Maoiniú de €56 mhilliún do RTÉ aontaithe
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an nuacht is déanaí dá comhghleacaithe comh-aireachta maidir le pleananna maoinithe do RTÉ.
Chuir sí in iúl dá comhghleacaithe Rialtais go raibh cinneadh déanta maidir le maoiniú breise do RTÉ i ndiaidh plé le comhghleacaithe comh-aireachta sinsearacha ábhartha, Ceannairí Páirtí ina measc, le roinnt laethanta anuas.
Dúirt an tAire Martin:
“Léiríonn Fís Straitéiseach nua RTÉ tiomantas athnuaite don gcraoltóireacht seirbhíse poiblí, agus tugann sé aghaidh ar phríomhréimsí cosúil le hathchóirithe rialachais agus éifeachtúlachtaí costais. Tá sé seo barrthábhachtach agus RTÉ ag iarraidh iontaoibh agus muinín phobal na hÉireann a fháil ar ais. Tuigim go rímhaith, áfach, cé chomh deacair agus dúshlánach atá na cúrsaí seo don eagraíocht, agus dá foireann ach go háirithe. Is é seo an fáth a bhfuil sé fíorthábhachtach go dtéann an tArd-Stiúrthóir i gcomhairle leis an bhfoireann.
“I gcomhar leis na bearta a tugadh isteach cheana féin, leis an bhFís Straitéiseach seo do RTÉ is féidir linn leanúint ar aghaidh leis an gcinneadh chun maoiniú breise de €40m don eagraíocht a dheimhniú, mar a mhol NewERA. Cuireann sé seo leis an €16m de mhaoiniú eatramhach a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, a aontaíodh freisin.”
Cuirfear an maoiniú tosaigh de €16m, a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán agus a dheimnigh NewERA le déanaí, ar fáil trí mheastachán forlíontach sna seachtainí amach romhainn. Cuirfear an €40m breise maoinithe, a mhol NewERA, ar fáil do RTÉ sna Meastacháin Athbhreithnithe 2024 i mí na Nollag.
Cuirfear struchtúr i bhfeidhm chun cinnteacht a chur ar fáil maidir le dul chun cinn sna hathchóirithe a bhaineann le seoladh an mhaoinithe €40m, le béim ar leith ar mholtaí an dá Choiste Chomhairligh Saineolaithe a chuir an Rialtas ar bun i mí Iúil. Beidh seo faoi cheannaireacht na Roinne Meán agus beidh NewERA mar pháirt dó.
Cuirfear an chéad sciar den mhaoiniú €40m i Ráithe 1 2024 ar fáil tar éis fhoilsiú tuarascálacha na gCoistí Comhairleacha Saineolaithe, a chuir an Rialtas ar bun. Déanfar tráthchuid eile a chur ar fáil sa dara leath den bhliain, ar choinníoll go bhfuil dul chun cinn sásúil á dhéanamh ag RTÉ maidir le rialachas agus athchóirithe.
Dúirt an tAire freisin:
“Tá gá leis an gcinneadh seo ar mhaoiniú le cinntiú go leantar ar aghaidh le feidhmeanna RTÉ sa ghearrthéarma. Mar sin féin, tá fíorghá le hathchóiriú fadtéarmach ar an múnla maoinithe phoiblí chun cinntiú go bhfuil bonn inbhuanaithe leis an gcraoltóir náisiúnta, agus chun craoltóireacht seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán a chinntiú amach anseo. Tabharfar aghaidh ar an gceist seo mar cheann de thosaíochtaí an Rialtais seo. Tá sé ríthábhachtach, go dtí go bhfuil múnla maoinithe fadtéarmach nua i bhfeidhm, go leanann daoine ar aghaidh ag íoc an táille Ceadúnais Teilifíse. Ní amháin gur riachtanas dlithiúil é, ach cuireann sé bonn le hábhar seirbhíse poiblí bríomhar atá barrthábhachtach dár ndaonlathas agus dár sochaí.”