Freagraíonn an tAire McConalogue do phacáiste beartais iascaigh ón gCoimisiún Eorpach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, ar an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil inniu. Ba é an príomhábhar a bhí á phlé i ndáil le cúrsaí iascaigh ná an 'pacáiste' beartais iascaigh a d'eisigh an Coimisiún Eorpach le déanaí maidir leis an gComhbheartas Iascaigh.
Is éard atá sa 'phacáiste' ná eolas maidir leis an gComhbheartas Iascaigh; tuairisc ar Chomheagrú na Margaí um iascaigh agus dobharshaothrú; Teachtaireacht maidir leis an aistriú fuinnimh in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus Plean Gnímh chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus a thabhairt ar ais ina sea, le go mbeidh iascaigh inbhuanaithe agus seasmhach againn amach anseo.
I ndiaidh na Comhairle inniu, dúirt an tAire McConalogue:
“Is údar áthais dom an dul chun cinn a rinneadh faoin gComhbheartas Iascaigh le deich mbliana anuas chun an stoc éisc a fheabhsú ó thaobh inbhuanaitheachta de. Tugtar aitheantas sa Teachtaireacht ón gCoimisiún don tionchar mór a d'imir páirtithe leasmhara ar an dul chun cinn chun feabhais seo. Mar sin féin, is údar mór imní dom nach ndearnadh anailís ar thionchar an Bhreatimeachta agus nach ndeachthas i ngleic leis mar chuid den Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, d'aineoinn gurb é an tionchar sin an dúshlán ba mhó a cuireadh roimh earnáil an iascaigh le fada an lá."
“Bhunaigh mé Grúpa Athbhreithnithe náisiúnta i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh anuraidh le go n-aithneofaí na saincheisteanna sa bheartas maidir le hiascaigh na hÉireann. Chuir mé Tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe seo faoi bhráid an Choimisiúin go hoifigiúil agus príomh-mholtaí ann go dtabharfaí aghaidh ar an tionchar mór a d'imir an Breatimeacht ar fheidhmiú an Chomhbheartais. Chuir mé in iúl don Chomhairle inniu go soiléir gur gá aghaidh a thabhairt ar thionchar an Bhreatimeachta ar leibhéal an AE."
Ina dhiaidh sin, dúirt an tAire,
“Agus muid ag breathnú ar an todhchaí, mhol mé go bhforbrófaí straitéis chuimsitheach AE ina leagfar spriocanna amach go soiléir agus a bheidh chun leas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh. Ní mór dúinn plean a chur i bhfeidhm maidir le hidirbheartaíocht a d'fhéadfadh a bheith againn sa todhchaí le tíortha eile, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe cuir i gcás, le go mbeidh cumhacht níos mó ag an AE amach anseo. Ní mór dúinn tairbhe a bhaint as na buntáistí ar fad atá ag an AE, mar shampla, ar nós rochtain a bheith againn ar an margadh, chun toradh cothrom a chur ar fáil d'earnáil an bhia mara."
Léirigh an tAire McConalogue a imní maidir le moltaí an Choimisiúin cosc iomlán a chur ar thrálaeireacht ghrinnill chomh maith. Dúirt sé,
"Tacaím le bearta bainistíochta a bhainfidh spriocanna caomhnaithe na Limistéar Muirí faoi Chosaint amach. Ach nílim den tuairim go dteastaíonn cosc iomlán ar threalamh iascaireachta soghluaiste a úsáid sna limistéir ar fad atá faoi chosaint. Ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair maidir leis an ngné seo den mholadh agus níor luaigh sé aon bhonn oibiachtúil leis an moladh ach an oiread."
Malartú tuairimí a bhí sa phlé seo sa Chomhairle maidir leis an bpacáiste beartais agus déanfar níos mó plé ar an ábhar sna míonna atá amach romhainn. Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue,
“Is iomaí gné casta a bhaineann leis an bpacáiste seo. Tógfaidh mé an t-am chun mo mhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil ann agus pléifidh mé an t-ábhar go mion leis na páirtithe leasmhara ar fad sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn."