Fógraíonn an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien bearta nua chun tacaíocht a thabhairt do Scéimeanna Fostaíochta Pobail timpeall na tíre
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, sraith fheabhsuithe ar Scéimeanna Fostaíochta Pobail (FP).
Tá ról lárnach ag Scéimeanna FP i bpobail tuaithe agus uirbeacha araon maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag lorg fostaíochta.
Tá 835 Scéim FP timpeall na tíre a chuireann réimse leathan seirbhísí pobail ar fáil, ach go háirithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.
Faoi láthair, tá níos mó ná 18,500 rannpháirtí bainteach le FP.
Mar chuid den phacáiste a fuair na hAirí, cuirfear na bearta seo a leanas i bhfeidhm:
Ag fógairt na n-athruithe inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Agus mé i m'Aire Coimirce Sóisialta, agus Forbartha Tuaithe agus Pobail, aithním an ról lárnach atá ag scéimeanna Fostaíochta Pobail agus a rannpháirtithe i bpobail áitiúla ar fud fad na tíre.
“Tugann na scéimeanna seo tacaíocht do réimse eochairsheirbhísí áitiúla i réimsí cosúil le cúram leanaí, béilí ar rothaí, cothabháil agus cúram na n-áiseanna áitiúla agus oibreacha ríthábhachtacha eile a dearadh chun ár mbailte agus sráidbhailte a fheabhsú.
“Mar sin, táim sásta an tsraith seo athruithe a fhógairt a dhéanfaidh tairbhe d'eagraíochtaí FP agus do na rannpháirtithe iad féin araon.”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Cosúil le haon eagraíocht, tá tionchar ag boilsciú atá ag méadú ar na comhlachtaí FP.”
“Mar sin, táim sásta íocaíocht deontais €1,000 a fhógairt chun tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí FP agus chun cabhrú leo lena gcuid billí.”
“Chomh maith leis sin, tuigeann an tAire O'Brien agus mé féin go bhfuil deacrachtaí ag roinnt scéimeanna áitiúla faoi láthair maidir le líonadh folúntas agus dá réir sin, bíonn tionchar ar sholáthar na seirbhísí tábhachtacha áitiúla.”
“Mar sin, táimid ag leathnú na gcritéar dóibh siúd gur fhéidir leo páirt a ghlacadh ar Scéimeanna FP go cleithiúnaithe fásta a bhfuil íocaíochtaí cuardaitheora poist á bhfáil acu den chéad uair.”
“Agus faoi dheireadh, chun tacú leis na náisiúnaigh Úcránacha atá ina gcónaí anseo, táimid sásta an tréimhse ama gur gá do dhuine a chaitheamh ar an gClár Beo a laghdú ó 12 mhí go 9 mí.”
“Tá an pacáiste suntasach seo anuas ar an réimse bearta a tugadh isteach chun tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe FP agus, go deimhin, eagraíochtaí FP iad féin leis na buiséid is déanaí.”
Ag cur fáilte roimh na bearta nua inniu, dúirt an tAire Joe O’Brien:
“Léiríonn an deontas €1,000 seo a chabhróidh le costais chomh maith leis na feabhsúcháin ar cháilitheacht FP tiomantas an Rialtais seo do scéimeanna FP agus aithníonn sé na seirbhísí luachmhara a chuireann siad ar fáil do phobail.”
“Aithníonn na bearta seo an taithí oibre agus na deiseanna traenála luachmhara a chuireann na Scéimeanna FP ar fáil do na daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach freisin.”
“Oibríonn rannpháirtithe ar FP go páirtaimseartha chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil do phobail áitiúla.”
“Tugann na hathruithe a fógraíodh inniu tacaíocht do scéimeanna trí leathnú na buíne atá incháilithe don FP agus é i gceist acu rannpháirtíocht a mhéadú.”
“Is athrú dearfach é dár liom, an t-athrú maidir le cáilitheacht do FP le haghaidh náisiúnaigh Úcránacha atá ag teitheadh ón gcogadh agus atá anseo in Éirinn faoin Treoir um Chosaint Shealadach agus creidim go n-éireoidh leis rannpháirtíocht in FP a mhéadú agus cabhrú le na hÚcránaigh imeasctha i bpobail áitiúla.”
“Leanann an Rialtas lena fhreagairt don ghéarchéim seo nach bhfacthas riamh cheana le hiarracht chomhordaithe na ranna Rialtais chun cabhair éigeandála, tacaíochtaí ioncaim agus lóistín a chur ar fáil do na daoine atá ag teacht go hÉirinn chun teitheadh ón gcogadh san Úcráin.”
Is clár gníomhach margaidh fostaíochta é Fostaíocht Pobail (FP) a dearadh chun deis a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine eile atá faoi mhíbhuntáiste tabhairt faoi obair úsáideach laistigh dá gcuid pobail ar bhonn sealadach ar théarma seasta.
Fostaíonn údaráis urraithe FP rannpháirtithe chun réimse seirbhísí a chur ar fáil do phobail áitiúla timpeall na tíre. Chomh maith le cur le soláthar na seirbhísí áitiúla, forbraíonn rannpháirtithe FP réimse scileanna gairme agus taithí oibre a chabhraíonn leo deis níos fearr a bheith acu ar fhostaíocht lánaimseartha a fháil.
Is iad na cineáil oibre a dhéanann na rannpháirtithe FP ná bainistiú áiseanna áitiúla, tionscadail chomhshaoil, na healaíona agus cultúr, spóirt, cúram leanaí, Bailte Slachtmhara, seirbhísí a bhaineann le sláinte, béilte ar rothaí agus scéimeanna athshlánúcháin ó dhrugaí.
Na hathruithe is déanaí do chritéir cháilíochta agus cháilitheachta na scéime FP