Leagann McConalogue béim ar thosaíochtaí don mheastóireacht ar an gComhbheartas Iascaigh ag Comhairle Iascaigh an AE
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh inniu, leag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, béim ar chuid de na príomhcheisteanna atá le breithniú sa mheastóireacht atá le teacht ar an gComhbheartas Iascaigh (CBI).
“Ní mór don mheastóireacht sin aird ar leith a thabhairt ar an tionchar ar dheiseanna iascaireachta an AE agus na mBallstát mar thoradh ar na haistrithe cuótaí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, chomh maith le tionchar a bhíonn ag gníomhartha aontaobhacha Tríú Tíortha laistigh de chreat na Stát Cósta.”
Chomh maith leis sin, threisigh an tAire McConalogue go ndeachaigh na hathruithe ar an timpeallacht iascaigh le blianta beaga anuas i bhfeidhm ar an earnáil bia mara ar fad agus ní mór é sin a chur san áireamh freisin.
“I gcomhthéacs na meastóireachta ar an gComhbheartas Iascaigh, ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gceadaíonn sé seo deiseanna chun an nasc eacnamaíoch idir cabhlach an AE agus próiseálaithe an AE a neartú d'fhonn spleáchas a chothú don slabhra soláthair ar fad agus todhchaí eacnamaíoch inbhuanaithe a chinntiú don earnáil.”
Deis a bhí i gComhairle an lae inniu do na Ballstáit a gcuid tosaíochtaí a leagan amach don chaibidlíocht maidir le cuótaí a shocrú do 2024 agus leag an tAire McConalogue béim ar an ngá le “Straitéis Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh chuimsitheach agus chomhtháite do chomhaontuithe iascaigh seachtracha a chuireann san áireamh, i gcás inarb iomchuí, rochtain ar mhargadh aonair an AE.”
Tar éis na Comhairle, shonraigh an tAire:
.“Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag na páirtithe leasmhara go léir chun inbhuanaitheacht ár stoic éisc a fheabhsú. Is é an chéad chéim eile sa phróiseas seo soláthar inbhuanaithe a chinntiú do phróiseálaithe na hÉireann."