Óstálann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála an chéad chomhdháil bhliantúil riamh dá chuid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Meitheamh 2024
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an chéad chomhdháil bhliantúil riamh dá chuid á óstáil ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála in The Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath, inniu. Tá thart ar 350 ionadaí i láthair, agus iad ag teacht ón earnáil phoiblí, ó institiúidí taighde agus ón tionscal. Is é cuspóir na comhdhála feasacht ar an gcibearshlándáil a chur chun cinn, caidreamh le geallsealbhóirí a éascú, agus léargais an tionscail a chomhroinnt.
A bhuí lena clár tosaigh, bhunaigh an chomhdháil í féin mar phríomhimeacht cibearshlándála de chuid earnáil phoiblí na hÉireann, áit a bhfuil ceannairí agus gairmithe cibearshlándála ag teacht le chéile chun lá a chaitheamh ag líonrú, ag comhroinnt eolais agus ag déanamh iarracht chomhoibríoch cur leis an tuiscint ar an staid reatha i réimse na cibearshlándála i measc na ndaoine uile atá i láthair.
Chun cabhrú leis sin, tá an chomhdháil dírithe ar thrí phríomhthéama:
Agus leas á bhaint as raon leathan speisialachas laistigh den earnáil cibearshlándála, áirítear na daoine seo a leanas leis na cainteoirí ag an gcomhdháil, i measc a lán daoine eile:
Agus crosphailniú tuairimí, barúlacha agus cúlraí difriúla á spreagadh, tá na díospóireachtaí painéil ag an gcomhdháil ag iniúchadh topaicí amhail an tírdhreach reatha cibearbhagartha, an Treoir athbhreithnithe maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise a thabharfar isteach go luath, agus an ról atá á imirt ag Intleacht Shaorga maidir leis an gcibearshlándáil a bhunathrú.
Agus í ina tionscnamh de chuid an Tionscadail Lárionaid Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil atá á chomhchistiú ag an Aontas Eorpach, tá an chomhdháil aireach freisin ar an ról is féidir léi a imirt maidir leis an acmhainneacht thionsclaíoch i gcoitinne i réimse na cibearshlándála a spreagadh agus a fhorbairt agus maidir le cur leis na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a dúnadh le déanaí ar an dréachtstraitéis thionsclaíoch náisiúnta. Dá réir sin, tá lúcháir ar an gcomhdháil a bheith in ann an tUas. Luca Tagliaretti, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála, a óstáil chun spreagaitheasc a thabhairt.
Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:
"Tá lúcháir orm go bhfuilimid in ann fáilte a chur roimh an oiread sin daoine a bhfuil ról lárnach acu in éiceachóras cibearshlándála earnála poiblí na hÉireann go Caisleán Bhaile Átha Cliath inniu.
"Bhí an oiread sin spéise sa chomhdháil seo go bhféadfaimis an áit seo a líonadh roinnt uaireanta. Léiríonn sé sin dom go n-aithníonn daoine aonair a oibríonn san earnáil gur gá dóibh dúshlán a chur rompu féin, cur lena gcuid eolais, agus na réimsí nua atá ag teacht chun cinn a iniúchadh go leanúnach, agus go bhfuil fonn orthu déanamh amhlaidh.
"Dhearamar an t-imeacht seo chun go dtaispeánfaí ann an obair a dhéanann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, go dtarraingeofaí aird ann ar dhúshláin reatha, agus go gcruthófaí spás ann le haghaidh idirphlé le geallsealbhóirí agus ina measc. Tá muinín agam a rá gur éirigh linn na haidhmeanna sin a chomhlíonadh i mbliana, agus comhdháil á hóstáil againn den chéad uair riamh."
CRÍOCH
Tar éis an chomhdháil tosaigh de chuid an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála a óstáil Dé Máirt an 25 Meitheamh, reáchtálfar tuilleadh cruinnithe ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, agus iad ar leibhéal an Aontais Eorpaigh an babhta seo.
Agus iad á n-óstáil ag an Lárionad thar ceann an Stáit, reáchtálfar na cruinnithe sin i gcomhthéacs obair an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus i gcomhthéacs struchtúir thacaíochta na mBallstát, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2021/887.
Is é a bheidh sa chéad cheann díobh, a bheidh ar siúl Dé Céadaoin an 26 Meitheamh, ná cruinniú de chuid Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin. Ina dhiaidh sin, tionólfar cruinniú dhá lá de chuid Bhord Rialaithe an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála.
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tá trí phríomhról ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Is iad sin: