Fógraíonn an tAire McConalogue scéimeanna chun tacú le cabhlach iascaireachta agus próiseálaithe bia mara na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, a fhógairt go bhfuil ceithre scéim nua á n-oscailt, arna gcómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 2021 -2027 ( CEMID ). Osclófar na scéimeanna seo, a sheachadann gnéithe tábhachtacha den Chlár Forbartha Bia Mara ar fiú €258 milliún é, le hiarratais a dhéanamh orthu inniu Dé Máirt, an 25 Meitheamh.
Cuirfidh trí cinn de na scéimeanna nua seo tacaíocht ríthábhachtach maoinithe ar fáil do shoithí iascaireachta atá cláraithe in Éirinn.
Cuirfidh an Scéim Iascaigh Cois Cladaigh tacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil do na soithí iascaireachta cósta beaga, ar soithí iascaireachta cláraithe iad atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe. Cuirfear rátaí déine deontais feabhsaithe idir 80% agus 100% ar fáil do na soithí sin chun tacú le hinfheistíocht ar bord agus ar tír araon, agus rannpháirteachas i mbearta caomhnaithe. Beidh deis fós ag soithí iascaireachta cladaigh cláraithe eile páirt a ghlacadh i mbearta caomhnaithe faoin scéim seo freisin.
Sa chomhthéacs sin tá Scéim V-eangúcháin ghliomaigh á hoscailt freisin, a leanfaidh leis an dea-obair a rinneadh faoi scéimeanna V-eangúcháin roimhe seo chun inbhuanaitheacht an iascaigh seo a fheabhsú, rud a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis don chabhlach iascaireachta cladaigh go háirithe.
Cuirfidh an Scéim Iascaigh Inbhuanaithe tacaíocht ar fáil do gach soitheach iascaireachta cláraithe (seachas na soithí iascaireachta cósta beaga) le haghaidh infheistíochta ar bord. Tacaíonn an Scéim Iascaigh Cladaigh agus an Scéim Iascaigh Inbhuanaithe araon le hinfheistíocht ó shoithí iascaireachta i dtrealamh níos roghnaithí a laghdaíonn gabhálacha speiceas óg agus/nó speiceas thar an cuóta, agus é mar aidhm dheiridh acu inbhuanaitheacht an iascaigh a fheabhsú.
Is í an ceathrú scéim atá á hoscailt ná an Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara. Cuirfidh an scéim seo tacaíocht thábhachtach ar fáil d'infheistíocht chaipitil san earnáil próiseála bia mara, a fhostaíonn thart ar 4,000 duine i bpobail chósta tuaithe. Leanfaidh sí ar aghaidh leis na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil don earnáil i rith 2022 agus 2023 faoin Scéim Tacaíochta Caipitil Próiseála Brexit agus cuirfidh sí leo, ar scéim í sin arna maoiniú faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR), áit a bhfuair an tionscal próiseála bia mara maoiniú os cionn €30 milliún le haghaidh infheistíocht chaipitil.
Ag fógairt oscailt na scéimeanna seo, dúirt an tAire:
“Bhí áthas orm nuashonrú a thabhairt do mo chomhghleacaithe Comh-Aireachta ar maidin agus seoladh na scéimeanna seo faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 2021-2027 a dheimhniú. Is é CEMID an clár bunmhaoinithe don earnáil bia mara, agus tá maoiniú €116 milliún geallta ag an rialtas don chlár seo. Le cómhaoiniú ón AE, is é €258 milliún luach foriomlán Chlár CEMID na hÉireann. Léiríonn sé sin ár dtiomantas do thacaíocht agus d'fhorbairt na hearnála seo, a bhfuil luach suntasach eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha ag baint léi dár bpobail chósta tuaithe. Tar éis sheoladh chlár CEMID i mí Feabhra, d'oibrigh mo Roinn go dlúth le Bord Iascaigh Mhara chun scéimeanna a fhorbairt don tionscal, agus cuirfidh siad na scéimeanna seo i bhfeidhm thar ceann mo Roinne. Tacóidh an Scéim Iascaigh Inbhuanaithe le gníomhaíochtaí iascaireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de. Tá sé mar aidhm ag an Scéim Iascaigh Cladaigh a bheith ina scéim chúnaimh deontais ’ionad ilfhreastail’ do gach iascaire cósta beag. Chuige sin, is beart luachmhar caomhnaithe í an Scéim V-Eangúcháin chun tacú le hiascach a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis don chabhlach iascaireachta cladaigh.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Tacóidh an Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara le próiseálaithe bia mara tabhairt faoi athrú claochlaitheach, agus fiontair atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a thógáil ag an am céanna, agus úsáid níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint as amhábhar a thugtar i dtír nó a allmhairítear go hÉirinn. Bhí dúshláin shuntasacha le sárú ag an gcabhlach iascaireachta agus ag próiseálaithe bia mara le blianta beaga anuas. Leanfaidh seoladh na scéimeanna seo de bheith ag tógáil ar thacaíochtaí a cuireadh ar fáil don earnáil bia mara faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) agus faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit chun déileáil leis na dúshláin sin.”
Dheimhnigh Caroline Bocquel, Príomhfheidhmeannach Bhord Iascaigh Mhara, gur oscail BIM na scéimeanna d'iarratais ón lá inniu ar aghaidh, á sonrú:
“Tuigeann Bord Iascaigh Mhara go maith an tábhacht a bhaineann leis na scéimeanna nua seo dár gcabhlach iascaireachta agus dár n-earnáil phróiseála. Tá sonraí iomlána faoi na scéimeanna seo, agus conas iarratas a dhéanamh orthu, ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Is féidir iarratais ar mhaoiniú a dhéanamh ag baint úsáide as ár gcóras iarratais ar dheontas ar líne agus tá oifigigh BIM ar fáil freisin chun comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi na scéimeanna seo. Mar ghníomhaireacht forbartha bia mara na hÉireann, cuimsíonn clár oibre BIM féin raon beart, a mhaoinítear faoi CEMID freisin, ar bearta iad atá deartha lena chinntiú go bhfuil earnáil bia mara inoiriúnaithe, athléimneach agus inbhuanaithe againn. Tá cáil ar Éirinn as caighdeán agus éagsúlacht a cuid bia mara, ónár cloicheáin agus ár ngliomaigh a fhad lenár n-oisrí agus ár mbradáin orgánacha. Leanfaidh BIM ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn agus leis an tionscal chun tacú le forbairt leanúnach na hearnála tábhachtaí seo.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Soláthraíonn an Clár Forbartha Bia Mara an infheistíocht a theastaíonn ónár n-earnáil bia mara chun tionscal atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, inbhuanaithe agus tarraingteach le hoibriú ann a chinntiú. Freastalóidh sé sin ar an AE agus ar mhargaí domhanda níos leithne, agus tacóidh sé le poist san earnáil thábhachtach seo.”
Tá na scéimeanna seo á riar ag BIM, agus tá na ceithre scéim oscailte d'iarratais ón 25 Meitheamh 2024. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.bim.ie
DEIREADH
Fotheideal an ghrianghraif, ó Chlé go Deas: Tadhg O’Meara, Stiúrthóir Bainistíochta, Kish Fish, an tAire Charlie McConalogue, Caroline Bocquel, POF Bhord Iascaigh Mhara
Nótaí don Eagarthóir
Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR) – An Earnáil Bia Mara
Bhunaigh an tAire Charlie McConalogue TD an Tascfhórsa Bia Mara in 2021 le machnamh a dhéanamh ar thionchair Brexit agus bearta a shainaithint a d'fhéadfaí a dhéanamh chun tacú leis an earnáil bia mara chun dul in oiriúint do na dúshláin a bhí á dteacht chun cinn mar thoradh ar Chomhaontú Trádála agus Comhair an AE-na RA (TCA). Áiríodh sa Tascfhórsa ionadaithe ó gach comhlacht tionscail aitheanta san earnáil bia mara, gníomhaireachtaí stáit agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. De bhun thuarascáil an Tascfhórsa, forbraíodh agus cuireadh 16 scéim i bhfeidhm san earnáil bia mara ó dheireadh 2021 go dtí deireadh 2023. Maoiníodh na scéimeanna sin, a chuir tacaíochtaí díreacha ar fáil don tionscal, faoi BAR agus áiríodh iontu scéimeanna sealadacha um chomhcheangail cabhlach iascaireachta , agus bearta chun an cabhlach a athstruchtúrú. Soláthraíonn na scéimeanna tacaíochtaí leachtachta do chomharchumainn iascaigh, próiseálaithe, na deighleoga peiligeacha agus muiríní den chabhlach; soláthraíonn siad infheistíocht chaipitil do phróiseáil dobharshaothraithe agus bia mara; tacaíonn siad le héagsúlú eacnamaíoch; agus soláthraíonn siad tacaíochtaí cladaigh. Chomh maith le maoiniú €37.8 milliún eile a chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar fáil faoi Choigeartú Brexit: Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil, le haghaidh infheistíochta i gcéibheanna agus cuanta á gcothabháil ag údaráis áitiúla.
