Ráiteas an Taoisigh ar fhoréigean stairiúil i scoileanna na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba léanmhar í fianaise na hoíche anocht a chloisteáil faoin bhforéigean stairiúil a rinneadh ar pháistí sna scoileanna.
Molaim dóibh siúd go léir a d’inis a scéalta.
Táim den tuairim go mbeidh eolas nuashonraithe don Rialtas ar ball beag faoin dul chun cinn atá déanta chun Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú ar mhí-úsáid ghnéasach chléireachais.
Nochtaigh foilsiú na tuairisce scóipe, agus na scéalta pianmhara a insíodh ó shin, cultúr foréigin, cruálachta in aon turas agus mí-úsáid cumhachta a rinnedh íospartaigh de agus a chuir scéin ar na glúnta de pháistí Éireannacha a iompraíonn na créachtaí fós agus a d’iompraigh iad ar feadh a saolta.
Is ualach dofhulaingthe é nach mór dúinn cabhrú leis a mhaolú.
D’éist mé go cúramach le marthanóirí anocht maidir leis an bhfiosrúchán a leathnú agus déanfaidh mé machnamh anois ar an iarratas toisc nach féidir, agus nach cóir, neamhaird a dhéanamh ar a nglórtha nó gan éisteacht leo.
Ní féidir an próiseas seo a bhrostú mar go gcaithfidh sé a bheith i gceart, agus go gcaithfidh go mbeidh meas aige ar mhianta na n-íospartach a tháinig chun tosaigh.
Cloistear anois lena a nglórthaí – díobh siúd a chuireadh ina dtost mar pháistí gan chosaint, fiú díobh siúd a ndearna a dtuismitheoirí iarracht seasamh suas in éadan bharáiste na brúidiúlachta, agus is fianaise dár dtráma náisiúnta í a gcrógacht cuimhní uafásacha den sórt sin a thabhairt chun cuimhne nach mór dúinn a aithint.
CRÍOCH.