Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain an 31 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,777 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 30 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 53 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 28,811* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt um thráthnóna don tionchar an-suntasach a d’imir na bearta ar dhaoine aonair, pobail agus gnólachtaí i gCill Dara le trí seachtaine anuas. Léiríonn an feabhas atá tagtha ar an gcás eipidéimeolaíochta ansin toilteanas gach duine chun cloí leis an treoir agus na bearta sláinte poiblí a cuireadh i bhfeidhm.
“Ag cruinniú na Foirne Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta inniu, ghabh an FÉSPN buíochas le muintir Chill Dara – agus i Laois agus Uíbh Fhailí roimhe seo – as a bhfoighne agus luadh go léiríonn a ngníomhartha, agus go meabhraíonn siad, anuas air sin, an méid is féidir a bhaint amach trí chomhghníomh fad a leanaimid le cothromaíocht a bhaint amach idir ár saol a mhaireachtáil agus sinn féin a iompar ar bhealach a chosnaíonn a chéile.”
Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS;
“De réir mar a leanaimid tríd an scoilbhliain, tá coinne leis go mbeidh cásanna ann agus freagrófar dóibh seo go mear, agus déanfar iad a shaincheapadh don bhriseadh amach sin agus beidh siad faoi stiúir dochtúirí sláinte poiblí. Déanfaidh na dochtúirí sláinte poiblí seo cumarsáid le foireann na scoile agus le tuismitheoirí, faoi mar a tugadh le fios.”
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte;
“Is féidir linn go léir tacú le tuismitheoirí agus leanaí scoile inár bpobail trí chloí le comhairle sláinte poiblí. Tá freagracht orainn go léir chun ár scoileanna a choimeád ar oscailt tríd an gcomhairle seo a chur i bhfeidhm ar ár saol laethúil. Cuimhnigh ar an bpríomhiompar cosanta, níochán rialta lámh, fad fisiciúil a choimeád amach ó dhaoine eile, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí, na teagmhálacha sóisialta a dhéanann tú a laghdú, bíodh eolas agat ar na comharthaí agus ar cathain aonrú a dhéanamh.”
Dúirt an Dr Sumi Dunne, Dochtúir Ginearálta;
“Is eol dúinn gur tráth imníoch do thuismitheoirí agus caomhnóirí é seo. Tá DGanna fud fad na tíre anseo chun tacú leo. Má bhraitheann tú go bhfuil do leanbh breoite, seachas go bhfuil a srón blocáilte/ag sileadh agus seachas sraothartach shéasúrach, ná cuir ar scoil iad, le do thoil. Coimeád sa bhaile iad, cuir srian ar do ghluaiseachtaí agus déan teagmháil le do DG.”
CRÍOCH