Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 23 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 7 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil. Tharla gach ceann de na básanna a tuairiscíodh inniu i mí Dheireadh Fómhair.
Tá 1,878 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair, cuireadh 777 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 55,261* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 2pm inniu tá 319 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 37 díobh sin san ICU. Cuireadh 24 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Rinneadh 15,000 duine a dhiagnóisiú le COVID-19 le 14 lá anuas. Tá sé ríthábhachtach do gach duine a ndearnadh diagnóis orthu le déanaí iad féin a aonrú ar feadh na 10 lá in iomlán chun na daoine a bhfuil cónaí orthu leo, na daoine a bhfuil grá acu dóibh agus daoine ina bpobail a chosaint ar an ngalar an-tógálach seo. Ciallaíonn féin-aonrú fanacht sa bhaile, fanacht i do sheomra oiread agus is féidir, fanacht amach ó dhaoine eile, lena n-áirítear daoine i do theaghlach.
“Má tá cónaí ort le duine a bhfuil COVID-19 air nó má dúradh leat gur dlúth-theagmháil tú, ní mór duit do ghluaiseachtaí a shrianadh ar feadh 14 lá san iomlán. Fan sa bhaile - ná téigh ag obair, ná téigh ar scoil.
“Iarraim ar gach duine é féin a iompar amhail is gur dlúth-theagmhálaí é. Fan sa bhaile, seachas le haghaidh cúiseanna riachtanacha. Anois an t-am chun dianiarracht a dhéanamh an chomhairle sláinte poiblí a leanúint - coinnigh amach ó dhaoine eile, nigh do lámha agus caith clúdach aghaidhe. Déan do chuid chun na slabhraí tarchuir a bhriseadh ar fud teaghlaigh, comharsana agus an phobail."
Soláthraíonn Deais COVID-19 Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 22 Deireadh Fómhair 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 22 DF 2020) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (09 DF 2020 go 22 DF 2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (09 DF 2020 go 22 DF 2020) |
ÉIRE | 777 | 306.1 | 14,578 |
An Cabhán | 31 | 1,058.1 | 806 |
An Mhí | 42 | 661.9 | 1,291 |
An Iarmhí | 37 | 451.7 | 401 |
Muineachán | 14 | 408.9 | 251 |
Sligeach | 27 | 407.4 | 267 |
Gaillimh | 81 | 373.2 | 963 |
Corcaigh | 41 | 327.7 | 1,779 |
Loch Garman | 44 | 321.9 | 482 |
Dún na nGall | 20 | 312.2 | 497 |
An Clár | 30 | 311.4 | 370 |
Longfort | 15 | 310.7 | 127 |
Cill Dara | 28 | 304.7 | 678 |
Luimneach | 37 | 302.2 | 589 |
Lú | <5 | 283.2 | 365 |
Liatroim | 8 | 277.7 | 89 |
Ros Comáin | 11 | 269.6 | 174 |
Baile Átha Cliath | 182 | 257.7 | 3,472 |
Ciarraí | 15 | 255.2 | 377 |
Ceatharlach | <5 | 242.4 | 138 |
Maigh Eo | 24 | 242.1 | 316 |
Uíbh Fhailí | 13 | 225.8 | 176 |
Laois | 13 | 219.6 | 186 |
Port Láirge | 14 | 176.5 | 205 |
Cill Chainnigh | 5 | 174.3 | 173 |
Cill Mhantáin | 25 | 143.2 | 204 |
Tiobraid Árann | 16 | 126.6 | 202 |
Bhí an ráta minicíochta náisiúnta 14 lá is ísle an 3 Iúil 2020 nuair a bhí an ráta 2.98 cás in aghaidh gach 100,000 den daonra.