Fógraíonn McConalogue go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí GLAS
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí GLAS 2022. Íocfar beagán faoi bhun €113 milliún an tseachtain seo le beagán faoi bhun 32,600 feirmeoir atá rannpháirteach sa Scéim GLAS.
Dúirt an tAire,
“Tá an-áthas orm go bhfuil tús á chur ag mo Roinn leis na réamhíocaíochtaí GLAS seo le díreach faoi bhun 32,600 feirmeoir. Eiseofar na híocaíochtaí an tseachtain seo chuig 74.8% de rannpháirtithe GLAS agus beidh siad i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn.
“Tá sé mar phríomhthosaíocht agam íocaíochtaí a eisiúint go tapa chuig teaghlaigh feirme agus táim bródúil as an méid atá bainte amach go dtí seo. Is tacaíocht thábhachtach ioncaim d'fheirmeoirí iad na híocaíochtaí seo ag an am seo den bhliain agus, ar ndóigh, is aitheantas iad ar an méid atá bainte amach acu ar mhaithe leis an gcomhshaol sa scéim GLAS.”
Dúirt an tAire freisin,
“Le híocaíocht an lae inniu de bheagán faoi bhun €113m, tá iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh go dtí seo faoin scéim GLAS cothrom le €1.29 billiún. Sárófar an infheistíocht seo sa scéim ACRES atá ag teacht isteach, scéim ina bhfuil €1.5bn faighte agam don scéim shuaitheanta chomhshaoil seo.”
Leanfar de na híocaíochtaí a eisiúint ar bhonn rialta. Mhol an tAire d'fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu maidir le GLAS iad a sheoladh trí ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannán GLAS trí ríomhphost ag GLAS@agriculture.gov.ie
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach GLAS ag 053 9163425.
Contae | Líon feirmeoirí a íocadh | Méid |
Ceatharlach | 290 | €1,031,805 |
An Cabhán | 1,200 | €4,250,250 |
An Clár | 2,396 | €8,507,933 |
Corcaigh | 2,596 | €8,756,631 |
Dún na nGall | 3,026 | €9,541,147 |
Baile Átha Cliath | 60 | €200,906 |
Gaillimh | 3,951 | €13,699,311 |
Ciarraí | 2,504 | €8,825,403 |
Cill Dara | 239 | €875,899 |
Cill Chainnigh | 448 | €1,558,208 |
Laois | 501 | €1,737,234 |
Liatroim | 1,438 | €5,074,991 |
Luimneach | 1,050 | €3,700,232 |
An Longfort | 699 | €2,511,851 |
Lú | 175 | €599,319 |
Maigh Eo | 3,683 | €12,411,589 |
An Mhí | 474 | €1,672,169 |
Muineachán | 591 | €1,907,280 |
Uíbh Fhailí | 720 | €2,584,343 |
Ros Comáin | 1,813 | €6,473,013 |
Sligeach | 1,268 | €4,389,954 |
Tiobraid Árann | 1,277 | €4,659,685 |
Port Láirge | 364 | €1,282,124 |
An Iarmhí | 687 | €2,504,779 |
Loch Garman | 687 | €2,541,974 |
Cill Mhantáin | 447 | €1,689,624 |
Iomlán | 32,584 | €112,987,654 |