An líon is airde riamh de theaghlaigh agus de sholáthraithe luathfhoghlama agus cúram leanaí atá ag gabháil don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• 90,000 leanbh ag baint leasa anois as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, méadú de 38,000 leanbh le 12 mhí anuas.
• Méadú 10% ar líon na soláthróirí luathfhoghlama agus cúram leanaí a thairgeann an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.
• Léiríonn sonraí an OECD gur thit, in 2021, glanchostais chúram leanaí mar sciar de ghlanioncam an teaghlaigh do thuismitheoirí aonair ar ioncam íseal faoi mheán an AE.
D’fhógair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige inniu go bhfuil 90,000 leanbh ag baint leasa as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí – an líon is airde ó cuireadh tús leis an Scéim. Léiríonn an figiúr seo méadú de 38,000 leanbh a bhain leas as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ón tráth seo anuraidh.
Ina theannta sin, tá méadú 10% tagtha ar líon na soláthróirí luathfhoghlama agus cúram leanaí a thairgeann an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ón tráth seo 12 mhí ó shin. Tá an méadú seo mar gheall, go príomha, ar an Scéim Bunmhaoinithe nua, a éilíonn ar sholáthraithe luathfhoghlama agus cúram leanaí an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a thairiscint do theaghlaigh a bhfuil rochtain acu ar a gcuid seirbhíse.
Chomh maith leis sin inniu, d'fháiltigh an tAire O'Gorman roimh shonraí OECD a léiríonn thar an tréimhse 2019-2021, bhí an laghdú is airde ar chostais luathfhoghlama agus cúraim leanaí ag Éirinn do theaghlaigh ar fud an AE.
Léirigh sonraí OECD ó 2018, sular tugadh isteach an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ag deireadh 2019, go raibh costais luathfhoghlama agus cúraim leanaí in Éirinn, i gcoibhneas le hioncam teaghlaigh, ar an líon ab airde san AE do lánúineacha ar ioncam íseal agus an tríú ceann is airde do thuismitheoirí aonair ar ioncam íseal, agus lánúineacha ag íoc 26.5 faoin gcéad ar an meán agus tuismitheoirí aonair ag íoc 25.2 faoin gcéad, i gcomparáid le meán an AE 9.6 faoin gcéad agus 10.5 faoin gcéad faoi seach.
Faoi 2021, thit costais luathfhoghlama agus cúram leanaí in Éirinn go 14.2 faoin gcéad den ghlanioncam do lánúineacha agus 5.3 faoin gcéad do thuismitheoirí aonair - i gcomparáid le meán an AE de 8.1 faoin gcéad agus 8.4 faoin gcéad faoi seach.
Ní chuireann na sonraí san áireamh feabhsuithe a rinneadh ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí in 2022, lena n-áirítear deireadh leis an gcleachtas uaireanta a caitheadh sa réamhscoil nó sa scoil a asbhaint ón teidlíocht go dtí uaireanta fóirdheonaithe ó agus an síneadh leis an bhfóirdheontas uilíoch do gach leanbh faoi bhun 15 bliana d'aois. Ní chuimsíonn sé athruithe atá le tabhairt isteach i mí Eanáir 2023 freisin.
Leithdháileadh €121m breise don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí faoin mBuiséad le déanaí a thabharfaidh infheistíocht sa Scéim suas le €357.6m in 2023. Ón 2 Eanáir 2023, beidh gach teaghlach a fhaigheann rochtain ar luathfhoghlaim agus cúram leanaí cláraithe i dteideal fóirdheontas uilíoch íosta de €1.40 in aghaidh na huaire a fháil de bharr costas na luathfhoghlama agus an chúraim leanaí faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí. Leis an bhfóirdheontas uilíoch íosta in aghaidh na huaire atá leagtha síos ag €0.50 san uair faoi láthair, is ionann sin agus €0.90 san uair breise as costas na luathfhoghlama agus an chúraim leanaí. Do theaghlaigh, ciallaíonn sé seo suas le €3,276 as a mbille bliantúil in aghaidh an linbh. Agus suas le €1,170 ar fáil in aghaidh na bliana faoi láthair, is ionann sin agus suas le €2,106 breise as costas bliantúil na luathfhoghlama agus cúram leanaí in aghaidh an linbh.
Ag fáiltiú roimh na forbairtí seo, dúirt an tAire O'Gorman:
“Tá an Rialtas ag comhlíonadh a gheallúint go mbeidh an luathfhoghlaim agus cúram leanaí ar ardchaighdeán inacmhainne agus inrochtana do gach leanbh.
"Tá ríméad orm go bhfuil líon na dtaifead de sholáthraithe luathfhoghlama agus cúraim leanaí i gconradh anois chun an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a sheachadadh agus tá líon na dtaifead teaghlach ag éileamh a dteidlíochta faoin Scéim anois. Mholfainn do dhaoine eile cuairt a thabhairt ar www.ncs.gov.ie,glaoch ar an Ionad Tacaíochta Tuismitheoirí ar 01 906 8530 nó labhairt lena soláthraí luathfhoghlama agus cúraim leanaí chun cinntiú go bhfuil siad ag baint lántairbhe as na tacaíochtaí airgeadais faoin Scéim seo.
"Is mór an spreagadh dom freisin sonraí a thagann chun cinn ón OECD a léiríonn feidhmíocht na hÉireann maidir le tacú le teaghlaigh, agus go háirithe teaghlaigh tuismitheoirí aonair, agus tá costas na luathfhoghlama agus an chúraim leanaí ag feabhsú go mór - agus an laghdú is airde ar chostais luathfhoghlama agus cúraim leanaí ag Éirinn do theaghlaigh ar fud an AE thar an tréimhse 2019-2021.
"Cé go n-admhaím tuilleadh dul chun cinn atá ag teastáil, tabharfaidh na feabhsuithe a thug mé isteach sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ó tháinig mé isteach san Oifig seo trí Bhuiséid 2022 agus 2023, laghduithe breise ar chostais phóca don luathfhoghlaim agus cúram leanaí do theaghlaigh agus feicfidh mé tuilleadh gnóthachain i bhfeidhmíocht na hÉireann i gcomhthéacs idirnáisiúnta."