Déantar an t-éileamh ar Chóiríocht do Mhic Léinn Sainchuspóra (PBSA) a chinneadh go príomha ag dhá fhachtóir, rollú mac léinn, lena n-áirítear éileamh mac léinn neamhthíre, agus infhaighteacht cóiríochta malartach do mhic léinn. Tá an méadú ar líon na mac léinn atá rannpháirteach san ardoideachas in Éirinn ag cruthú éilimh gan fasach ar chóiríocht oiriúnach, inacmhainne do mhic léinn. Méadaítear an t-éileamh seo, arna thiomáint ag tosca orgánacha, le héifeacht Brexit. Ag an am céanna, tá mic léinn nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar Chóiríocht do Mhic Léinn Sainchuspóra ina fhachtóir éilimh bhreise don earnáil cíosa sna hionaid uirbeacha, áit a bhfuil na hInstitiúidí Ardoideachais lonnaithe. Sin é an fáth go n-aithníonn straitéis tithíochta an Rialtais, Rebuilding Ireland, Plean Gníomhaíochta um Thithíocht agus Easpa Dídine, an rannchuidiú tábhachtach is féidir le soláthar cóiríochta mac léinn méadaithe a dhéanamh chun an fhadhb fhoriomlán tearc-thithíocht ar cíos a réiteach agus ar an gcaoi sin an brú cíosa a mhaolú, do mhic léinn agus do dhaoine nach bhfuil daltai. Meastar go gcuirtear teach ar fáil sa mhargadh cíosa ginearálta do gach ceathrar mac léinn atá lonnaithe i PBSA.