Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann:Tá sonraí maidir leis leithdháileadh €70 milliún Chlár LEADER Idirthréimhseach fógartha ag an Aire Heather Humphreys, T.D.
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sonraí maidir leis leithdháileadh €70 milliún Chlár LEADER Idirthréimhseach fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, T.D. inniu (an 9 Aibreán 2021) don tréimhse 2021-2022.
Cuireann an leithdháileadh foriomlán €70 milliún €50 milliún sa bhreis leis an gcéad leithroinnt maoinithe €20 milliúin a fógraíodh i mí na Nollag.
Tá na leithdháiltí maoinithe atáthar a chur ar fáil don 29 Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta (LAGanna) foilsithe ag an Aire Humphreys inniu.
Dúirt an tAire inniu:
"Sheol mé "Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann" an tseachtain seo caite, beartas cúig bhliana an Rialtais chun ceantair thuaithe na hÉireann a fhorbairt. Leagtar amach sa bheartas an ról lárnach a ghlacfaidh an Clár LEADER i dtaobh tacú le pobail tuaithe agus d'fhiontair faoin tuath le linn théarnamh Covid-19."
"Is príomhghníomh é faoin mbeartas seo an Clár LEADER Idirthréimhseach ar fiú €70 milliún é a chur i bhfeidhm."
"Tá ríméad orm a fhógairt inniu go bhfuil an clár seolta agus oscailte d'iarratais".
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
"Tabharfaidh an maoiniú seo deis do phobail agus d'fhiontair áitiúla freagairt do na dúshláin atá ag teacht chun cinn ina gceantair féin agus tacóidh sé le bearta a chuireann fostaíocht ar fáil agus a chruthaíonn poist i gceantair thuaithe na hÉireann."
"Cuirfidh LEADER tacaíocht ar fáil do thionscadail faoi threoir áitiúil a dhíríonn ar acmhainn pobal a neartú, lena dtugtar aghaidh ar an gclár oibre aeráide, ar an athrú digiteach agus ar fhorbairt fiontraíochta."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Humphreys:
"Mholfainn do phobail agus d'fhiontair phríobháideacha ar mhaith leo leas a bhaint as an maoiniú seo teagmháil a dhéanamh lena gCuideachta Forbartha Áitiúil chun mar a bheadh an Clár LEADER ábalta cuidiú leo lena bpleananna a phlé."
Is féidir liosta iomlán de na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta agus a gcuid Páirtithe Feidhmiúcháin (Cuideachtaí Forbartha Áitiúla) a fháil anseo.
Tá an Roinn ag scríobh chuig gach Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta le briseadh síos ar a gcuid leithdháiltí tionscadail agus Riaracháin.
Is iad an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD), Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) agus maoiniú Státchiste atá ag cur an €70 milliún ar fáil.
Táthar ag cur na leithdháiltí ar fáil faoi réir an 10ú leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe a bheith ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach.
Is clár forbartha tuaithe é LEADER arna chómhaoiniú ag an AE agus baintear úsáid as cur chuige faoi threoir áitiúil agus ó bhun aníos chun é a chur i bhfeidhm ar mhaithe le riachtanais na bpobal agus na ngnóthaí áitiúla a shásamh. Tacaíonn an clár le fiontair áitiúla agus le grúpaí pobail i gceantair thuaithe. Is cuid é LEADER de Chlár Forbartha Tuaithe ilbhlianta na hÉireann atá cómhaoinithe ag an AE agus is cuid den Chomhbheartas Talmhaíochta (CAP) é chomh maith.
Cuireann 29 Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta (LAGanna) an clár LEADER ar fáil i 28 limistéar foréigiúin. Is comhpháirtíochtaí iad na grúpaí seo d'eintitis phoiblí agus phríobháideacha ó limistéar geografach sainithe. Tá LAGannna freagrach as tionscadail áitiúla a aithint agus as cuidiú a thabhairt chun iad a fhorbairt, ar tionscadail iad a thacaíonn leis na téarmaí a bhaineann le Forbairt Gheilleagrach (lena n-áirítear forbairt fiontraíochta agus cruthú poist), Ionchuimsiú Sóisialta agus Forbairt na Tuaithe.
As an €70 milliún sin, tá €65 milliún le leithdháileadh ar fud na 29 LAGanna, tá €3 milliún le leithdháileadh chun tacú le tionscadail Chomhoibrithe agus nuálaíocht idir LAGanna agus tá €2 mhilliún le cur ar fáil chun tacú leis an gcéad Chlár LEADER eile a fhorbairt.
Tá an dáileadh €65 milliún atá á chur ar fáil do na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta sna blianta 2021 & 2022 faoin gClár Idirthréimhseach bunaithe, pro-rata, ar na leithdháiltí a fuair gach LAG nuair a cuireadh tús le clár 2014-2022. Tá leithdháileadh gach limistéar LAG leagtha amach in Aguisín 1.
Tá €45 milliúin as an €65 milliún ar fáil do na LAGanna láithreach. Cuirfear an €20 milliún deiridh ar fáil nuair a fhaigheann an Roinn cead maidir le maoiniú Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) agus comhaontú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gClár Forbartha Tuaithe sínte.
Aguisín 1
LAG | Briseadh Síos ar mhaoiniú an Chláir Idirthréimhsigh Nuashonraithe de réir limistéar LAG |
Ceatharlach | €1,895,874 |
An Cabhán | €2,517,948 |
An Clár | €2,635,521 |
Corcaigh Thuaidh | €1,504,409 |
Corcaigh Theas | €1,131,976 |
Corcaigh Thiar | €1,481,904 |
Dún na nGall | €3,815,464 |
Ceantair Thuaithe Bhaile Átha Cliath | €1,882,175 |
Gaillimh Thoir | €2,261,956 |
Gaillimh Thiar | €1,341,373 |
Ciarraí | €3,019,507 |
Cill Dara | €1,554,564 |
Cill Chainnigh | €2,302,056 |
Laois | €2,104,992 |
Liatroim | €1,772,277 |
Luimneach | €2,740,812 |
An Longfort | €2,244,752 |
Lú | €1,802,823 |
Maigh Eo | €3,285,878 |
An Mhí | €2,039,559 |
Muineachán | €2,243,303 |
Uíbh Fhailí | €2,374,498 |
Ros Comáin | €2,615,558 |
Sligeach | €2,261,896 |
Tiobraid Árann | €2,985,108 |
Port Láirge | €2,222,644 |
An Iarmhí | €2,181,697 |
Loch Garman | €2,907,314 |
Cill Mhantáin | €1,872,162 |
Iomlán | €65,000,000 |