Ráiteas ón bPríomhoifigeach Leighis maidir le Rioscaí Sláinte a bhaineann le hAimsir The
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cé gur chóir go mbeadh daoine amuigh faoin aer an tseachtain seo agus iad ag baint taitneamh as an aimsir álainn, tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh ar bhealach chomh sábháilte agus is féidir.
Bí Cliste sa Ghrian – cuir ort neart grianscéithe go rialta a bhfuil fachtóir cosanta ar an ngrian 30+ ar a laghad aige do dhaoine fásta agus 50+ do leanaí, caith éadaí éadroma agus scaoilte a chlúdaíonn do chraiceann, caith hata agus spéaclaí gréine. Ól neart uisce chun tú féin a choinneáil fionnuar agus hiodráitithe.
Rioscaí eile ar chóir cuimhneamh orthu le linn na haimsire te seo ná tnáitheadh ó theas agus stróc teasa.
De ghnáth ní bhíonn tnáitheadh ó theas tromchúiseach más féidir leat fuarú laistigh de 30 nóiméad. I measc na gcomharthaí go bhfuil tnáitheadh ó theas ag dul duit tá tinneas cinn, meadhrán agus mearbhall, calliúint goile agus mothú tinn, análú nó cuisle tapa, teocht ard 38C nó os a chionn agus tart mór. Mura ndéantar cóireáil air d'fhéadfá stróc teasa a fháil, rud a chiallaíonn nach mbeidh an corp in ann é féin a fhuarú a thuilleadh agus caithfear déileáil leis seo mar chás éigeandála.
Má bhraitheann tú tinn, nó má léiríonn tú féin nó do leanaí aon cheann de na siomptóim thuas téigh chuig áit fhionnuar láithreach, tóg scíth agus ól uisce. Más gá, faigh cóir leighis.
Bí ag faire amach do dhaoine eile mórthimpeall ort, go háirithe daoine a d’fhéadfadh a bheith níos leochailí ó éifeachtaí teasa ar nós daoine aosta, leanaí óga agus páistí.
Ar deireadh, lean ort ag leanúint comhairle sláinte poiblí chun tú féin agus iad siúd timpeall ort a choinneáil slán ó COVID-19.
CRÍOCH