An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)
Is clár ar fiú €258 milliún é an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), arna chómhaoiniú ag an AE, agus is é príomhfhoinse maoinithe forbartha na hÉireann é don earnáil bia mara sna blianta amach romhainn.
Cheadaigh an Coimisiún Clár CEMID d'Éirinn i mí na Nollag 2022, agus cinnteoidh sé leanúnachas na dtacaíochtaí luachmhara a cuireadh ar fáil don earnáil faoin scéim a bhí ann roimhe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh dar luach €240 milliún (CEMI) agus na scéimeanna a maoiníodh le BAR a cuireadh i bhfeidhm idir 2021 agus 2023 de bhun Thuarascáil an Tascfhórsa Bia Mara. Sheol an tAire McConalogue é i mí Feabhra 2024.
Tacaíonn CEMID leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI), le beartas muirí an AE agus le gealltanais idirnáisiúnta an AE maidir le rialachas idirnáisiúnta aigéan. Is cumasóir an cineál sin tacaíochta d'iascaigh inbhuanaithe agus do chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, do shlándáil bia trí tháirgí bia mara a sholáthar, d'fhás geilleagair ghoirm inbhuanaithe agus d'fharraigí agus d'aigéin atá sláintiúil, sábháilte, slán, glan agus bainistithe go hinbhuanaithe.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an tÚdarás Bainistíochta don chlár CEMID in Éirinn. Tá Bord Iascaigh Mhara, Foras na Mara agus Bord Bia ag cur cláir oibre i bhfeidhm atá á maoiniú faoi CEMID, a sholáthraíonn raon leathan tacaíochtaí atá riachtanach d'fhorbairt leanúnach na hearnála, amhail bailiú sonraí, taighde agus cur chun cinn agus margaíocht a dhéanamh ar bhia mara na hÉireann. Riarann BIM, thar ceann na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, roinnt scéimeanna freisin chun tacú leis an tionscal, ar nós na gceithre cinn a seoladh inniu.
Chomh maith leis na scéimeanna nua sin, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag obair le Bord Iascaigh Mhara chun roinnt scéimeanna eile a chur chun cinn don earnáil bia mara faoi CEMID a fhógrófar sna seachtainí amach romhainn.
Tá tuilleadh eolais maidir le CEMID ar fáil ag: Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe - Cistí AE
V-Eangúchán
Is beart caomhnaithe tábhachtach é an cleachtas v-eangúcháin gliomaigh, a úsáidtear chun cabhrú le hinbhuanaitheacht stoic gliomaigh na hÉireann a chothabháil. Is éard atá i gceist le v-eangúchán ná píosa beag, triantánach a bhaint as liopóg eireabaill (úrapód) gliomaigh baineanna aibí. Ní hamháin go dtacaíonn an cleachtas seo le hiascaireacht inbhuanaithe ach is uirlis ríthábhachtach é freisin chun sláinte agus flúirse leanúnach na bpobal gliomach a chinntiú.
Tacaíonn reachtaíocht leis an marcáil ’V-eang' seo, rud a fhágann go bhfuil sé mídhleathach na gliomaigh seo a thabhairt i dtír, a shealbhú nó a dhíol agus dá bharr sin má ghabhtar arís iad, caithfear iad a chur ar ais san fharraige agus iad beo. Ligeann sé seo dóibh leanúint ar aghaidh ag atáirgeadh, ag scaoileadh 7,500 ubh ar an meán, suas le trí ócáid eile sula gcneasóidh an gliomach an “V-eang” go nádúrtha, rud a chabhraíonn le hiascach gliomaigh na hÉireann a chothabháil.
Tugann iascairí rannpháirteacha gliomaigh leo le go ndéanfar V-eangúchán orthu, rud a dhéanann oifigigh BIM, agus cuireann na hiascairí na gliomaigh ar ais san fharraige ansin. Faigheann iascairí rannpháirteacha tacaíocht airgeadais ó chlár CEMID, a riartar trí Bhord Iascaigh Mhara, le haghaidh cion de luach na ngliomaigh le V-eang orthu a chuirtear ar ais san fharraige.