Ceapachán Oifigigh Chultúir i Londain agus i Nua-Eabhrac fógartha ag an Aire Catherine Martin, T.D., faoi Éire Dhomhanda 2025
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu go bhfuil beirt ceaptha ina sain-Oifigigh Chultúir, duine acu i Londain agus an duine eile i Nua-Eabhrac, faoi straitéis Éire Dhomhanda 2025 an Rialtais. Is ceapacháin rí-thábhachtacha iad seo chun go mbeidh aitheantas níos forleithne agus tuiscint níos cuimsithí ar fud an domhain do chultúr na hÉireann sna réimsí tosaíochta seo. Tá an acmhainn straitéiseach nua seo á seachadadh i ndlúthpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus déanfaidh sé freastal ar riachtanais ghinearálta an Rialtais ar fud na cruinne.
Is é príomhsprioc an dá cheapachán nua seo ná feabhas a chur ar an bpoiblíocht i leith ealaín agus chultúr na hÉireann i Meiriceá agus sa Ríocht Aontaithe, ag oibriú le go mbainfear amach cuspóirí straitéiseacha Chultúr Éireann sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Dúirt an tAire Martin:
“Tacóidh na ceapacháin seo go mór le cur chun cinn an chultúir ó thaobh poiblíochta, comhoibrithe agus malartaithe agus le go mbeidh ceangal cultúir níos fearr againn leis an diaspóra. Acmhainní iontacha, úrnua a bheidh iontu d’ealaíontóirí, d’eagraíochtaí agus d’institiúidí ealaíon na hÉireann, a chuideoidh leo a gcuid aidhmeanna idirnáisiúnta a bhaint amach.’’
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta, Simon Coveney, T.D,:
“Cabhróidh an tionscnamh nua comhpháirtíochta seo idir an dá Roinn leis an gcaidreamh tábhachtach, déthaobhach atá againn leis an mBreatain agus leis na Stáit Aontaithe a láidriú agus le hÉirinn a chur i lár an aonaigh dhomhanda ó thaobh aitheantais, cóngarachta agus cáile.’’
Léiríodh an-suim sna poist nuair a fógraíodh iad go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta níos túisce i mbliana, agus tá beirt ceaptha anois atá cáilithe sna healaíona agus a bhfuil sárthaithí acu, ag ardleibhéal, ar chultúr na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain.
D’oibrigh an tOifigeach Cultúir do Nua-Eabhrac, Nik Quaife, le go leor de na healaíontóirí agus na heagraíochtaí ealaíon aitheanta ó 1999 i leith, in amanna trína chomhlacht caidrimh poiblí ealaíon féin. Chaith Quaife deich mbliana chomh maith ag obair le hIonad Ealaíon na hÉireann i Nua-Eabhrac agus cúraimí éagsúla air i gcúrsaí margaíochta, caidreamh poiblí agus tiomsú airgid.
Is í Kelly O’Connor, an tOifigeach Cultúir don Bhreatain Mhór agus a bheidh lonnaithe i Londain, a bhunaigh Irish Film London, agus bhí sí ag obair ann, le deich mbliana anuas, ina Stiúrthóir Cláir. Tá sí ina ball freisin de Bhord Comhairleach Phobal Naomh Pádraig Mhéara Londain.
Faoi Éire Dhomhanda 2025 ainmníodh ceithre phríomhionad eile ina bhfuil Oifigigh Chultúir le ceapadh - Béising, Los Angeles, Páras agus Tóiceo agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí tuilleadh áiteanna ar an liosta le linn thréimhse feidhme na straitéise. Tá tráthúlacht na gceapachán sin á meas ag an dá Roinn, bunaithe ar acmhainneacht agus riachtanais sna háiteanna áirithe sin.
Nótaí
Sainchuntas an Phoist – Nua-Eabhrac
• Cultúr na hÉireann a chur os comhair an phobail ar fud réigiún Consalachta an CGNY (Nua-Eabhrac, New Jersey, Connecticut, Delaware, Pennsylvania agus West Virginia), de réir na straitéisí agus na gclár cuí ilbhliantúla a bhíonn ag cur chultúr na hÉireann chun cinn go hidirnáisiúnta.
• Feidhmiú i bpáirt le Cultúr Éireann chun na deiseanna ó thaobh na gcamchuairteanna a mhéadú agus a leathnú amach d’ealaíontóirí a fhaigheann tacaíocht lena gcuid oibre a láithriú sna SA, agus cur chuige réigiúnach a ghlacadh nuair a bhíonn bolscaireacht á dhéanamh ar an gcultúr in Oirthear Mheiriceá.
• Feidhmiú ar mhaithe le go mbeadh níos mó teagmhála le cultúr na hÉireann fud fad Mheiriceá, taobh amuigh de na ceantair sin a bhí láidir cheana féin, lena n-áirítear caidreamh leanúnach a chothú le heagraíochtaí comhpháirtíochta agus cruinnithe le gréasáin na nIonad agus na n-eagraíochtaí atá bainteach le Cultúr na hÉireann i Meiriceá Thuaidh.
