Ceapachán Cathaoirligh agus comhaltaí chuig Bord RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh Catherine Martin, TD, an tAire Turasoireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu (Dé Máirt 5 Márta 2024) go gceapfar Terence O’Rourke mar Chathaoirleach nua ar Bhord RTÉ.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin faoin Chathaoirleach nua:
“Tá taithí an-fhairsing faighte ag Terence O’Rourke ar leibhéal an fheidhmeannaigh, tar éis dó a bheith ina Pháirtnéir Bainistíochta le KPMG Ireland chomh maith lena bheith ina bhall d’Fhoireann Bhainistíochta Dhomhanda an chomhlachta. Tá tuilleadh taithí boird neamhfheidhmiúcháin aige freisin, cosúil le cathaoirleacht a dhéanamh d’Fhiontraíocht Éireann agus do BSL.” Dheimhnigh an tAire go raibh sé ar intinn aici buaileadh leis an gCathaoirleach nua níos déanaí sa tseachtain."
Ag labhairt dó i ndiaidh a cheapacháin, dúirt an tUasal O’Rourke:
“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha i mo chathaoirleach ar Bhord RTÉ. Is dócha go bhfuil an ról seirbhís phoiblí atá ag RTÉ anois maidir le nuacht, cúrsaí reatha agus i bhfad níos mór ná sin níos tábhachtaí anois ná riamh. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an mbord agus leis an Ard Stiúrthóir agus iad ag leagan amach bealach chun cinn do RTÉ, agus ag obair leis an Aire agus an rialtas chun an eagraíocht a chur ar bhonn seasmhach do na blianta atá le teacht.”
Dheimhnigh an tAire freisin go gceapfaidh an Rialtas Terri Moloney, gairmí Acmhainní Daonna, agus an Dr. Neasa Hardiman, léiritheoir feidhmiúcháin, stiúrthóir agus scríbhneoir a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici, mar chomhaltaí an Bhoird, agus dúirt sí é seo:
“Tá réimse taithí agus buanna ag gach duine den triúr ball nua seo lena gcuirfear ar chumas an Bhoird leanúint ar aghaidh lena obair thábhachtach maidir le tuilleadh athchóirithe ar RTÉ a thabhairt i gcrích, agus ag an am céanna straitéisigh nua a chur chun cinn chun an eagraíocht a chur chun tosaigh agus chun leanúint ar aghaidh ag cur ábhair seirbhíse poiblí d’ardchaighdeán ar fáil do mhuintir na hÉireann”.
Nóta d’Eagarthóirí
Terence O’Rourke
Cuntasóir Cairte agus iarPháirtnéir Bainistíochta le KPMG Ireland go dtí 2013, agus Foireann Feidhmeannach Dhomhanda KPMG. Iar-Uachtarán Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Iarchathaoirleach Fhiontraíocht Éireann, BSL agus Fhoras Bainistíochta na hÉireann agus iarchomhalta Boird na Fondúireachta Sláinte Leanaí agus The Irish Times. Comhalta Boird reatha Dhánlann Hugh Lane, Institiúid Scannánaíochta na hÉireann agus Hibernia Reit CPT.
Terri Moloney
Stiúrthóir Sinsearach AD, Straitéise agus Oibríochtaí in Salesforce Ireland 2015-22 agus roimhe seo, Ceannasaí AD in Boston Scientific (2013-2015) agus Stiúrthóir AD in Hilti. Tá céim aici sa Bhainistíocht Phearsanra, chomh maith le MSc sa Bhainistíocht Oiliúna agus Feidhmiúcháin agus Dioplóma sa Stiúir Chomhlachtaí. Is comhalta boird Neamh-Fheidhmiúcháin d’Fhiontraíocht Éireann í, agus tá sí ina ball de Bhord Rialúcháin Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Rinne sí cathaoirleacht ar Fhóram Réigiúnach Scileanna Bhaile Átha Cliath 2021-2023.
An Dr Neasa Hardiman
Léiritheoir Feidhmiúcháin, Stiúrthóir agus Scríbhneoir (do Happy Valley i measc rudaí eile) a bhfuil IFTA agus BAFTA buaite aici, agus a bhfuil obair déanta aici le Netflix, Amazon, Disney agus Hulu agus le craoltóirí seirbhíse poiblí freisin cosúil leis an BBC, Channel 4, RTÉ agus TG4. Tá PhD aici sa Staidéar Scannánaíochta agus gan mhoill gheobhaidh sí Dioplóma san Intleacht Shaorga Ghiniúnach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Faoi láthair tá sí ina comhalta de Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Institiúid Scannánaíochta na hÉireann, Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus Screen Skills Ireland.