Fógraíonn an tAire Sláinte moltaí NIAC agus ICMO maidir le vacsaíniú bolgaí moncaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ag fógairt pleananna inniu chun úsáid vacsaín bolgaí a leathnú do dhaoine aonair atá i mbaol mór ó ionfhabhtú bolgaí moncaí in Éirinn.
Leanann sé moltaí a rinne an Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) don Phríomhoifigeach Leighis Eatramhach (CMO) an 22 Iúil, a thacaigh leis na moltaí seo.
Mhol NIAC:
Dúirt an tAire Donnelly:
“Fáiltím roimh na moltaí seo a léiríonn céim thábhachtach inár bhfreagairt leanúnach ar an ráig bolgaí moncaí agus a chabhraíonn leo siúd atá i mbaol mór nochta do bholgach moncaí a chosaint."
“Is gnách gur tinneas a thugann a sheal é bolgach moncaí, agus tagann formhór na ndaoine chucu féin laistigh de chúpla seachtain, ach tá gá le bearta breise de bharr scaipeadh tapa an ionfhabhtaithe thar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair. Tugann an fhianaise le fios go bhféadfadh an cur chuige seo maidir le próifiolacsas réamhnochta spriocdhírithe a bheith an-éifeachtach maidir le scaipeadh breise an ghalair a rialú.
“Oibreoidh an Roinn Sláinte agus FSS anois chun na moltaí nua seo a chur i bhfeidhm maidir le vacsaíniú."
Dúirt an CMO Eatramhach, an tOllamh Breda Smyth:
“Léiríonn na moltaí seo neartú ar bhearta chun tarchur galar a rialú agus cinntíonn siad go bhfuil ár bhfreagairt ar an gcás seo atá ag teacht chun cinn bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil.
“Molaim go láidir dóibh siúd a bhfuil siomptóim ionfhabhtaithe acu comhairle leighis a lorg agus an treoir sláinte poiblí a leanúint."
CRÍOCH
Is féidir na sonraí eipidéimeolaíochta is déanaí maidir le bolgach moncaí daonna in Éirinn a fháil ag https://www.hpsc.ie/a-z/zoonotic/monkeypox/title-22106-en.html