Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh dhul chun cinn ar chosanta tuile i gCo. Chorcaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le linn na seachtaine seo bhí cruinniú ag an Aire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, le hinnealtóirí sinsearacha agus bainisteoirí Chomhairle Contae Chorcaí chun an dul chun cinn ar oibreacha cosanta tuile sa chontae a phlé.
I mí Lúnasa 2020, chonaic an tAire an díobháil ó thuilte nuair a thug sé cuaird ar Bheanntraí, Dún Mánmhaí, Ros Ó gCairbre, An Sciobairín agus Droichead na Bandan. Ag cruinniú na seachtaine seo, thug Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí Tim Lucey, Innealtóir Contae Kevin Morey, agus Bainisteoirí thrí Rannán an Chontae tuarascáil uasdhátaithe ar dhul chun cinn na n-oibreacha.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire:
“Táim sásta go bhfuil Comhairle Contae Chorcaí geallta go hionlán um fhreagairt ar an bpriacal tuile ins na ceantair sin a bhí faoi thuile i mí Lúnasa seo caite. Táid ag obair leis an bhfoireann agamsa in Oifig na nOibreacha Poiblí agus le gníomhaireachtaí eile a bhfuil ról acu maidir le cuid de na ceisteanna a d’eirigh le linn tréimhse anuraidh a bhí thar a bheith fliuch. Fáiltím freisin roimh an comhoibriú suntasach idir na foirne ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Chorcaí, maidir leis an obair atá críochnaithe ar chosanta tuile i gcuid mhór de na ceantair atá faoi phriacal in Iarthar agus i dTuaisceart an chontae”.
Thug an tAire cuaird freisin ar Mhainistir Fhear Maí chun an scéim um fhaoiseamh tuile ansin a fhéachaint agus fuair sé uasdhátú ar an gcliseadh caidéil a tharla an tseachtain seo caite; bhí miontuile ar thrí réadmhaoin dá dheasca. Dúirt an tAire:
“Tá Scéim Mhainistir Fhear Maí ag oibriú le deich mbliana anuas agus d’eirigh go maith leis in 2015 agus uaireanta eile, agus thug sé cosaint suntasach le linn báistí faoi Rabhadh Oráiste i mí Feabhra. Murach an scéim seo, meastar go ndéanfaí díobháil ar thart faoi 80 réadmhaoin. Is trua gur tharla cliseadh trealaimh an uair seo agus tuiliú ar thrí réadmhaoin dá dheasca; tá an scéal seo á scrúdú faoi láthair. Is gá dúinn a chinntiú go ndéanfar bearta cuí um a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid le linn tuilte feasta; tá deimhnniú tugtha ag Comhairle Contae Chorcaí ina thaobh sin agus scrúdú ar bun acu faoi láthair.”
-CRÍOCH-
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland