Earnáil na gColáistí Gaeilge - Ráiteas ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint, ag cur san áireamh na bearta éigeandála atá á nglacadh maidir le Covid-19, tá sé fógartha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nach reáchtálfar aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19.
Aithnítear gur tréimhse neamhghnách, éiginnte agus dhúshlánach atá romhainn ar fad agus gur buille é seo don Ghaeltacht trí chéile, gan trácht ar na mílte daltaí a bhí ag súil le freastal ar na coláistí le linn an tsamhraidh. Is í sláinte an phobail an rud is tábhachtaí, áfach agus tá ról ag gach duine sna hiarrachtaí atá ar bun chun scaipeadh an víris Covid-19 a mhaolú.
Tá sé deimhnithe ag an Roinn chomh maith nach gá do theaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge teastas nua innealtóra a chur ar fáil i mbliana - mar a bhí iarrtha roimhe seo - agus go mbeidh an Roinn i dteagmháil leis na teaghlaigh arís amach anseo faoin ábhar seo go sonrach.