Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil Feidhmithe 2017-2026 na Straitéise Náisiúnta Ailse 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh Stephen Donnelly TD, an tAire Sláinte, Tuarascáil Feidhmithe 2017-2026 na Straitéise Náisiúnta Ailse 2023 inniu. Leagtar amach sa Tuarascáil an dul chun cinn a baineadh amach maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí rialaithe ailse atá dírithe ar thorthaí níos fearr a bhaint amach d'othair, mar a leagtar amach sna 52 moladh sa Straitéis. Léiríonn an tuarascáil conas a baineadh amach na moltaí seo i gcoinne na bpríomhtháscairí feidhmíochta, a dhíríonn ar ailse inchoiscthe a laghdú, luathbhrath agus feabhsuithe ar chóireáil agus iarchúram d'othair ailse a chur chun cinn.
Chuir an tAire Donnelly fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála, ag rá:
“In 2023 earcaíodh 127 ball foirne breise dár seirbhísí ailse, rud atá ina mhéadú suntasach ar an soláthar foirne do sheirbhísí ailse in Éirinn. Tá os cionn 215,000 duine ag maireachtáil anois, i ndiaidh dóibh diagnóis ailse a fháil. Is méadú 50% é seo thar thréimhse deich mbliana, rud a léiríonn rath ár Straitéisí Náisiúnta Ailse. In 2023, d'fhógair mé maoiniú €3 mhilliún do Chomhghuaillíocht na nIonad Tacaíochta Ailse Pobail, a chuireann réimse seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh i bpobail ar fud na hÉireann.
"Feictear fós an tairbhe d'othair mar gheall ar na leibhéil infheistíochta is airde in 2021 agus 2022 agus cuireadh roinnt tionscnamh i bhfeidhm chun díriú ar rochtain thráthúil ar chúram níos fearr ar fud na seirbhíse ailse. Leanfaidh an Rialtas seo ag infheistiú inár seirbhísí ailse, chun feabhsuithe bliain ar bhliain a chur ar fáil agus chun cur leis an dul chun cinn a rinneadh in 2023."
I mí Aibreáin 2023, fuair na chéad othair cóir leighis san ionad nua oinceolaíochta radaíochta i nGaillimh, a tógadh mar thoradh ar mhaoiniú caipitil €70 milliún. Cuireadh €9.89 milliún ar fáil mar chuid de Phlean Caipitil FSS 2023 chun tacú le soláthar áiseanna oinceolaíochta radaíochta i gCorcaigh, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Léiríonn an leibhéal infheistíochta tiomantas an Rialtais seo d'fhorbairt leanúnach seirbhísí oinceolaíochta radaíochta, áit a bhfuil cóireálacha sofaisticiúla cosúil le radaiteiripe eisídeach steiréatachtach (SABR) á gcur ar fáil anois. Leanadh le tuilleadh tionscadal caipitil do sheirbhísí ailse faoin bPlean Caipitil do 2023. Áiríodh leis sin an clár athsholáthair trealaimh (luasairí líneacha) do Líonra Oinceolaíochta Radaíochta Naomh Lúcás, leathnú ar an aonad lae oinceolaíochta in Ospidéal Ollscoile Chorcaí, agus dul chun cinn maidir le hionadú na nAonad Cumaisc Seipteach (ACUanna) in Ospidéal Ollscoile Chorcaí agus Ospidéal Ollscoile Thamhlachta a chur chun cinn.
In 2023, fógraíodh €7.5 milliún de mhaoiniú faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte le haghaidh ionad teiripeach nua Daisy Lodge do leanaí a bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh i gConga, Co. Mhaigh Eo. Beidh an t-ionad seo faoi stiúir an Chiste Ailse do Leanaí, eagraíocht charthanachta a bhfuil baint láidir aici le seirbhísí i dtaca le hailse phéidiatraiceach ar fud oileán na hÉireann. I dteannta leis an ionad de chuid Ciste Ailse do Leanaí atá ann anois sa Chaisleán Nua, Contae an Dúin, cuirfidh an Daisy Lodge nua raon seirbhísí ar fáil saor in aisce do theaghlaigh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Bernard Gloster, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS):
“Tá ailse fós ar cheann de na príomhréimsí ar a ndíríonn an FSS, agus tá bearta á nglacadh againn chun tacú le rochtain thráthúil ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil ailse. Le linn 2023, d’oibrigh Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse an FSS le comhpháirtithe éagsúla chun tacú le cur i bhfeidhm mholtaí na Straitéise Náisiúnta Ailse. Bhí ról lárnach ag tacaíocht ó chlinicí mear-rochtana maidir le diagnóis thráthúil, cruinnithe maidir le hailse agus foirne ildisciplíneacha a chothabháil chun pleanáil chomhordaithe maidir le cóireáil ailse a chinntiú. Taifead cúraim fadama, inrochtana atá dírithe ar an othar atá sa Chóras Náisiúnta Faisnéise Ailse atá beo anois i 16 as 26 ospidéal ar fud na tíre. Maidir leis na cláir scagthástála ailse daonra-bhunaithe, a ndéanann Seirbhís Náisiúnta Scagthástála an FSS maoirseacht orthu, leanann siad de phríomhról a bheith acu maidir le galracht agus mortlaíocht a bhaineann le hailse a laghdú agus díríodh go háirithe in 2023 ar líon na ndaoine a théann faoi scagthástáil ailse a mhéadú.”
Dúirt an tOllamh Risteárd Ó Laoide, Stiúrthóir Chlár Náisiúnta um Rialú Ailse FSS:
“In 2023, leanamar de bheith ag cur feabhsuithe maidir le rialú ailse i bhfeidhm de réir na Straitéise Náisiúnta Ailse. In 2023 díríodh go háirithe ar ailse craicinn a chosc, ar ailse a dhiagnóisiú go luath agus ar chonairí feabhsaithe maidir le hailse ó oidhreacht. Tugadh isteach cóireálacha nua, lena n-áirítear Teiripe Radanúiclíde le Gabhdóir Peiptíde (PRRT) chun cóireáil a chur ar dhaoine le haghaidh ailse néara-inchríneach. Leanamar freisin de bheith ag forbairt seirbhísí síocoinceolaíochta, cúram ailse do leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga agus raon tacaíochtaí do dhaoine atá ag fulaingt le hailse nó atá tar éis fulaingt le hailse. Tugadh chun suntais le taighde idirnáisiúnta an nasc idir fócas comhsheasmhach ar chur i bhfeidhm bheartais maidir le hailse agus torthaí feabhsaithe maidir le hailse. Táimid fós ag díriú ar leanúint de chur i bhfeidhm mholtaí na Straitéise Ailse chun feabhas a chur ar sheirbhísí ailse in Éirinn."
Is féidir teacht ar Thuarascáil Cur Chun Feidhme 2023 na Straitéise Náisiúnta Ailse 2017-2026 anseo.
Tá téacs iomlán na Straitéise Náisiúnta Ailse 2017-2026 ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne anseo.
Is gealltanas de chuid Chlár an Rialtais é cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Ailse agus tá sé mar chuid de chur i bhfeidhm Sláintecare. Seacht mbliana isteach sa Straitéis, meastar 40 de na 52 moladh a bheith curtha i bhfeidhm, agus tá na gníomhartha eile á gcur chun cinn go gníomhach ag an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse faoi mhaoirseacht na Roinne Sláinte.
Maoiniú don Straitéis Náisiúnta Ailse ó 2017:
I measc na bhforbairtí in 2023 tá:
Áiríodh le forbairtí breise in 2024: