Ráiteas ón Aire Catherine Martin TD ar éagadh Shane MacGowan
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léirigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, a cuid bróin ar bhás Shane MacGowan inniu (30 Samhain):
Le bás Shane, tá duine dár scríbhneoirí amhrán agus taibheoirí is fear caillte againn. Go háirithe lena chuid oibre leis na Pogues, thug Shane athbheochan don cheol traidisiúnta, tríd albaim tábhachtacha ar nós Red Roses for Me, Rum Sodomy and the Lash, agus If I Should Fall from Grace with God. Ón gcéad cúpla cheolchoirm de chuid na Pogues in Éirinn, in áiteanna cosúil leis an Staid Náisiúnta, tigh McGonagles agus an Olympic Ballroom, bhí lucht féachana Éireannach faoi dhraíocht a dtaispeántas dáimhiúla.
Ach is dá scríbhneoireacht amhrán a chuimhneofar ar Shane go deo. Bainfear taitneamh as amhráin ar nós A Pair of Brown Eyes (a rinne Christy Moore leagan iontach de), Sally MacLennane agus The Body of an American ar feadh na glúinte amach anseo. Agus le Fairytale of New York chruthaigh sé an t-amhrán Nollag is fear riamh, nach mór. Bhí bua suntasach aige eispearas na n-imirceach Éireannacha sa Bhreatain a chur in iúl, ar nós macalla de shaothar liteartha scríbhneoirí amhail is John Healy, a phlé téamaí cosúla ina leabhar The Grass Arena. Smaoinimid inniu chomh maith ar a chomhshaothar le Sinéad O’Connor agus an talann dochreidte atá caillte againn i mbliana.
Cuireann bás Shane i gcuimhne dúinn gur comhair luach a chur ar dhaoine agus iad beo, agus táim buíoch go raibh céiliúradh ar shaothar agus ar shaol Shane ar a 60ú lá breithe sa Cheoláras Náisiúnta. Guím comhbhrón ó chroí lena bhean Victoria, lena mhuintir i dTiobraid Árann agus ar fud an domhain, agus lena lucht leanúna dílis.