• Mapáil a dhéanamh ar an gcaidreamh le heagraíochtaí cultúir atá sa réigiún agus an caidreamh a chothú, agus socruithe a dhéanamh le go mbeadh comhoibriú idir ealaíontóirí, tionóil, institiúidí, ionaid agus féilte na Éireann agus Mheiriceá, lena n-áirítear lucht na n-ealaíon agus na cruthaitheachta atá i measc dhiaspóra na hÉireann a bhfuil cónaí orthu sa réigiún.
• Oibriú le Ard-Chonsalachtaí Eorpacha eile agus le líonra EUNIC (Institiúidí Náisiúnta Cultúir an AE) chun go mbeidh Éirinn agus cultúr na hÉireann curtha i gcomhthéacs Eorpach, le go bhfeicfear gur tír Eorpach agus tír Ghaelach í Éirinn.
• Tacú le Cultúr Éireann, de réir mar is gá, le láithriú éifeachtach a dhéanamh ar a chuid sárthaispeántas agus cuidiú go ginearálta leis an bhforbairt, an seachadadh agus an phoiblíocht ar imeachtaí cultúir thar ceann Chultúr Éireann, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus comhlachtaí stáit eile e.g. Turasóireacht Éireann, lena n-áirítear na príomhchláir chultúir nó tionscnaimh ar mhórscála agus cláir chultúir le haghaidh cuairteanna tábhachtacha an Uachtaráin agus an Taoisigh.
• Oibriú le Fís Éireann chun deiseanna a chur ar fáil d’earnálacha na scannánaíochta, na teilifíse agus na mbeochana agus leis na comhlachtaí stáit cuí d’fhonn naisc a chothú leis na hearnálacha cruthaitheacha eile e.g an ailtireacht agus an dearadh.
• Comhairle agus tacaíocht a thabhairt maidir le margaíocht a dhéanamh ar chúrsaí sa Léann Éireannach sa réigiún, ina measc leathnú a dhéanamh ar an gcomhpáirtíocht idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Coimisiún Fulbright, a chuireann múineadh na Gaeilge chun cinn in institiúidí ardoideachais Mheiriceá.
• Oibriú le CGNY agus le hoifigí na gComhlachtaí Stáit a bhfuil a gceannceathrúna acu i Nua-Eabhrac chun an oiread tairbhe agus is féidir, ó thaobh na heacnamaíochta, a bhaint as imeachtaí cultúir atá maoinithe ag an Stát, le go mbeidh léargas níos fearr tugtha ar Éirinn agus go mbeidh dea-sheasamh aici.
• Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar thionchar na n-imeachtaí cultúir, ina measc imeachtaí a eagraíonn an tArd-Chonsalacht, imeachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann ar fud Oirthear Mheiriceá, agus imeachtaí eile atá bunaithe ar an gcomhpháirtíocht.
• Nósanna imeachta a stiúradh agus iad a chur in oiriúint de réir mar is gá, de bharr na n-athruithe atá ag teacht go leanúnach ar shaol na n-ealaíon in Éirinn agus i Meiriceá de bharr na paindéime Covid-19.
Sainchuntas an Phoist - Londain
• Cultúr na hÉireann a chur os comhair an phobail ar fud na Breataine, de réir na straitéisí agus na gclár cuí ilbhliantúil a chuireann cultúr na hÉireann chun cinn go hidirnáisiúnta.
• Oibriú i bpáirt le Cultúr Éireann chun breis deiseanna i dtaca le camchuairteanna a thabhairt d’ealaíontóirí a fhaigheann tacaíocht lena gcuid oibre a léiriú ar fud na Breataine, agus oibriú ar bhonn réigiúnach ó thaobh chur chun cinn na n-ealaíon i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, ag cur leis an gClár GB18.
• Feidhmiú le go mbeidh fáil níos forleithne ar chultúr na hÉireann ar fud na Breataine, taobh amuigh de na ceantair sin a bhí láidir cheana féin, lena n-áirítear caidreamh leanúnach a chothú le heagraíochtaí comhpháirtíochta agus comhoibriú leis na heagraíochtaí a chuireann cultúr na hÉireann chun cinn.
• Mapáil a dhéanamh ar an gcaidreamh le heagraíochtaí cultúir ar fud na Breataine agus an caidreamh sin a chothú, agus comhpháirtíocht a bhunú idir ealaíontóirí, tionóil, institiúidí, ionaid agus féilte na Éireann agus na Breataine, lena n-áirítear lucht na n-ealaíon agus na cruthaitheachta atá i measc dhiaspóra na hÉireann a bhfuil cónaí orthu sa Bhreatain.
• Oibriú in éineacht le Misin Taidhleoireachta Eorpacha eile agus le gréasán EUNIC (Institiúidí Náisiúnta Cultúir an AE) chun Éirinn agus cultúr na hÉireann a chur i gcomhthéacs Eorpach, ag léiriú gur tír Eorpach agus tír Ghaelach í Éirinn.
• Tacú le Cultúr Éireann, de réir mar is gá, lena shárthaispeántais a láithriú go héifeachtach, ina measc ag imeachtaí Celtic Connections, Féilte Dhún Éideann agus imeachtaí promóisin speisialta aon uaire eile.
