Ghlac an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD páirt i bhfíschomhdháil le hAirí Sláinte an AE maidir le COVID-19 agus soláthairtí cógas leighis an AE
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Déardaoin, an 16 Iúil 2020) ghlac an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD páirt i gcruinniú d’Airí Sláinte an AE inar mhalartaigh sé tuairimí lena chomhghleacaithe Eorpacha maidir le ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim Covid-19 chomh maith le bealaí chun soláthar cógas leighis san AE a chinntiú.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm go bhfuair mé an deis na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim Covid 19 a phlé le hAirí Sláinte eile an AE, agus le saineolaithe sláinte poiblí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Dúshlán don AE is ea freagairt láidir chomhordaithe ar phaindéim nach bhfuil meas aici ar theorainneacha. I ngach réimse inar ghníomhaigh an AE le chéile go rathúil, bhí tionchar níos mó ag an Aontas - bíodh sé sin maidir le trealamh riachtanach a sholáthar, ar vacsaíní, nó maidir le foghlaim a roinnt ar conas cuspóirí sláinte poiblí a chur chun cinn.
"Chuireamar fáilte in Éirinn roimh an treoir, an tsainchomhairle agus na measúnuithe arna soláthar ag ECDC le linn na géarchéime, a threoraigh ár bhfreagra náisiúnta. Mar gheall ar scála na héigeandála sláinte poiblí reatha, meabhraítear dúinn an géarghá ár gcinnteoireacht a bhunú ar anailís eolaíoch agus comhairle shaineolach cothrom le dáta. Bhí ról luachmhar ag an ECDC maidir leo seo a dhéanamh inrochtana do gach Ballstát”.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Maidir le cógais, tá Éire den tuairim chéanna le hUachtaránacht na Gearmáine go bhfuil gá le cur chuige straitéiseach chun cáilíocht, stóinseacht agus athléimneacht an tslabhra luacha cógaisíochta a fheabhsú. D’fhéadfadh go mbeadh deiseanna eacnamaíocha ann d’Éirinn freisin i bhfianaise neart an tionscail chógaisíochta anseo." Thacaigh an tAire freisin le feabhsuithe i bpróiseáil sonraí sláinte le haghaidh taighde agus sláinte poiblí.
Ba é seo an chéad chruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí Sláinte an AE, a tionóladh trí fhíschomhdháil, ó ghlac an Ghearmáin Uachtaránacht rothlach Chomhairle an AE. Bhí Jens Spahn, Aire Sláinte Cónaidhme na Gearmáine, ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Rinne an Leas-Uachtarán, Margaritis Schinas, agus an Coimisinéir Sláinte Stella Kyriakides ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach. D'fhreastail an Dr. Hans Kluge, Stiúrthóir Réigiúnach, Oifig Réigiúnach WHO don Eoraip agus oifigigh ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
CRÍOCH