Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 22 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 air tar éis bás a fháil. Chónaigh an t-othar, a bhí ina fhear, in oirthear na tíre agus bhí bunriocht leighis air.
Tá ceithre bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 121 chás dheimhnithe nua de COVID-19 amhail 1pm Dé Domhnaigh an 22 Márta in Éirinn freisin.
Tá 906 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta (712 chás):
Maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas:
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh le teaghlach agus cairde an othair a fuair bás inniu.
"Is é is dóichí go raibh na cásanna a deimhníodh inniu neamhchosanta ar COVID-19 sular tugadh isteach na bearta sláinte poiblí a cuireadh chun feidhme Dé hAoine an 13 Márta.
"Tá sé ríthábhachtach go gcloíonn gach duine leis an gcomhairle sláinte poiblí maidir le sláinteachas láimhe agus casachta, agus iad ag obair ón mbaile nuair is féidir agus ag cloí le scaradh sóisialta dhá mhéadar ar fad.
"Tá na dochtúirí sláinte poiblí atá ag déanamh rianú teagmhála ag cur in iúl go bhfuil líon níos lú teagmhálacha á dtuairisciú ag cásanna deimhnithe anois. Is dea-léiriú é sin go bhfuil daoine ag cloí leis an treoir sláinte poiblí.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag gach duine chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Tá gach duine díobh ag cabhrú leis an gcuar a leacú agus le leathadh COVID-19 a shrianadh.
"Ba cheart d'aon duine atá ag fanacht le tástáil gníomhú amhail is dá mbeadh an víreas orthu agus ba cheart dóibh féinleithlisiú lom láithreach agus iad ag fanacht le tástáil agus leis na torthaí."
CRÍOCH
An líon iomlán cásanna | 712 | |
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal | 211 | |
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim | 17 | |
An líon iomlán básanna | 4 | |
An ráta báis i measc na gcásanna | 0.6 | |
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte | 159 | |
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu | 35 | |
Aois airmheánach | 44 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.
Inscne | Líon | % den Iomlán |
Mná | 311 | 44 |
Fir | 393 | 55 |
Níl an inscne ar eolas | 8 | 1 |
Iomlán | 712 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.
Aoisghrúpa | Líon | % den Iomlán |
<1 | 3 | 0 |
1 - 4 | 2 | 0 |
5 - 14 | 12 | 2 |
15 - 24 | 63 | 9 |
25 - 34 | 127 | 18 |
35 - 44 | 149 | 21 |
45 - 54 | 132 | 19 |
55 - 64 | 101 | 15 |
65+ | 122 | 17 |
Níl an aois ar eolas | 1 | 0 |
Iomlán | 712 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.
Tarchur pobail | 44% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 23% |
Taisteal thar lear | 33% |
Tá an cás fós á imscrúdú | 258 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Baineann an cás leis an taisteal | 42 | 26% |
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear | 106 | 67% |
Tá an cás fós á imscrúdú | 11 | 7% |
Iomlán | 159 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.
<5 | 2 | 1% |
5 - 14 | 2 | 1% |
15 - 24 | 13 | 6% |
25 - 34 | 27 | 13% |
35 - 44 | 22 | 10% |
45 - 54 | 40 | 18% |
55 - 64 | 34 | 16% |
65+ | 71 | 34% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.
Ceatharlach | ≤5 | 0.4% |
An Cabhán | ≤5 | 1% |
An Clár | 7 | 1% |
Corcaigh | 101 | 14% |
Dún na nGall | ≤5 | 1% |
Baile Átha Cliath | 402 | 57% |
Gaillimh | 25 | 4% |
Ciarraí | 9 | 1% |
Cill Dara | 20 | 3% |
Cill Chainnigh | 11 | 2% |
Laois | 6 | 1% |
Liatroim | ≤5 | 0% |
Luimneach | 15 | 2% |
An Longford | ≤5 | 1% |
Lú | 11 | 2% |
Maigh Eo | ≤5 | 0% |
An Mhí | 11 | 2% |
Muineachán | ≤5 | 0% |
Uíbh Fhailí | 9 | 1% |
Ros Comáin | ≤5 | 0% |
Sligeach | ≤5 | 1% |
Tiobraid Árann | 8 | 1% |
Port Láirge | 9 | 1% |
An Iarmhí | 16 | 2% |
Loch Garman | ≤5 | 0% |
Cill Mhantáin | 22 | 3% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.