• Cuidiú leis an bhforbairt, an seachadadh agus an phoiblíocht ar imeachtaí cultúir go ginearálta thar ceann na hAmbasáide, Chultúr Éireann, agus na gcomhlachtaí stáit cuí eile, lena n-áirítear na príomhcláir chultúir nó tionscnaimh ar mhórscála agus cláir chultúir le haghaidh cuairteanna tábhachtacha an Uachtaráin agus an Taoisigh.
• Pleanáil agus bainistiú a dhéanamh ar imeachtaí a tharlaíonn taobh istigh den Ambasáid agus a tharraingíonn aird ar shaibhreas agus ar ilchineálacht na n-ealaíon agus an chultúir mar a bhaineann le hÉireann, agus a chinntiú go dtugann na mórimeachtaí taidhleoireachta poiblí (Lá Fhéile Pádraig/Lá Fhéile Bríde) a bhíonn ar siúl san Ambasáid, an léargas cuí ar shaibhreas an chultúir.
• Oibriú i bpáirt leis na hArd-Chonsalachtaí i nDún Éideann agus i gCaerdydd agus iad ag pleanáil agus ag cur i bhfeidhm a gcláir chultúir in Albain agus sa Bhreatain Bheag.
• Oibriú le Fís Éireann chun deiseanna a chur ar fáil d’earnálacha na scannánaíochta, na teilifíse agus na mbeochana agus leis na comhlachtaí stáit cuí, d’fhonn naisc a chothú leis na hearnálacha cruthaitheacha eile e.g an ailtireacht agus an dearadh.
• Tacaíocht agus comhairle a sholáthar maidir le cur chun cinn an Léinn Éireannaigh agus foghlaim na nGaeilge sa Bhreatain.
• Oibriú leis an Ambasáid, na Consalachtaí agus na Comhlachtaí Stáit sa Bhreatain le go mbeidh an bholscaireacht ar imeachtaí cultúir, atá á maoiniú ag an Stát, chomh héifeachtach agus is féidir le go mbeidh léargas níos fearr tugtha ar chultúr na hÉireann agus go mbeidh dea-sheasamh ag an tír.
• Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh maidir le tionchar na n-imeachtaí cultúir, lena n-áirítear imeachtaí a bhfuil maoiniú nó tacaíocht acu ó na misin Éireannacha sa Bhreatain, iad siúd a bhfuil tacaíocht acu ó Chultúr Éireann sa Bhreatain, agus imeachtaí eile atá bunaithe ar an gcomhpháirtíocht.
• Nósanna imeachta a stiúradh agus iad a chur in oiriúint de réir mar is gá don athrú atá ag teacht go leanúnach ar shaol na n-ealaíon in Éirinn agus i Sasana mar gheall ar phaindéim COVID-19.
NIK QUAIFE
Tá Nik Quaife ag obair ar ghnéithe d’ealaín agus de chultúr na hÉireann ó 1999, nuair a thosaigh sé ag obair ina bhainisteoir stáitse ar léiriúchán Broadway de Riverdance. Ó shin i leith d’oibrigh sé, agus a chomhlacht caidrimh poiblí féin aige, le cuid mhaith de phríomhealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon na hÉireann, ina measc tionscadail ar nós athoscailt an ionaid Culturel Irlandais i bPáras, oscailt árais nua Cheoldrámaíochta Loch Garmain, Féile na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath, Féile ar an Imeall Bhaile Átha Cliath, Landmark Productions, Amharclann an Druid agus Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta na hÉireann. Le déanaí bhí Nik ina bhall den chroífhoireann a rinne seachadadh, don Chomhairle Ealaíon, ar an gclár daonchairdiúil RAISE.
Ó 2005 i leith bhí Nik ag obair freisin ar thionscadail éagsúla le Cultúr Éireann, ina measc i mbun bainistithe ar na Meáin agus An Chumarsáid do Imagine Ireland, bliain d’ealaíona na hÉireann i Meiriceá le Cultúr Éireann, agus GB18, bliain d’ealaíona na hÉireann sa Bhreatain.
I Nua-Eabhrac chaith Nik deich mbliana ag obair in Ionad Ealaíon na hÉireann agus é i mbun cúraimí éagsúla margaíochta, caidreamh poiblí agus tiomsú airgid.
KELLY O’CONNOR
Bhunaigh O’Connor Irish Film London agus tá sí ina Stiúrthóir air le deich mbliana anuas. Tá sí freisin ina ball de Bhord Comhairleach Phobal Naomh Pádraig Mhéara Londain. I measc na bpost a bhí aici roimhe sin, bhí sí ina Bainisteoir Margaíochta Digití ar an nuachtán The Irish World agus ina Bainisteoir Ginearálta in Ionad Cultúir na hÉireann i Londain. Rinne sí moltóireacht ar ghearrscannáin ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe, bhí sí ina haoichainteoir ag an London Film School, ainmníodh í le haghaidh Gradam Laoch Ibeireach agus tá Céim Chéadonóracha aici i Mínealaín Físe agus Fuaime.