireála iomlánaíocha agus in dhá mhol for-réigiúnacha le haghaidh cásanna casta, agus cuirfidh siad feabhas ar thaithí agus ar thorthaí ban.”
Dúirt an Stiúrthóir Cliniciúil don Chlár Sláinte Náisiúnta do Mhná agus Naonáin, an Dr Cliona Murphy:
“Is forbairt shuntasach é an Creat seo sna hiarrachtaí atá ar bun againn cúram inmheatróise a fheabhsú. Tagann sé leis an aidhm ghinearálta an rochtain atá ag mná ar sheirbhísí ardchaighdeáin a fheabhsú.
“In éineacht le seirbhísí speisialaithe eile do shláinte na mban ar nós Seirbhísí Gíneiceolaíochta Siúlach “féach agus cuir cóireáil air”, Clinicí Meanapáis Saintacaíochta agus Moil Thorthúlachta Réigiúnacha, táimid ag cur feabhas follasach ar fáil i sláinte na mban.”